Agus í ag tagairt do chaomhnú na lámhscríbhinní agus d’fhoilsiú a bhfuil d’eolas stairiúil iontu is é a dúirt Nessa Ní Shéaghdha faoi in Celtica XVII (‘Collectors of Irish Manuscripts’): ‘He is the dominant figure and authority in these matters in the eighteenth century.’ Deireadh Seán Ó Donnabháin gurbh iad a scríbhinní a chéadspreag a spéis sna seanfhoinsí staire. Ba dual don Chonchubharach an dúspéis seo sna lámhscríbhinní; duine dá shin-seanaithreacha ba ea Fearghal Ó Gadhra, pátrún Mhichíl Uí Chléirigh agus a chomhchroiniceoirí. Tá cuntas ar a bheatha in Letters of Charles O’Conor of Belanagare: a Catholic Voice in Eighteeth-Century Ireland, 1980 in eagar ag Robert E. Ward, John F. Wrynn, and Catherine Coogan Ward. Chuir Síle Ní Chinnéide eagar ar a dhialann agus ar a leabhair nótaí in Galvia 1, 1954 (‘Dhá Leabhar nótaí le Séarlas Ó Conchubhair’) agus Galvia 4, 1957 (‘Dialann Í Conchúir’). Chuir Gareth agus Janet Dunleavy eagar ar The O’Conor Papers, 1977. Norman Moore a scríobh an iontráil in Dictionary of National Biography. Tá eolas ar a shinsir agus ar a óige ag Charles O’Conor S.J. in Studies, Márta 1934 (‘Charles O’Conor of Belanagare: an Irish Scholar’s Education’). Scríobh a gharmhac, Charles O’Conor (1764-1828), a bheathaisnéis i 1796, Memoir of the Life and Writings of the late Charles O’Conor, of Belanagare, Esq., M.R.I.A.; níor foilsíodh an dara himleabhar. ‘The Contribution of Charles O’Conor of Belanagare to Gaelic scholarship in 18th century Ireland’ is teideal d’aiste Catherine A. Sheehan in The Journal of Celtic Studies, Iml. 11, Meitheamh 1953 agus tá aiste, ‘Charles O’Conor of Belangare: antiquary and Irish Scholar’, ag Diarmaid Ó Catháin in Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, Vol. 119 (1989). Breandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar . . ., 1996) is fearr a chuireann síos ar a aigne agus a aidhmeanna polaitiúla i gcomhthéacs ‘reitric cheannairceach na bhfilí’. Is fiú freisin cuntas Nollaig Uí Mhuraíle in The Celebrated Antiquary Dubhaltach Mac Fhirbhisigh . . ., 1996 (sa chaibidil ‘Scholarly Legacy’) a léamh.

Ar 1 Eanáir 1710 a rugadh é. Ba é an chéad duine é de sheisear buachaillí agus triúr cailíní a saolaíodh do Dhonncha Liath Ó Conchubhair agus Mallaí Ní Ruairc. Bhí cónaí ar an teaghlach ag an am sin ar an gCnoc Mór, Cill Mhic Treana, Co. Shligigh. Shíolraigh Donncha ó na Conchubharaigh sin a bhí ina ríthe ar Chonnachta agus bhí Mallaí (d’éag 22 Nollaig 1760) síolraithe ó ríthe Bhréifne. Chaill muintir Dhonncha an chuid is mó dá dtailte tar éis dóibh páirt a ghlacadh i gCogadh an Dá Rí. Is de bhrí go raibh Béal Átha na gCarr i ngeall ag Frinsigh Dhún Gar agus go raibh cabhair aige ón abhcóide cáiliúil Toirealach Mac Donnchadha, uncail Mhallaí Ní Ruairc, a d’éirigh le Donncha greim a fháil arís ar Bhéal Átha na gCarr. Is mar seo a mhíníonn an tAthair Charles O’Conor an scéal in Studies: ‘A bill of discovery had been filed against this Donough by Mr French of French-park, under the statute I Anne, cap. 32, but Mac Donough managed to reply so ably, and being supported by the interests of Lord Kingsland and Lord Taaffe, finally succeeded in restoring Donough O’Conor to about seven hundred acres of land which descended to his son, Charles O’Conor of Belanagare, the historian.’ Cé gur i 1701 a tharla sin níor éirigh le Donncha seilbh a ghlacadh ar an talamh go dtí tuairim 1720. Idir dhá linn bhí an teaghlach beo bocht i gCill Mhic Treana. Dar le garmhac Chathail go ndeireadh Donncha lena chlann mhac: ‘Boys, you must not be impudent to the poor; I am the son of a gentleman, but ye are the children of a ploughman.’

Murab ionann is a leithéidí, is in Éirinn amháin a cuireadh oideachas ar Chathal. Bhí a uncail, Tadhg Ó Ruairc OFM, ina easpag ar Chill Ala agus ó tharla an tóir air faoi na Péindlíthe d’fhanadh sé go hanmhinic faoi shloinne bréige i dteach Dhonncha. An fear seo, a bhí tráth ina shéiplíneach ag an bPrionsa Eugene Savoia, is mó a bhí i bhfeighil an oideachais a cuireadh ar Chathal. Tugann an tAthair O’Conor S.J. tuairisc ar na múinteoirí eile. Ar éigean focal Béarla, más fíor, ag duine díobh, Séamas Mac Glaodhmuind. Níor tugadh faillí i léann na Gaeilge agus duine eile dá oidí ba ea Doiminic Ó Duibhgeannáin a thug ‘Annála Connacht’ agus lámhscríbhinní tábhachtacha eile dó. Bhíodh filí oidhreachtúla Uí Ruairc Bhréifne, Coirnínigh, sa teach go minic. Bhíodh Cathaoir Mac Cába ann freisin. Ach ba é Toirealach Ó Cearbhalláin, file agus ceoltóir, an cuairteoir ba cháiliúla dá dtaithíodh Béal Átha na gCarr agus is é a mhúin ceol do Chathal.

I 1727 cuireadh é go hacadamh an Athar Walter Skelton i Sráid an Droichid i mBaile Átha Cliath. I bPáras a cuireadh oideachas ar Skelton agus d’fhoghlaim Cathal léamh na Fraincise uaidh. Bhí cáil na matamaitice ar an sagart seo freisin agus dúil ar leith aige san eolaíocht. Is le linn dó a bheith sa chathair a chuir Cathal aithne ar Sheán agus ar Thadhg Ó Neachtain agus a gcomhluadar agus a chóipeáil sé ábhar as ‘Leabhar Bhaile an Mhóta’ a bhí an t-am sin ag muintir Uí Neachtain. Phós sé Catherine O’Hagan ó Mhainistir na Búille i 1731 agus bhí cúigear leanaí acu. D’éag sí ar 11 Samhain 1741 agus cailleadh duine de na gasúir go luath ina diaidh. Níor tháinig sé in oidhreacht Bhéal Átha na gCarr go dtí 1749 agus is le hairgead Uí Agáin a bhí sé in ann feirm a bheith aige go nuige sin.

Tuairim 1741 a thosaigh sé ag comhoibriú leis an Urramach Thomas Contarine, uncail Oliver Goldsmith a bhfuil carachtar an bhiocáire in The Deserted Village bunaithe air, agus Henry Brooke (c.1703-83), athair Charlotte, chun leabhar ar stair na hÉireann a scríobh. Chuir sé dréacht dar teideal ‘Ogygian Tales’ chuig Brooke a bhí ag beartú, más fíor, é a fhoilsiú faoina ainm féin go dtí gur chuir Contarine d’iachall air é a thabhairt ar ais don údar. Tá a chéad leabhar Dissertations on the Ancient history of Ireland, 1753 bunaithe air. Ní raibh a ainm leis an gcnuasach aistí seo, cé go raibh sé ar an leabhar staire ba scópúla le leathchéad bliain. Tháinig an dara heagrán amach i 1766 agus a thuairimí ar ‘Ossian’ James Macpherson ann; bhí sé ar na chéad scríbhneoirí a thug dúshlán an Albanaigh. An aidhm a bhí aige riamh go gcuirfí ar a súile do phobal an Bhéarla go raibh scríbhneoirí, leithéidí Ussher agus Ware, nach raibh eolach ar na foinsí, ag cur míchlú ar Éirinn. Bhí comaoin curtha air féin ag Ruairí Óg Ó Flathartaigh, dúirt sé, ach bhí sé an-dian ar Chéitinn. De réir mar a bhí sé ag foghlaim bhí a thuairimí luatha i dtaobh lániontaofacht na seanfhoinsí á gceartú aige i gcaoi gur ghearáin Silbhester Ó hAllmhuráin go raibh sé ag cur in aghaidh na seanúdar dúchasacha go léir. Deir Ó Buachalla faoina scríbhneoireacht i gcoitinne: ‘Ní ag caint lena mhuintir féin a bhí Ó Conchúir ach lena máistrí ag iarraidh dul i bhfeidhm orthu le réasún, le loighic, le háitiú fealsúnta, le tláithínteacht.’ ‘So moderate in tone that some readers thought it the work of a large-minded protestant’ a dúirt Norman Moore i dtaobh a Seasonable Thoughts relating to our Civil and Ecclesiastical Constitution, 1753. Agus deir eagarthóirí a litreacha: ‘Perhaps it was a stroke of genius, perhaps just a reflection of his class interest, but the removal of the property disqualifications was for him the essential start in the dismantling of the pernicious system of the penal code.’

Caitliceach an-dílis ba ea é. Ar feadh i bhfad bhí air aifreann a éisteacht in uaimh a dtugtaí ‘Poll an Aifrinn’ air. Bhí sé ar dhuine díobh sin a bhí ó thús ag iarraidh staid eacnamúil na gCaitliceach a fheabhsú agus bhí ar na baill ba cheannasaí sa Choiste Caitliceach. Mholadh sé dá chomhchreidmhigh a bheith dílis don choróinn. Níorbh aon Seacaibíteach é agus mheabhraíodh sé do dhaoine gur Stíobhartach, an Bhanríon Áine, a chuir tús leis na Péindlíthe. Mholadh sé Rí Liam as a mheasarthacht agus a chaoinfhulaingt. ‘Ball den mheánaicme Chaitliceach a bhí tagtha slán,’ a thugann Ó Buachalla air. D’fhoilsigh sé paimfléid agus litreacha go leor le cás na gCaitliceach a léiriú. Íorónach go leor, d’iompaigh a dheartháir óg Hugh a chóta i 1777 d’fhonn gurbh aigesean a bheadh Béal Átha na gCarr; lean an cás ar feadh ocht mbliana agus bhí Cathal go mór as póca de dheasca an tsocraithe a rinneadh. I bhfad roimhe sin, i 1760, bhí an teach tugtha aige don mhac ba shine, i dtreo nach mbeadh air an talamh a roinnt go cothrom ar a pháistí, mar a d’éiligh an dlí, agus bhí aistrithe aige go teach beag san eastát. Thugadh sé cuairt ar an ardchathair go minic.

Caomhnú na lámhscríbhinní agus cur chun cinn na nuathuiscintí i dtaobh seanchultúr na nGael ba obair dá laethanta feasta. Chabhraigh sé le Charles Vallancey, Joseph Cooper Walker, Charlotte Brooke, an Dr Thomas Leland, Tomás Ó Gormáin, an tArdeaspag John Carpenter agus go leor eile. B’fhéidir a rá gurbh é bunú Acadamh Ríoga na hÉireann an toradh ba shuntasaí dá raibh aige in Éirinn a linne; ainmníodh ina bhall é láithreach. Gan amhras is i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath agus go háirithe san Fhochoiste Ársaíochta, a raibh sé ina bhall de, a cuireadh síol an Acadaimh. D’éag sé ar 1 Iúil 1791 agus cuireadh é i reilig in aice le caisleán Bhaile an Tobair.

D’aistrigh sé agus chuir sé eagar ar shaothar Ruairí Uí Fhlathartaigh faoin teideal Ogygia Vindicated against the objections of Sir George MacKenzie, 1775 agus scríobh aistí ar stair réamhchríostaí na hÉireann i sraith Vallancey, Collectanea de Rebus Hibernicis. I 1753 chuir sé eagar ar, agus chuir réamhrá le, Memoirs Iarla Castlehaven, ar cur in aghaidh an leagain Ultra-Phrotastúnaigh ar éirí amach 1641 é (athchló 1815) ach arís níor chuir sé a ainm leis. Scríobh sé A Statistical account of the Parish of Kilronan, 1773. Bhí stair na hÉireann á scríobh aige ach bhí ordaithe aige an saothar a scriosadh mura mbeadh sé críochnaithe aige.

An tAthair Charles O’Conor (1764-1828), a gharmhac, a fuair a chuid lámhscríbhinní le hoidhreacht, ina measc ‘Annála Ríoghachta Éireann’, ‘Annála Thighearnaigh’, ‘Annála Uladh’, ‘Leabhar Aifrinn Stowe’. Ó 1792 go 1798 bhí sé ina shagart paróiste ar Chill Chaoimhín i Ros Comáin ach ansin cheap an Diúc Buckingham agus Chandos é mar leabharlannaí agus mar shéiplíneach dá bhean, ar Chaitliceach í. Tuairimíonn Nessa Ní Shéaghdha gur le súil seilbh a fháil ar na lámhscríbhinní a thug an Diúc na poist sin don sagart corrmhéiniúil seo. In Stowe a bhí teach an Diúic. Ag pointe éigin d’fhostaigh Acadamh Ríoga na hÉireann an sagart chun cibé lámhscríbhinní Gaeilge a bhí sa Vatacáin a chóipeáil. Scríobh sé Rerum Hibernicarum Scriptores Veteres, 4 iml., 1814-26 agus Bibliotheca MS. Stowensis. A Descriptive Catalogue of the Manuscripts in the Stowe Library, 2 iml., 1818. An Diúc a d’íoc costas foilsithe an dá shaothar sin. In 1853 cheannaigh an rialtas an 120 lámhscríbhinn agus tugadh d’Acadamh Ríoga na hÉireann iad in 1883 mar ba mhian riamh leis an seanscoláire féin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú