Ní mór í a áireamh i measc na mban ba thúisce a bhí ag scríobh bundrámaí Gaeilge. I mBaile Átha Cliath a rugadh í (Charlotte Mary) 23 Nollaig 1881. Ba iad James Dowling, státseirbhíseach san Oifig Luachála, agus a bhean Marcella, ar Dhúnlaingeach freisin í, a tuismitheoirí. Ba den bhunadh céanna i gContae Laoise an bheirt acu agus bhí siad in ann a nginealach a rianú siar go dtí 1670. Uncail le Marcella ba ea an t-ealaíontóir William Paul Dowling (1824-1878), an tÉireannach Óg, ar cuireadh tréas ina leith sa chúirt 22 agus 23 Meán Fómhair 1848 agus a cuireadh go dtí an Tasmáin. Rugadh naonúr dóibh, a raibh ochtar díobh beo in 1911. I nDaonáireamh na bliana sin sa teach ag 16 Plás Pharnell, Crois Araild, bhí Searlot, múinteoir náisiúnta, a hathair James Patrick (55), a rugadh i mBaile Átha Cliath, a máthair Marcella (51), a rugadh i mBaile Átha Cliath. Ní raibh Gaeilge acu. Bhí siad pósta le 32 bliain. Sa teach freisin bhí James Gerald (17), mac léinn fiaclóireachta, Nora Mary (19), agus John agus Frank, scoláirí. Bhí Gaeilge ag an gclann go léir ach amháin Nora Mary. Mac nach raibh cónaí air sa teach sin ba ea Micheál, fear a raibh ainm na Gaeilge air le fada. Ba eisean, ní foláir, an duine is mó a chuaigh i gcion ar Shearlot. Ach caithfidh go raibh dúil sa teanga ag na tuismitheoirí. Rinne James Patrick gar ar an bPiarsach uair maidir le luacháil Scoil Éanna agus ba mhinic ar cuairt acu é. Chuir siad Seán agus Frank chuig Scoil Éanna.

Ag Oireachtas 1907 bhuaigh Searlot an dara duais ar ‘Taispeántas don mhodh múinteoireachta is fearr a oireann don Ghaeilge’. Fuair sí an dara duais sa chomórtas céanna an bhliain dár gcionn (An Claidheamh Soluis 15 Lúnasa 1908). Tuairiscíodh 30 Eanáir 1909 gur cuireadh dráma Gaeilge ar siúl i dteach mhuintir Uí Dhúnlainge i gCrois Araild (idem). Bhí an dráma trí ghníomh An Leoirghníomh aici in An Claidheamh Soluis 21 Lúnasa 1909 agus bhí an méid seo san iris chéanna 8 Deireadh Fómhair 1910: ‘Play staged by Monasterevan children on 17 March. Instructed by Searlot Ní Dúnlaing who holds the diploma of the Leinster Training College’. Tosaíodh ar An Próca Óir, dráma do leanaí, a fhoilsiú in An Claidheamh Soluis 4 Meitheamh 1910. Bhuaigh sí duais ar dhráma ilghníomh ag Oireachtas 1912. Tá tagairt do An Leanbh Fuadaithe, dráma gairid do pháistí, ar 1 Márta 1913. Bhí scéalta aici in An Claidheamh Soluis in 1910 agus 1913 agus cúpla dráma i gcomhair páistí in 1910 agus 1914. ‘Pupils of the Gaelic Class, Marlboro’ St Schools, will perform an Irish play in the Father Mathew Hall. The title of the play is An leanbh bhí dílis and it is the work of their teacher, Miss Dowling’ (Sinn Féin 2 Bealtaine 1914). Rinne sí cúrsa i gColáiste na Mumhan agus is dóigh go bhfuair sí cáilíocht ansin. Ag am éigin roimh 1916 chuaigh sí isteach sna mná rialta san Good Shepherd Order, Droim Conrach, Baile Átha Cliath. An tSiúr Fionnbharra a hainm crábhaidh. Lean sí uirthi mar mhúinteoir. Drámaí i gcomhair páistí a foilsíodh mar leabhair is ea: An Tobar Naomhtha: dráma beag chun na leanbh i gcóir Lá Fhéile Pádraig, 1915 (Gill); An Solus sa bhFuinneoig: dráma beag i gcomhair na leanbh, 1935; Teacht an Ríogh Bhig: dráma beag i gcomhair leanbhaí, 1941; An tAodhaire ar an sliabh: dráma trí ghníomh (g.d.). Bhí sí cairdiúil leis an Athair Donnchadh Ó Floinn agus ghabh sí buíochas leis i gcuid de na leabhair sin. Bhí fógra in Ar Aghaidh, Aibreán 1944 i dtaobh a dráma nua a bheith foilsithe, Caisleán Órdha. D’éag sí 31 Lúnasa 1953 agus tá sí curtha sa chlochar.

I mBóthar Mespil, 21 Feabhra 1880, a rugadh a deartháir mór Micheál Glenville Dowling. Glenville ba shloinne do dhuine dá sheanmháithreacha. Státseirbhíseach ba ea é. Bhí an scéal ‘Cath Mhaighe Mochruimhe’ á sholáthar aige in Irisleabhar na Gaedhilge ó Mheán Fómhair 1907 go hAibreán 1908. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 2 Bealtaine 1903 é a bheith tofa ina uachtarán ar Chraobh Ráth Maonais. Nuair a phós sé Emily O’Reilly (bean a raibh gaol i bhfad amach aici le Ó Cearbhalláin, cláirseoir) bhí an scéal i bpáipéar an Chonartha 8 Deireadh Fómhair 1910. Ní raibh aon chlann acu agus d’uchtaigh siad leanbh. Nuair a briseadh as a phost é toisc nach dtógfadh sé mionn dílseachta d’oscail sé siopa ag Coirnéal Uí Cheallaigh. Athbhunaíodh é faoin Saorstát in 1922 agus bhí sé ina Chláraitheoir Ginearálta i gClárlann na mBreitheanna, na mBásanna agus na bPóstaí nuair a chuaigh sé ar pinsean. ‘Cluain Fiontain’ ab ainm dá theach in aice le Cábán tSíle, mar a bhfuair sé bás 9 Samhain 1954 (Inniu 19 Samhain 1954). Bhí sé deaslámhach agus tá samplaí ag a mhuintir den chaoi a gcuireadh sé leabhair faoi chumhdach leathair. Ní foláir nó bhí dúil aige sa cheol mar bhí fógra in An Claidheamh Soluis 9 Samhain 1901 go raibh sé ceaptha ina rúnaí ag cumann a raibh de chuspóir aige déanamh agus deisiú píob agus gurbh é a sheoladh 16 Plás Pharnell, Crois Araild.

D’éirigh leis an deartháir Seán bheith ina fhiaclóir. Ag 21 Elmgrove, Feá Cuilinn, Raghnallach, a rugadh é 29 Eanáir 1896. Chuir Uinseann Mac Eoin cuid dá chuimhní i gcló in Survivors: the story of Ireland’s struggle as told through some of her outstanding people ..., 2ú heagrán, 1987. Tar éis dó féin agus dá dheartháir Frank bheith i Scoil Éanna ghlac siad páirt in Éirí Amach 1916 (Lána Marrowbone) agus i gCogadh na Saoirse. Baineann cuid mhaith den chuntas in Survivors leis an bpáirt a ghlac Seán sa Chogadh Cathartha ar an taobh Poblachtach. Thuill sé cáil ó na 1950idí amach leis an troid a rinne sé chun go gcaomhnófaí Príosún Chill Mhaighneann mar shéadchomhartha náisiúnta. D’éag sé 15 Deireadh Fómhair 1988 agus tá sé curtha i nGlas Naíon. Bhí sé pósta ar Johanna Nic Cárthaigh, iníon le ball aitheanta de Chonradh na Gaeilge, Ceallachán Mac Cárthaigh, agus bhí ceathrar cailíní agus ceathrar buachaillí acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú