Is é a mhéid agus a dhoimhneacht a bhí spéis aige sna healaíona go léir idir cheol, litríocht, dhrámaíocht, na healaíona físeacha . . ., agus an t-eolas agus an taithí a bhí aige orthu, is mó a chuaigh i gcion ar iriseoirí agus ar a chomhghleacaithe i gConradh na Gaeilge; níl rud is fearr mar léiriú air sin ná na téarmaí a chaith sé ina eagarthóir ar An Glór agus Feasta. Tá cuntais air: ag Cathal Ó Feinneadha, a bhí ina uachtarán ar an gConradh 1965-68, in Feasta, Samhain 1997; ag Muiris Mac Conghail agus Mícheál Ó hUanacháin in Irish Times 12 Samhain 1997; ag Micheál Mac Aonghusa in Feasta, Márta 1998. I mBaile Átha Cliath a rugadh é 29 Feabhra 1916. Ba iad Patrick Farrell, tiománaí veain, agus Esther Farren a thuismitheoirí agus bhí cónaí orthu ag 47 Sráid Chaoimhín Íochtarach sular aistrigh siad go dtí an Cuarbhóthar Theas nuair a bhí Aodh sna déaga. Bhí triúr deirfiúracha aige. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Synge agus cháiligh mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Fuair sé buanphost i Scoil Eoin Baiste, an Charraig Dhubh, in Eanáir 1937 agus bhí ina dhiaidh sin i gCrois Araild (1938-50), i mBaile an Mhuilinn (1950-65), sa Chúlóg (1965-72) agus i Scoil Haróid i nDeilginis (1972-77). D’éirigh sé as an múinteoireacht i 1977 i ngeall ar dhrochshláinte.

Bhí sé bainteach le Conradh na Gaeilge ar bhealaí éagsúla, é ina rúnaí ar Chraobh Liam Bulfin, ina bhall de Choiste Chathair Átha Cliath, ar an gCoiste Gnó 1951-62 agus ina Thánaiste faoi dhó, ina bhall de Choiste an Oireachtais agus den gCoiste Ealaíne. Bhí sé ina rúnaí oinigh ar Choimisiún na Rincí Gaelacha 1943-61; tá sé tugtha suas dó gurbh é a d’fhorbair an eagraíocht sin i gcaoi gurbh eagras mór idirnáisiúnta ar ball é. Ceapadh ina eagarthóir ar An Glór é i dtús 1944.

Bhí sé ina eagarthóir ar Feasta 1966-1972; roimhe sin bhí sé ar an gcoiste eagarthóireachta agus ina fho-eagarthóir faoi Eoghan Ó Tuairisc, fear a raibh sé an-chairdiúil leis (Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar, 1988 le Máirín Nic Eoin). Deir Ó Feinneadha: ‘Ní raibh a shárú ann mar eagarthóir, agus má bhí locht air, ba é sin go raibh sé chomh tugtha don chríochnúlacht gur shleamhnaigh spriocdhátaí thairis ar uairibh.’ Deir sé go raibh eolas leathan aige ar an gcaighdeán oifigiúil. Deir Mícheál Mac Aonghusa: ‘Ba é a mhúin na comharthaí clódóra dom an chéad lá, agus a thug mé céim ar chéim tríd an iliomad tascanna a bhaineann le foilsiú irise . . .. Bhíodh sé ar a sháimhín suilt nuair a bhíodh sé ag plé scríbhneoirí agus cúrsaí litríochta. Cheil an bealach muinteartha a labhraíodh sé an léann a bhí sa duine agus a mhóreolas ar an litríocht . . . shaibhrigh sé mo shaol. Ba é m’athair baiste san iriseoireacht é.’ Is é a deir Mac Conghail agus Ó hUanacháin: ‘Chruthaigh sé ina eagarthóir stuama tíosach a chloígh leis na hardchaighdeáin ghairmiúlachta agus smaointeachais a bhí buailte ar an iris roimhe ag Seosamh Ó Duibhginn agus ag Ó Tuairisc fá seach. Bhain sé le traidisiún an eagarthóra ná scríobhfadh ach a chuirfeadh gach aon eile ag scríobh dó. An uair, ámh, a bhraith sé easnamh ar an iris, mar a bhraith i gcás an cheoil de, chuir sé Charles Acton an Irish Times ag soláthar ábhair dó i mBéarla, agus dhein sé féin athleagan Gaeilge a chur ar fáil de. Dhein sé cúram ar leith de na healaíona físeacha, agus ba mhinic grianghrafanna de shaothar ealaíontóirí óga i gcló aige i Feasta.’ Bhí cuid mhór de Mhór-roinn na hEorpa siúlta aige. Bhí sé pósta ar Eibhlín Ní Chonchubhair (d’éag 1962), múinteoir agus moltóir rince, agus phós sé Caitlín Nic Mhurchú (McMorrow), meánmhúinteoir, i 1965. D’éag sé 7 Deireadh Fómhair 1997.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú