Fear ildánach: file, úrscéalaí, drámadóir, aisteoir, amhránaí, rinceoir. Tá cuntais air in: Scéala Éireann 30 Eanáir 1960 (‘An Mhuintir s’againne’); ‘Risteárd Ó Glaisne ag comhrá le Lorcán Ó TreasaighInniu 10 Bealtaine 1971; Scríbhneoirí na Gaeilge 1845–1995, 1995 le Seán Ó Cearnaigh; Eolaire Chló Iar-Chonnachta de Scríbhneoirí Gaeilge, 1998; Irish Times 11 Samhain 2006 (‘Radio train compere and acclaimed writer’). Chuir Proinsias Mac Aonghusa agallamh air in earrach 1982 i gcomhair Raidió RTÉ (cartlann raidió RTÉ).

I nDún Laoghaire a rugadh é ar 20 Samhain 1927. B’as an gCarraig Dhubh dá athair, Lorcán, fear a chuaigh le ceird an bhúistéara, agus dá sheanathair; dar le seanchas na clainne gurbh as Co. na Gaillimhe do mhuintir Threasaigh. Bhí sean-Lorcán ina bhall de Chraobh na Carraige Duibhe i mblianta tosaigh an 20ú haois. Ní raibh ach beagán Gaeilge aige ach bhí bá aige léi ó d’fhreastalaíodh sé tamall ar rang Mhichíl Mhig Ruaidhrí, ‘the greatest seanchaí of our time’ (dar le hEoin Mac Néill), a bhí ag garraíodóireacht in Stradbrook Hall, an Charraig Dhubh, san am sin. B’as Dún Laoghaire do mháthair Lorcáin, Julia Ní Cheallaigh, agus síltear gur sa cheantar sin a bhí a muintir roimpi leis na céadta bliain. Bhí deartháir agus beirt deirfiúracha aige. Gaeilgeoirí na deirfiúracha sin. Bhí Gaeilge riamh sa teach agus Lorcán ag fás suas. Anuas air sin bhí caint a sheanmháthar breac le focail Ghaeilge; b’as an Naigín di ar cheantar tuaithe é ar feadh a hóige.

Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i nDún Laoghaire agus d’éirigh leis de thoradh scrúdaithe post cléireachais a fháil in oifig na cuntasaíochta i gCóras Iompair Éireann. I gceann cúpla bliain ceapadh é, de thoradh comórtais, mar compere ar an Raidió-Traein i 1951. An t-iriseor cáiliúil Terry O’Sullivan a bhí sa phost sin tamall gairid roimhe. Um an taca seo bhí staidéar déanta aige ar an amhránaíocht faoi Maestro Adelio Viani, ollamh na hamhránaíochta in Acadamh Ríoga an Cheoil, agus bhí duaiseanna ar óráidíocht, amhránaíocht, comhrá agus filíocht gnóite aige ag Feis Bhaile Átha Cliath 1950. Bhí ceithre chorn buaite aige sa damhsa bálseomra! Ach, thar aon ní eile a d’oiriúnódh é don phost nua seo, bhí teacht i láthair ann agus an chaint go tráthúil aige. B’as tíortha éagsúla cuid de phaisinéirí na Raidió-Traenach agus d’fháiltíodh sé rompu ina dteangacha féin. Bhí de mhéid a eolais ar Éirinn agus a traidisiúin go raibh sé in ann sin a roinnt orthu go héadtrom geal sa tráchtaireacht. Ghabhadh siad buíochas leis faoin léargas ar leith a bhí tugtha aige dóibh. Air a thiteadh sé oiliúint a chur ar na tráchtairí eile agus a gcuid scripteanna a scríobh. Is insuime gur mar ‘máistir’ na Raidió-Traenach a thagraíonn Mac Aonghusa don phost.

Thugadh sé cuairteanna go minic ar an nGaeltacht agus chuir sé aithne ar chainteoirí dúchais Gaeilge i mBaile Átha Cliath, ar amhránaithe go háirithe. Minic go leor sna 1970idí agus na 1980idí bhí sé ag moltóireacht i gcomórtais amhránaíochta an Oireachtais. Ag an Aifreann éagnairce dúirt Liam Mac Con Iomaire go raibh cloiste aige gur chuir a fheabhas a bhí Gaeilge ag cuid de mhuintir na cathrach ionadh ar Mháirtín Ó Cadhain agus gurbh iad Gearailt Mac Eoin, file, agus Lorcán a bhí i gceist aige. Deireadh Lorcán gur imir an tsraith de Cré na Cille in Scéala Éireann i rith 1949 draíocht ar leith air.

Phós sé Cáit Ní Shiúrdáin, Marino, Baile Átha Cliath, ball de Chraobh Móibhí, ar 11 Deireadh Fómhair 1955 agus bhí beirt bhuachaillí agus triúr cailíní acu, ar le Gaeilge ar fad a tógadh iad. Ar feadh scór bliain bhí Cáit ina rúnaí ag Bord Bainistíochta Choláiste Eoin / Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, í ag obair go toildeonach i dtús báire. Chaith sí tamaill ina dhiaidh sin ag obair in Gael Linn agus i Raidió na Gaeltachta (Baile Átha Cliath).

Bhí gearrscéalta i gcló aige in Feasta i rith 1953–1956. Scríobh sé cuntas ar an gcaidreamh a bhí aige le Breandán Ó Beacháin in Feasta, Meitheamh 1964 nuair a d’iarr Eoghan Ó Tuairisc sin air. Ghnóthaigh sé duais RTÉ ar véarsdhráma le ‘Tairseach Neimhe’ (1970). Cnuasach dá dhánta is ea Seamair, 1972; dúirt Risteárd Ó Glaisne ina thaobh: ‘Níl ach 14 dhán ghairide sa leabhar ach tugann sé léiriú cruinn i mbeagán focal ar mheon agus ar phearsantacht an údair. Ar a dhírí, ar a fhuinneamh, ar a mhisneach, cuirim i gcás’. Roghnaigh Ó Tuairisc ceann dá dhánta fada, maille le haistriúchán Béarla, ina dhuanaire Rogha an Fhile, [1974]. Bhuaigh bailiúchán gearrscéalta, Uisce Báis agus Beatha, 1975 duais Oireachtais dó. Leabhair eile leis is ea An Doras Grianlasta, 1983 (úrscéal) agus Turas Éireann, cuairteanna gairide i gContaetha na hÉireann, 1997. Tá aistriúcháin a rinne sé ar dhánta le Yeats i gcló in Byzantium, 1991 in eagar ag Gabriel Rosenstock agus Gearailt Mac Eoin. I 1989 stáitsigh Lyric Theatre Bhéal Feirste a aistriúchán de An Giall le Breandán Ó Beacháin agus craoladh é freisin ar raidió BBC. Fiche dráma leis a craoladh ar raidió RTÉ agus bhí ról aige i gcuid díobh. Ba mhinic ag aisteoireacht é in Halla Damer le linn ré órga na hamharclainne sin agus Proinsias Mac Diarmada i mbarr a mhaitheasa agus a shea mar léiritheoir. Thabharfá leat ón agallamh raidió sin gurbh i gCraobh Móibhí, Conradh na Gaeilge, a thosaigh sé ag aisteoireacht. Bhíodh sé le feiscint i sraitheanna teilifíse mar A hAon is a hAon, Labhair Gaeilge Linn agus sna cláir den cheol traidisiúnta a chuir sé i láthair. Bhí sé bainteach freisin le cláir Outlook 1977 faoi Chnoc Mhuire. Ach, toisc a mhinicí a chraoltaí fógraíocht ghreannmhar faoi UNO Paint agus TV Spongers a d’aithníodh daoine sa tsráid é!

Mar dhuine in oifig chaidrimh phoiblí CIE chuireadh sé eagar ar pháipéar an chomhlachta, Nuacht. Poblachtach ba ea é agus bhí ina eagarthóir tamall ar Leas, páipéar Gaeilge Shinn Féin Shráid Chaoimhín. Bhí dúil aige i dteangacha agus líofacht Spáinnise aige.

Agus é ag trasnú bóthair in aice a thí ar 25 Samhain 1977 leag carr é. Is amhlaidh a brúdh é isteach trí ghloine gaoithe an chairr. Rinneadh dochar dá shúile, dá mheon agus don uile bhall dá chorp agus b’éigean dó dul faoi scian anois is arís. Chuir an tionóisc trí bliana amú air. Níor theip ar a mhisneach, áfach. Le linn dó a bheith míchumasach a tharla gur tháinig deireadh le ré na Raidió-Traenach. Bhí nach mór daichead bliain caite aige i gCóras Iompair Éireann nuair a d’éirigh leis dul ar luathphinsean in aois a 58 dó. Chuir sé tamall maith de bhlianta chun tairbhe ag scríobh, ag taisteal, ag aisteoireacht agus ag garraíodóireacht. Scríobhadh sé go rialta don bpáipéar Southside. Ar feadh i bhfad ní raibh sé ar fónamh sula bhfuair sé bás ar 22 Deireadh Fómhair 2006. Ag cuimhneamh ar a phaiseanta a bhí sé i dtaobh cheol dúchais na hÉireann ní raibh ionadh ar na sochraidigh go raibh baill de na Chieftains i measc na gceoltóirí a sheinn ag an aifreann éagnairce. Cuireadh é i Seangánach, Co. Bhaile Átha Cliath.

Mac leis is ea an scríbhneoir aitheanta Lorcán S. Ó Treasaigh. Ag am a bháis bhí duine de na hiníonacha ina hoifigeach Gaeilge i gContae Loch Garman, duine eile ina haisteoir agus beirt eile dá theaghlach ina n-ealaíontóirí. Bhí naonúr de gharchlann aige féin agus Cáit. Bhí a dheirfiúr Lil Bean Uí Chiardha ina huachtarán náisiúnta ar an Réalt agus chaith an deirfiúr eile, Máire Bean Uí Ghógáin, tamall fada ag obair ar son na teanga i agus i gCúige Uladh, í ina hUachtarán ar Chomhaltas Uladh (1974–1978), tamall freisin ina huachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ina rúnaí ag Éigse Oirialla, agus baint mhór aici i rith fiche bliain leis na comórtha móra a rinneadh ar Chathal Buí Mac Giolla Ghunna, Peadar Ó Doirnín, Aodh Mac Domhnaill, Peadar Ó Dubhda, Énrí Ó Muirgheasa, Peadar Ó Gealacáin, Art Mac Bionaid. Ina hóige bhí sí ina rúnaí ar Chraobh Dhún Laoghaireden Chonradh agus ina dhiaidh sin bhí baint aici le Craobh Dhún Dealgan.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú