Ba é an Froinsiasach seo a d’aistrigh Specchio spirituale del principio e fine della vita humana (1595) le Angelo Elli. OFM go Gaeilge faoin teideal Sgathán spioradálta tuairim 1704; tá sé le fáil i gcúig cinn déag de lámhscríbhinní. Bhí an-tóir ar an saothar Iodáilise agus cuireadh 42 eagrán amach sular cuireadh san Index librorum prohibitorum é i 1714; b’fhéidir nár réitigh cibé piseogacht atá ann le teagasc Chomhairle Thrionta. Tá cuntas ag Anselm Faulkner OFM ar Mhac Gabhráin agus ar a aistriúchán i gcló in Breifne 4, uimh 3, 1970 (‘Thomas Magauran O.F.M. [c.1640–1715]’); bhí i gceist ag an scoláire sin an t-aistriúchán a fhoilsiú.

Bhí muintir Mhic Ghabhráin i réim i gceantar Theallach Eathach ón 13ú haois go dtí an 17ú haois. I gContae an Chabháin, i mBaile Mhic Shamhráin, b’fhéidir, a rugadh Tomás: in ionad Milano agus Cremona sa bhunsaothar is amhlaidh a chuir sé Baile Mhic Shamhráin agus Cnoc Ninnidh: ‘... dá mbiadh leathchroidhe an duine a mBaile Mhegabhráin agus an leathchroidhe oile a cCnoc Ninne, adeirim go ndéantar eiséirghe ... san áit is foigsi do shliabh Síon’. Is ar mhainistir sa Chabhán a ceapadh é ina ghairdian nuair ba ghnách gur ar choinbhint ina dhúiche féin a cheaptaí a leithéíd.

Is i leabhair aifrinn Choláiste San Isadóir sa Róimh faoin mbliain 1668 atá an tagairt is túisce dó; dúirt sé Aifreann go minic ann 1669–85. Is cosúil go raibh 16 bliain caite aige san Iodáil tar éis dó céim mháistir sa diagacht a bhaint amach. Ag pointe éigin bhí sé ina dhiagaire ag an gCairdinéal Facchinetti. Bhí sé ina ghairdian sa Choláiste 1681–84, tráth ba cheart de réir uainíochta gurbh é an t-ainmnitheach Ultach a cheapfaí sa phost sin. Roimhe sin, i 1679, nuair a bhí sé ina ghairdian ar mhainistir Capranica scríobh cuid de mhuintir na háite sin in aghaidh an post a bheith aige. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, ar eagla go n-athcheapfaí é, scríobh siad arís ina aghaidh gan fáth a míshásaimh a lua.

D’fhág sé slán leis an Róimh roimh dheireadh 1685 le dul go Sasana. Ghabh sé tríd an mBruiséil. Gearánadh é le rúnaí Propaganda Fide go ndearna sé rud éigin as bealach ach níl fáil anois ar cháipéis ina thaobhsan a cuireadh chuig nuinteas an Phápa i Londain. Shroich sé Londain i 1686 agus rinne iarracht ar shéiplineacht a fháil. Séamus II a bhí i gcoróin agus tugadh cead dó aifreann a rá i séipéal príobháideach na Banríona. Is é a theastaigh ón nuinteas go mbeadh sé ina rúnaí aige féin ó ba shagart cráifeach dúthrachtach, de réir dealraimh, a bhí ann. Ach dúirt Propaganda Fide leis gan é a mheas ar a chosúlacht agus d’ordaigh go rachadh sé go hÉirinn: is in aghaidh a thola a d’fhág sé cúirt an Rí i 1687. Is dá thoradhsan a chuir Propaganda Fide fainic ar uachtaráin Mhic Ghabhráin sa Róimh gan cead a thabhairt do shagairt a raibh drochamhras orthu moill a dhéanamh i Londain.

I Lúnasa 1687 ceapadh é ina sheanmóíri agus ina athair faoistine i Mainistir an Rois, Co. na Gaillimhe. Ní léir aon trioblóidí eile a thitim air as sin amach. Bhí sé ina ghairdian i nDroichead Átha faoí 1689, an post céanna aige sa Chabhán i 1697 agus arís i 1702. Sna blianta 1703-06 bhí sé ina custos sa chúige agus i 1714 ina ghairdian sa Srath Bán. Níl tagairt dó ina dhiaidh sin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú