Tá beagán eolais ar a bheatha, chomh maith le heolas ar a shinsir agus a ghaolta, ag Pól Breathnach in Irish Men of Learning, 1947 (‘The Learned Family of Ó Cuirnín’) agus ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr II, 1980. Tá tagairtí d’fhilí den sloinne seo mar ollúna agus filí oidhreachtúla ag muintir Dhomhnaill agus ag muintir Ruairc le fáil ó 1347 ar aghaidh. Níl sé furasta an triúr seo de mhuintir Choirnín a mhair sa leath deiridh den 17ú haois agus sa leath tosaigh den 18ú haois a dhealú ó chéile: Cornán, Cornán óg agus an tAthair Pádraig, ar Chornán a ainm baiste agus ar Phádraig a ainm crábhaidh, más fíor. I 1700 dhíol Cornán Ó Coirnín dhá lámhscríbhinn le Edward Lhuyd. Deir Breathnach: ‘Over a period of about thirty years we find a trace of a Curnán or Cornán Óg, who is also called Father Pádraic Ó Coirnín.... His father’s name was Curnán, and as the owner of the Trinity College manuscripts who met Lluyd was certainly a man of learning and owner of treatises on ancient Law, one is tempted to suggest that the priest was his son. In the greater part of the verse of Curnán Óg there is a good deal of distant imitation of archaic literary style.’

D’aimsigh Mhág Craith in List of the names of Popish parish priests throughout the several counties of the kingdom of Ireland, 1705 ‘Patrick Currin’, sagart paróiste Dhruim Liasd, agus thuairimigh gur dearmad cló é agus gur Curnin an ceart. Tar éis do Mhág Craith tuairimí an Bhreathnaigh a phlé déanann sé an suimiú seo ar an tranglam: ‘Fágann sin go bhféadfaí gurb ionann Pádraig Dubh Ó Coirnín agus the Rev. Patrick Currin, sagart paróiste; gurb é Cornán, file, a athair; agus gur dreatháir dó Cornán óg, scríobhaí. Ach níl sa mhéid sin acht tuairimíocht gan mórán tacaíochta; agus b’fhearr a rá nach bhfuil eolas cinnte ar bith faoin Athair Pádraig Ó Coirnín, i láthair na huaire.’

Is i ngeall ar sheandilseacht mhuintir Choirnin d’Uí Ruairc Bhréifne a bhí baint leanúnach ag Coirninigh le muintir Chonchubhair Bhéal Átha na gCarr. Ba í Maillí Ní Ruairc máthair Chathail Ui Chonchubhair. Luaitear Proinsias Ó Coirnín a bheith ar dhuine d’oidí Chathail agus chum Cornán Óg dánta d’uncail Mhaillí, Tadhg Ó Ruairc, easpag Chill Ala, agus do Dhonnchadh, a fear céile. Tá siad i gcló in Éigse, samhradh 1944 (‘Four Poems by Cornán Ó Coirnin’). Dán luath de dhéantús Phádraig is do Thadhg Ó Rodaighe a scríobh sé é i 1704 (i gcló ag Tomás Ó Raghallaigh in Filí agus Filidheacht Chonnacht, 1938). Duine eile dá phátrúin ba ea Aodh Ó Domhnaill agus tá na dánta a scríobh sé dósan liostaithe ag Tomás Ó Cléirigh in Éigse, earrach agus samhradh 1939 (‘A Poem book of the O’Donnells’). Tuairimíonn Breathnach gur shagart in ord rialta é toisc an dara hainm sin a bheith air, ach nárbh Fhroinsiasach é nuair nár thagair sé don ord sa dán a scríobh sé do Thadhg Ó Ruairc, easpag Froinsiasach.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú