Is cuntas mion ar a shaol Eoghan Ó Tuairisc: beatha agus saothar (1988) le Máirín Nic Eoin. Níl aon scríbhneoir Gaeilge ar tugadh an oiread sin eolais ina thaobh. Sa réamhrá atá ag an mbeathaisnéisí luann sí an fáth atá leis sin:

Is é aidhm an leabhair seo ná toise na beathaisnéise i saothar liteartha Eoghain Uí Thuairisc a ríomh. Féachfar go háirithe ar an gcaoi ar mhúnlaigh a thaithí saoil a fhorbairt mar scríbhneoir agus scrúdófar an gaol idir cúinsí a bheatha agus ábhar, cineál agus stíl an tsaothair féin.

I mBéal Átha na Sluaighe ar 3 Aibreán 1919 a rugadh é (Eugene Rutherford Watters). Ó 1913 bhí a athair Thomas Watters sna Connaught Rangers. Roimhe sin is ina phrintíseach i ngnó gréasaíochta a bhí sé. Gortaíodh sa lámh ag an Somme é agus bhí gnó tacsaí aige i ndiaidh an chogaidh. Scéalaí maith ba ea é agus dúil aige san amharclannaíocht amaitéarach. Is dó a thiomnódh Eoghan an saothar ba thábhachtaí leis, The week-end of Dermot and Grace. Ba í a mháthair Maud Sproule, iníon le Rutherford Sproule, ball de na Plymouth Brethern a bhí tamall ina stíobhard talún. Bhí deartháir agus beirt deirfiúracha ag Eoghan agus bhí an teaghlach ina gcónaí ar dtús i seanteach ar Chnoc Dhún Leodha i mbaile Bhéal Átha na Sluaighe agus ansin i dteach cabhnsail i mBreacarnach sa bhaile céanna. Fuair sé bunscolaíocht i Scoil Náisiúnta Naomh Greallán. Thug scoláireacht Choiste na bPáistí chuig an Spidéal é in 1932. Bhuaigh sé scoláireacht i gColáiste Naomh Seosamh, An Garbhaile. Scoláire lae ba ea é ar dtús agus ansin bhí sé ina scoláire cónaithe. Trí Ghaeilge a dhéantaí na scrúduithe go léir ann. Bhuaigh sé scoláireacht den chéad ghrád sa Mheánteistiméireacht in 1935 agus ghnóthaigh lánmharcanna sa Ghréigis, móide an deich faoin gcéad de bharr na Gaeilge. Thabharfadh scoláireachtaí Ardteistiméireachta go dtí ceann de na coláistí ollscoile é ach go raibh a mhuintir róbhocht chun go nglacfadh sé leo.

Fuair sé an chéad áit sna scrúduithe deiridh i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, in 1939. Fostaíodh é mar mhúinteoir náisiúnta i Ráth Fearnáin. Chaitheadh sé an chuid is mó dá laethanta saoire samhraidh mar oifigeach coimisiúnta san arm i rith na hÉigeandála 1940-45. Chuirfeadh sé an taithí seo ar an saol míleata chun tairbhe ina úrscéalta stairiúla L’attaque agus Dé Luain. In 1943 thosaigh sé ar chúrsa oíche le haghaidh BA sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ghnóthaigh sé céim mháistir i litríocht an Bhéarla in 1947. Rinne sé staidéar as a stuaim féin ar an bhFraincis, Spáinnis agus an Iodáilis. Phós sé an péintéir Úna Nic Dhomhnaill, neacht le Brian Ó hUiginn, ar 10 Iúil 1945. Chaith siad mí na meala ag taisteal ar fud an deiscirt le capall agus carabhán. Chuaigh siad chun cónaithe i gCeapach i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Ó 1940 bhí post múinteora aige i Scoil Naomh Cainneach i bhFionnghlas.

Idir 1936 agus 1942 bhí a chéad aistí Gaeilge i gcló aige in Gearrbhaile, bliainiris a sheancholáiste. Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar ghearrscéal agus ar an dán ‘An Londubh sa Choill Phéine’ in 1947. Bhuaigh ‘Oíche Nollag’ (‘Dá mbeadh mileoidian agamsa / Ní bheadh Críost gan cheol anocht’) duais Oireachtais dó in 1948 agus bheadh ar cheann dá dhánta aitheanta. Bhí ‘An Gunnadóir Mac Aoidh’ in Feasta, Deireadh Fómhair 1949 agus roghnaíodh in Nuabhéarsaíocht (1950) é. Craoladh a chéad véarsdráma Droichead Átha Luain ar 18 Eanáir 1950. Bhí ainglis air in 1951 agus b’éigean obráid a dhéanamh ar a scornach. Fágadh bolgshúileach é agus is galar é a bheadh ag bagairt air go deireadh. Bhuaigh sé duais ar script gheamaireachta ‘Ulyssés agus Penelopé’ i gcomhair Amharclann na Mainistreach in 1955. Léiríodh in Amharclann na Banríona í ar 26 Nollaig 1955. Bheadh baint aige le formhór na ngeamaireachtaí Gaeilge ina dhiaidh sin. In 1958 bhí an sraithchlár raidió ‘Ilsiamsa samhraidh’ á scríobh aige féin agus Tomás Mac Anna.

Bhí sé difriúil le scríbhneoirí na linne sa mhéid go scríobhadh sé sa dá theanga. Anuas go 1960 b’fhéidir gurbh i mBéarla agus faoina ainm Eugene Watters is mó a bhíodh sé ag scríobh. Ní áiríodh sé é féin ar lucht athbheochana na Gaeilge ach b’fhearr an deis a bhí ann go bhfoilseofaí a dhéantús Gaeilge. Shíltí a shaothar Béarla a bheith ródheacair nó ró-intleachtúil. Is i mBéarla a bhí a chéad leabhar, Murder in three moves, úrscéal a d’fhoilsigh an foilsitheoir nua Allen Figgis in 1960. Bhuaigh Na mairnéalaigh, véarsdráma, Duais na Comhairle Ealaíona an bhliain sin agus craoladh é ar 24 Bealtaine 1960. Léiríodh den chéad uair é sa Damer i Márta 1962. Géilltear gur mhúinteoir den scoth a bhí ann ach d’éirigh sé as an múinteoireacht Nollaig 1960. Feasta, cé is moite de thréimhsí gairide, bheadh sé ina scríbhneoir lánaimseartha agus bheadh ganntanas ioncaim ag cur air go síoraí. Léiríodh De réir na rúibricí, coiméide, an chéad dráma leis a stáitsíodh in amharclann, in An Taibhdhearc ó 16-19 Feabhra 1961. Leagan Gaeilge é de dhráma Béarla a bhí scríofa aige cúpla bliain roimhe sin. Bhuaigh sé príomhdhuais ag Oireachtas 1961 le Cúirt an mheán oíche. Léiríodh é sa Damer i Meán Fómhair 1961. Deir Máirín Nic Eoin: ‘Níorbh ionann ar chor ar bith an leagan Gaeilge den dráma seo agus an bunleagan Béarla, cé gurb iad an suíomh céanna, na carachtair chéanna, atá le fáil sa dá leagan’. Bhí an leagan Béarla curtha aige chuig Amharclann na Mainistreach in 1958 agus, cé gur thaitin sé leo, shíl siad nach n-oirfeadh sé dóibh.

D’fhoilsigh Allen Figgis a chéad úrscéal Gaeilge in 1962, L’attaque. Dúirt an léirmheastóir Tomás Ó Floinn faoi in Feasta, Meitheamh 1962 gurbh í an chéad iarracht fhiúntach í ar úrscéal staire a scríobh sa Ghaeilge. Moladh go hard é i gcoitinne. Bhuaigh sé duais Oireachtais, Duais an Chlub Leabhar, agus Gradam an Oireachtais dó. Thosaigh sé ar The week-end of Dermot and Grace in 1950 agus lean an chumadóireacht go 1960. Dán fada é a d’eascair as pléascadh an bhuama adamhaigh in Hiroshima, rud a tharla agus é ag filleadh óna mhí na meala. Dar leis féin gurbh é an saothar ab fhearr dár chum sé é. D’fhoilsigh Allen Figgis é in 1964. Deir Mairín Nic Eoin: ‘Tá sé le léamh ar na léirmheasanna . . . gur aithníodh mórthábh­acht agus feabhas an dáin ach gur dheacair é a shuíomh i gcomhthéacs na filíochta a bhí á scríobh sa Bhéarla ag an am’. Scríobh Augustine Martin faoi : ‘The week-end of Dermot and Grace is the most ambitious, and to my mind the greatest poem by an Irishman since Patrick Kavanagh’s The Great Hunger ’ (Studies, Summer 1966 i gcló ag Máirín Nic Eoin). Mhol Máirtín Ó Direáin agus Francis McManus go hard é, agus roghnaigh Brendan Kennelly sliocht as in The Penguin book of Irish verse (1970). Ach cúis díomá aige ar feadh an chuid eile dá shaol nár tugadh aitheantas dó i gcoitinne. B’fhéidir gurbh é an léiriú ba shofheicthe den fhaillí nár tugadh aon iontráil don dán ná don údar in The Macmillan dictionary of Irish literature (1979). D’fhoilsigh Allen Figgis an cnuasach dánta Lux Aeterna in 1964 freisin. Bhuaigh sin Duais Chuimhneacháin Dhubhghlas de hÍde in 1965. Is ann atá an dán Gaeilge is aitheanta dár chum sé, ‘Aifreann na Marbh’. Deir Máirín Nic Eoin faoi: ‘Tá cosúlachtaí idir é agus an dán fada Béarla ach tá “Aifreann na Marbh” níos fuinte agus níos cinnte ná The week-end of Dermot and Grace’. Roghnaíodh Ó Tuairisc agus John Montague mar ionadaithe na hÉireann chuig féile idirnáisiúnta filíochta sa Bheilg in 1965.

Ceapadh é ina eagarthóir ar an míosachán Feasta in 1963. Ar feadh cúpla bliain, gur éirigh sé as in Eanáir 1966, ba gheall le post lánaimseartha é. D’fhág an obair sin go raibh sé den chéad uair, agus den uair dheiridh, páirteach i ngnáthobair Athbheochan na Gaeilge. Ghlac sé páirt fiú san fheachtas náisiúnta síniúcháin ‘Let the Language Live’ in 1964. Thug sé léacht an Oireachtais in 1965. D’éag Úna ar 21 Samhain 1965. Bhí sí gan a bheith ar fónamh le tamall ach ní raibh aon choinne lena bás. Cuireadh í i gCríoch i mBéal Átha na Sluaighe. Deir Máirín Nic Eoin: ‘Thit scamall dorcha drochmhisnigh agus duaircis anuas ar Ó Tuairisc i ndiaidh bhás Úna. D’athraigh an caidreamh réidh nádúrtha a bhí aige le daoine agus d’éirigh sé guagach taomach’. Ina ainneoin sin d’éirigh leis De Luain (1966), úrscéal i dtaobh Éirí Amach 1916, a chríochnú. Aithníodh go raibh forbairt tagtha ar stíl Uí Thuairisc ach, cé gur moladh an leabhar go hard, is beag léirmheastóir a bhí sásta go hiomlán leis. Ní raibh Ó Tuairisc féin sásta leis. Is dóigh le Alan Titley (An tÚrscéal Gaeilge, 1991) nár éirigh leis an fhilíocht agus an tuarascáil a phósadh le chéile mar ba mhian leis. Roghnaíodh é mar théacs don Ardteistiméireacht in 1970 ach fuarthas go raibh sé ródheacair. Ach bhí de thoradh fóinteach ar an eagrán scoile gur thug sé deis do Ó Tuairisc nótaí mínithe a bhreacadh.

Cé is moite den úrscéal sin agus de Lá Fhéile Mhichíl (1967), dráma a léiríodh sa Damer in 1963, i ndiaidh bhás Úna níor foilsíodh aon leabhar Gaeilge leis anuas go 1977. B’fhéidir a rá gur theip féith na scríbhneoireachta air. Bhí an t-uaigneas á chrá agus bhuaileadh taomanna breoiteachta é. Bhí sé ina eagarthóir ar chiclipéad a bhí á beartú ag Allen Figgis agus é i gceist go gcuirfeadh sé leagan Gaeilge ar fáil. Bhuaigh sé Duais an Bhuitléaraigh in 1967. Bhí sé ag obair mar mhúinteoir in ospidéal Cheapaí ar feadh tamaill den bhliain sin. Bhog sé amach as an teach i gCeapach agus in 1968 cheannaigh teach i Maigh Géine, Co. Chill Dara, ar bhruach canálach in aice na Bearbha. Chaith sé tamall ag múineadh i gceardscoil i mBaile an Aicéadaigh agus bhí ina chónaí ar feadh tamaill i gCnoc an Eanaigh, Cill Mhantáin. Bhí sé mór le cúpla bean tuairim an ama sin ach theastaigh compánach saoil go géar uaidh. Tairgeadh post páirtaimseartha i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, dó in 1969 ach dhiúltaigh sé dó. Is ar ais i mBéal Átha na Sluaighe a bhí sé an chuid ba mhó de 1971-72. Is sa bhaile sin ar 12 Iúil 1972, i lár na hoíche, míorúilteach le rá, a casadh Rita Kelly air. Bhí an file seo 19 bliana d’aois agus ba ghairid gur éirigh dlúthchaidreamh eatarthu.

Phós siad ar 28 Nollaig 1972. Chuaigh siad chun cónaithe i dTeach an Locha agus cheannaigh bád le haghaidh an turais ó dhroichead Mhaigh Géine go dtí an teach. Deir Máirín Nic Eoin: ‘Ó thaobh líon na bhfoilseachán de, bhí an tréimhse 1973-1981 ar an tréimhse ba thorthúla i saol liteartha Uí Thuairisc’. Bhí sé éirithe cairdiúil le Desmond Egan, file agus foilsitheoir, agus i bpáirtíocht le chéile scríobh siad Focus: fifty poems analysed (1972). Egan a d’iarr air eagar a chur ar Rogha an fhile (1974), duanaire a d’fhoilsigh Goldsmith Press. Leabhar i gcomhair páistí is ea The story of a hedgeschool master (1974). Le deich mbliana bhí sé ag strachailt le Infinite variety. Dan Lowry’s music hall 1879-1897 (1975). Mar thoradh ar achainí a rinne Caoimhín Ó Marcaigh air thar ceann an fhoilsitheora Mercier, scríobh sé An Lomnachtán. Nuair a foilsíodh é ar 25 Márta 1977 ba é an chéad úrscéal uaidh é le 11 bliana. Léiríodh an ceoldráma Aisling Mhic Artáin in Amharclann na Péacóige ar 4 Deireadh Fómhair 1977 mar chuid de Fhéile Drámaíochta Bhaile Átha Cliath agus foilsíodh mar leabhar é an bhliain dár gcionn. Leis an gceoldráma a bhunaigh sé ar bheatha Uí Chearbhalláin a athosclaíodh Amharclann Halla Damer ar 5 Meán Fómhair 1979. Aistriúchán ar ghearrscéalta le Máirtín Ó Cadhain is ea The road to Brightcity (1981). Cnuasach de dhánta ócáidiúla is ea Sidelines, a diary of poems 1951-1974 (1981). I Márta na bliana sin d’fhoilsigh an Gúm Fornocht do chonac, dráma faoi Phádraig Mac Piarais a bhuaigh Duais Chuimhneacháin an Phiarsaigh. Léiríodh i dTaibhdhearc na Gaillimhe é ó 25 Samhain go 2 Nollaig 1979. Láinseáladh in Inis Córthaidh ar 23 Eanáir 1982 an cnuasach a rinne sé féin agus Rita i dTeach an Locha, Dialann sa díseart. Bhí Duais an Ríordánaigh buaite ag an gcnuasach seo ag Oireachtas 1980. Faoin am seo bhí an teach díolta agus bhí siad ag cur fúthu sa Chéim in Inis Córthaidh mar a raibh post ag Rita. Toghadh é mar bhall d’Aosdána gairid i ndiaidh a bhunaithe agus bhí sé ag fáil ‘cnuas’ airgid uathu ar feadh cúpla mí sular cailleadh é ar 24 Lúnasa 1982. Tá sé curtha i mBéal Átha na Sluaighe. Tá liosta a shaothair, idir fhoilsithe agus neamhfhoilsithe, sa bheathaisnéis a scríobh Máirín Nic Eoin.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú