Abhcóide, saighdiúir, file, pátrún ag filí agus seanchaithe. Meastar gurbh é an t-aon Chaitliceach amháin é a bhí ag feidhmiú mar abhcóide sna cúirteanna i rith na tréimhse 1691–1720. Sean Ó Donnabháin a dúirt sin i nóta in Annála Ríoghachta Éireann. Is beag má thug aon fhoclóir beathaisnéise aird air. Gheofar cuntas air ag J.C. McDonagh in Studies 36, 1947 (‘Terence MacDonagh: a great Catholic Lawyer’), ag T. O’Rorke in The history of Sligo: town and county, 1889, ag John McTernan in Here’s to their memory, 1977 agus ag Donal O’Sullivan in Carolan: the life times and music of an Irish harper, 1958.

B’as an gCraobhach, i bparóiste Chill Mhic Treana, Co. Shligigh, dó. Toirdhealbhach a bhí ar a athair agus tá seisean luaite i Leabhair Bhardas na Gaillimhe mar ‘baronial collector’ sna blianta 1654–56 (The celebrated antiquary ..., 1996 le Nollaig Ó Muraíle). Bhí Toirdhealbhach óg pósta ar Mary O'Rorke a bhí síolraithe ó Bhrian Ó Ruairc na Múrtha, agus ar neacht léi Mallaí Ní Ruairc, máthair Chathail Uí Chonchubhair, Béal Átha na gCarr; is de bharr na cabhrach a fuair siad ó Thoirdhealbhach a d’éirigh leis na Conchubharaigh greim a choimeád ar 700 acra i mBéal Átha na gCarr.

Thugtaí Toirdhealbhach Caoch agus ‘Blind McDonagh’ nó an Cabhnsailéir air. Nil a fhios cén t-oideachas a cuireadh air. I 1689, bhí sé ina bhall de pharlaimint Shéamuis II thar ceann Shligigh agus bhí sé ina chaptaen i reisimint coisithe an Diolúnaigh in arm Shéamuis, é i gceannas ar gharastún i mBaile an Mhóta sula ndearnadh príosúnach de in aice le hInis Ceithleann i mBealtaine 1689. D’éirigh leis éalú, ní foláir, nó bhí sé i láthair ag cruínniú parlaiminte i mBaile Átha Cliath níos deireanaí an mhí sin. I ndiaidh 1691 lean sé air ag obair sna cúirteanna.

Scríobh sé aoir ar a dheartháir Eoin nuair a d’iompaigh seisean ina Phrotastúnach agus tá véarsa as i gcló ag Tomás Ó Rathile in Dánfhocail, 1921. In Dánta is Amhráin Sheáin Uí Ghadhra, 1955 tá freagra aige ar véarsa a chuir Ó Gadhra chuige agus tá ceathrú eile ag Standish Hayes O’Grady in Catalogue of Irish manuscripts in the British Museum, Vol. 1, 1926 (lch 618). Scríobh Ó Gadhra agus Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin caointe air. D’fhanadh Ó Cearbhalláin agus an staraí Ruairí Ó Flaithbheartaigh ina theach. Bhí a neacht Dolly McDonagh ina cónaí ann agus scríobh Ó Cearbhalláin an t-amhrán ‘Réalta na Maidne’ uirthí (i gcló ag na Máilligh in Amhráin Chlainne Gaedheal, 1905). Tá scéal barúil ina taobh. Is cosúil gur d’fhear gan fortún dar sloinne Ó hEaghra a chum Cearbhallán é i dtreo go bhféadfadh an fear óg é a chanadh faoina fuinneog di. D’fhiafraigh Ó hEaghra ansin den Chabhnsailéir conas a bheadh sé, ó thaobh dlí de, dá bhfuadaíodh sé an bhean óg seo a raibh sé i ngrá léi. ‘Lig don bhean óg tusa a fhuadach agus bíodh an deabhal ag an dlí’ an chomhairle a chuir an fear mór air. An mhaidin dár gcionn chonacthas Dolly ag gríosadh a capaill le fuip agus fear óg ar a cúlaibh ag screadaigh ar Chríostaithe gan ligean di é a fhuadach. Deir O’Sullivan go bhfuil bailéad i dtaobh na heachtra i mbailiúchán Joly sa Leabharlann Náisiúnta. ‘The Young Squire, or the Counsellor outwitted’. D’éag an Cabhnsailéir i 1713 agus cuireadh é faoi thúr mhainistir Bhaile an Dúin i Sligeach.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú