Bhí sé ar dhuine den dream ba ghníomhaí i gConradh na Gaeilge roimh thús an 20ú haois. B’as an mBunán i gCiarraí dá athair Diarmuid Ó Conchubhair. ‘Diarmuid na Miúlach’ a thugtaí air agus bhí siopa taistil aige sa Ghleann Garbh. Fuair sé bás nuair a bhí Dónall an-óg agus d’aistrigh an mháthair go dtí Neidín, Co. Chiarraí, mar a raibh siopa ag a muintir. Meastar gur Johanna Shea ab ainm di agus gur rugadh Dónall ar 5 Nollaig 1872 i Neidín. Níorbh annamh bean an uair sin ag filleadh ar theach a muintire chun gurbh ann a shaolófaí an chéad leanbh.

Tuairiscíodh in Irisleabhar na Gaedhilge 1 Márta 1895 i dtaobh imeachtaí an Chonartha i mBaile Átha Cliath ar 25 Eanáir: ‘Do bhí dhá bhuíon léinn faoi chúram Dhónaill Uí Chonchubhair agus Eoin Mhic Néill’. É féin, Séamus Ó Cathasaigh agus Pádraig Mac Cathmhaoil a ceapadh 25 Lúnasa 1896 chun na socraithe a dhéanamh don chéad Oireachtas. Thaistil sé síos go Cill Airne go dtí comhdháil mhúinteoirí náisiúnta Gaelacha Chiarraí 27 Lúnasa 1897 thar ceann an Chonartha. Ar 25 Samhain na bliana céanna ceapadh é ina rúnaí ar an gConradh. Tar éis 1900 is annamh a bhíonn a ainm le feiceáil sna hirisí ach amháin i gcás páistí a saolaíodh dó. Ar feadh a shaoil, áfach, bhí sé bainteach leis an gConradh mar iniúchóir gairmiúil agus mhair an caidreamh gnó sin lena mhuintir ó shin. Bhí sé ina bhall den Chumann Liteartha Ceilteach agus de Shinn Féin.

Phós sé Áine Nic Aodha ar 9 Feabhra 1899. Rugadh an chéad mhac Lá ‘le Stiofáin 1899. Bhí cónaí orthu i mBaile Liam, An Charraig Dhubh, an áit arb as d’Áine. Faoi Dhaonáireamh 1911 bhí sé ina bhaintreach 38 bliana d’aois agus beirt mhac aige, Stiofán (11), agus Diarmuid (10) a rugadh in Uíbh Fhailí. Bhí Gaeilge ag na buachaillí sin. In aontíos leo ag 15 Bóthar Phort an Chuilinn, Droim Conrach, bhí máthair a chéile, Elizabeth McHugh. Phós sé Máire Nic Chraith ar 4 Lúnasa 1915 agus rugadh seisear mac agus cúigear iníonacha dóibh.

Deir tuairisc in Scéala Éireann 18 Márta 1935 gur cháiligh sé mar chuntasóir cairte i 1909. Ceapadh é ina léachtóir i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus tá a ainm agus a sheoladh liostaithe in The National University of Ireland, Calendar for the year 1912 i measc an leathdhosaen léachtóirí a bhí fostaithe ag an gColáiste. Bhí an post sin aige gur éag sé. Bhunaigh sé a chomhlacht cuntasaíochta féin agus bhí ina iniúchóir ag Dáil Éireann 1919–22 agus freisin ina chláraitheoir ar na cumainn charthanachta acu. Bhí baint aige leis an gcumann a thugadh cabhair do chleithiúnaithe na nÓglach. Bhí sé tamall ina iniúchóir ag Cumann Lúthchleas Gael. D’éag sé ar 16 Márta 1935 agus tá sé curtha i nGráinseach an Déin, Co. Bhaile Átha Cliath.

Col cúigir leis ba ea Donncha Ó Súilleabháin (1913–1989), ardrúnaí agus staraí Chonradh na Gaeilge agus an Oireachtais.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú