Tá eolas ar a bheatha ag Eleanor Knott in A bhfuil aguinn dár chum Tadhg Dall Ó Huiginn (1550–1591) idir mholadh agus marbhnadh, aoir agus ábhacht, iomarbháigh agus iomchasaoid ..., 1922–26 (Cumann na Sgríbheann nGaedhilge). Cuireadh athchló amach i 1996 agus scríobh Pádraig A. Breatnach réamhrá agus deir: ‘The publication by the Irish Texts Society of the two-volume editio princeps by Eleanor Knott ... was a uniquely important event in the history of Irish literary scholarship. Perhaps not since the appearance well over one hundred years earlier of the first-ever anthology of Irish poetry by Charlotte Brooke... had new ground been broken in the field in a manner comparable .... The work is at once the single most comprehensive scholarly account from primary sources of the life and works of an Irish poet ...’.

Tá Tadhg Dall i measc na mórfhilí a bhfuil cuntais orthu ag Art Ó Beoláin in Merriman agus Filí Eile, 1985 agus deir sé: ‘File clasaiceach ba ea é a bhí sároilte ar a cheird. Chum sé filíocht a thugann pléisíúr agus taitneamh fós ceithre chéad bliain tar éis a ceaptha lena grástúlacht agus a hornáideacht, le líofacht agus foirfeacht na teanga inti.’ Deir Pádraig Ó Macháin in Léachtaí Cholm Cille XXIV: An Dán Díreach, 1994 (‘Tadhg Dall Ó hUiginn: Foinse dá shaothar’): ‘Ceann de ghaiscí móra na haoise seo i saothrú na Gaeilge is ea an t-eagrán a dhein Eleanor Knott d’fhilíocht Thaidhg Dhaill Í Uiginn .... Tré chríochnúlacht an eagráin agus tré fheabhas na n-aistriúchán, tharraing sí aird agus cáil ar Thadhg Dall agus ar a shaothar a bhí ar aon chéim leis an dteist a bhí air lena linn féin.’ Agus deir an scoláire céanna: ‘An teist is fearr ar an seasamh a bhí aige, áfach, ná an lear mór dánta dá chuid atá tagtha anuas chughainn i lámhscríbhinní ón séú haois déag ar aghaidh ...’. 47 dán atá ag Knott ach deir Ó Macháin, agus é ag tagairt do theoiric James Carney go gcumadh file gairmiúil deich ndán sa bhliain ar a laghad, gur tuairim 200 dán a bheadh i gcorpus Thaidhg. Tá na dánta nach bhfuil ag Knott liostaithe ag Breatnach. Deir Knott féin faoin bhfile: ‘I do not think that a better representative of Irish bardic poetry in style, compass of subject, capabilities or limitations could be found than Tadhg Dall Ó Huiginn.’ San aiste ‘D’Fhior Chogaidh Comhailtear Síothcháin’ in Léachtaí Cholm Cille I: Stair, 1971 pléann Cathal Ó Háinle dánta Thaidhg, Eochaidh Uí Eodhasa agus Eoghain Rua Mhic an Bhaird mar fhianaise ar mheon na bhfilí sin i leith chúrsaí náisiúnta a linne. Meastar dearcadh úrnua ag baird i leith na Sean-Ghall a bheith le léamh ar dhán Thaidhg, ‘Fearann Cloidhimh Críoch Bhanbha’. In The Gaelic mind and the collapse of the Gaelic world, 1991 tugann Michelle O Riordan léargas air mar shampla d’fhile a bhí in ann déileáil le pátrúin éagsúla.

Bhí muintir Uiginn in ann, dar leo féin, a nginealach a rianú siar go dtí Niall Naoighiallach. Deir Knott: ‘From the 14th century down the Uí Uiginn of Connacht were celebrated as poets and instructors in the art of poetry .... The literary eminence of the family is frequently referred to...’. Ba é Mathghamhain Ó hUiginn, file a d’éag 1585, athair Thaidhg Dhaill; mac eile leis ba ea Maol Muire (d’éag c.1590) a bhí ina ardeaspag ar Thuaim (tá dánta a leagtar air i gcló in Nua-Dhuanaire I, 1971, Measgra dánta II, 1927 agus in Aithdioghluim dána, 1939). I Luighne, Co. Shligigh, a bhí cónaí ar Mhathghamhain agus ba é Tadhg a tháinig in oidhreacht an talaimh. In Irish Book Lover, Iúil-Nollaig 1937 tugann Énrí Ó Muirgheasa eolas a bhailigh sé i dtaobh na mbailte fearainn a bhí i seilbh Thaidhg. Is in áit ar theorainn Chontae Shligigh agus Mhaigh Eo, san áit a dtugtar Caisleán an Dumha inniu air, ach gur dóigh gur Dumha Chorainn an cheartfhoirm Gaeilge le linn Thaidhg, a bhí cónaí air ar dtús agus ansin i gCúl re Coill. Níl aon fhianaise go raibh sé dall mar a thuigtear sin inniu; bhí sé gearr-radharcach nó ar leathshúil, b’fhéidir. Thug file amháin ‘Tadhg tuadhall’ air : tuairimíonn Knott go gciallódh sin é a bheith dall sa tsúil chlé.

Is dóigh gurbh i Luighne a rugadh é. Dúirt sé féin i gceann dá dhánta gur cuireadh ar altramas é i dTír Chonaill. Cé gur dóigh gur ag a mhuintir a bhí an scoil filíochta i gCeall Cluaine, níl a fhios cá bhfuair sé oiliúint mar fhile. Díreach agus é tagtha in oidhreacht thalamh a athar is ea a ghéill taoisigh Chonnacht a dtailte don choróin chun go bhfaighidís ar ais ar cíos iad. Ina meascsan a d’aontaigh leis an socrú nua bhí triúr de phátrúin Thaidhg: Riocard Mac Uilliam de Búrca; Brian na Múrtha Ó Ruairc; Cormac Ó hEadhra, taoiseach Luighne. Faoin dlí nua chaithfeadh gach fear taoiseach a aithint agus go mbeadh freagracht ag an taoiseach sin as. Roghnaigh Tadhg Cormac Ó hEadhra.

Chaill sé cuid dá phátrúin go luath ina shaol agus is dó sin atá Ó Macháin ag tagairt: ‘Ainneoin a thrioblóidí go léir, agus pé cruatan a d’fhuiling sé ar feadh a shaoil, duine cuíosach gustalach ba ea Tadhg Dall más aon treoir an sealúchas nár bheag a bhí aige nuair a cailleadh é .... Pátrúnacht leathan agus leanúnach a bhí taobh thiar den mhaoin seo mar is léir ó na dánta a mhaireann. Ní gá ach an t-eagrán [Knott] a bhreithniú chun an réimse mór pátrún a thuiscint: Clann Dálaigh, Í Néill, Clann Uidhir, Í Chonchubhair Sligigh, Clann Uilliam Íochtair, Clann Suibhne, Clann Domhnaill, Ó Dochartaigh, Ó Ruairc, Ó Broin, agus dar ndóigh, Í Eadhra.’ Cuireann Ó Macháin Mathghamhain Ó Briain leis an liosta sin. Tá cuntas insuime ag Knott ar a chaidreamh ar phátrún eile, ‘the unidentifiable William Burke’.

I bhfiosrúchán a rinneadh i mBaile an Mhóta 12 Eanáir 1593 tugadh fianaise gur éag Tadhg Dall i gCúl re Coill 31 Márta 1591 agus gurbh é a mhac Tadhg Óg, a bhí in aois naoi mbliana ag am an bháis, a bhí mar oidhre air. I bhfiosrúchán i Sligeach 30 Meitheamh 1617 tugadh fianaise go raibh baint ag seisear, arbh Ó hEadhra ba shloinne do chúigear díobh, le dúnmharú Thaidhg. Deir Knott go bhfuil na focail ‘were attainted of murdering one Teige Dall O Higgen his wife and childe’ déchiallach; b’fhéidir go gciallódh siad gurbh iad a bhean agus a pháiste a dúnmharaíodh. Bhí aoir scríofa ag Tadhg ar sheisear gadaithe de mhuintir Eadhra agus mar dhíoltas bhain siad an teanga as, más fíor. Deir Knott: ‘According to a tradition which has been built upon rather too heavily, he was murdered by some members of the O’Hara clan, incensed by his satire describing them as six thieving vagrants, ragged and poverty-stricken, who in return for his hospitality, had robbed him of his milk. For this murder the evidence ... is very slender, and does not justify the circumstantial accounts given by some modern writers. Yet the tradition cannot be rejected offhand.’ Tá an píosa béaloidis seo ag Ó Muirgheasa: ‘It is said that, after the cutting out of his tongue by the O’Haras, he was hidden for a time in Banada Abbey, and on one of the winding stairs leading from the chapel to the tower his blood used to be pointed out for a long time afterwards. He died while hidden in the Abbey, and was buried convenient to it, but no one now alive can point out his grave.’

Is iad na dánta leis is minice a luaitear: ‘Nodlaig do-chuamair don Chraoibh’; ‘Fearann cloidhimh críoch Bhanbha’; ‘D’fhior chogaidh comhailtear síothcháin’; ‘Tógaibh eadrad is Éire’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú