Ar an bhfear seo, dhealródh sé, a thit bunús na hoibre a bhain le Sean-Tiomna Bhedell a ullmhú le cur i gcló i 1685. Pól a bhí ar a athair freisin agus ba í Cecilia Jordan a mháthair. Ba é Tadhg Óg Ó hUiginn, file, a sheanathair agus ba mhac é siúd le Tadhg Dall Ó hUiginn. D’fhoilsigh Pádraig Ó Moghráin cuntas ar a bheatha in Béaloideas XV, 1945 [1946] agus scríobh Tomás Ó Fiaich cuntas in Ón Chreagán go Ceann Dubhrann: aisti ..., 1992 in eagar ag Diarmaid Ó Doibhlin. Ní léir go raibh aiste Uí Mhoghráin léite ag Ó Fiaich ach tá an dá chuntas ag réiteach le chéile sna príomhphoncanna. An rud is inspéise faoin gcéad aiste an méid béaloidis faoin Uiginneach a bailíodh i gContae Mhaigh Eo. Baineann cuid de sin leis an aighneas a bhí, más fíor, ag Brian Rua Ó Cearbháin, fáidh béaloideasúil, leis agus is ceathrúna agus scéilíní an chuid eile. Shroich na ceathrúna sin chomh fada le Co. Mhuineacháin agus Conamara.

Is é an t-eolas a d’aimsigh Ó Fiaich i gCartlann Choláiste na nGael sa Róimh ina thaobh go ndearna sé staidéar ar an litríocht agus ar an reitric in Éirinn, gur chaith sé trí mhí déag i gColáiste Seville ach, ar mhaithe lena shláinte, gur aistrigh sé go dtí an Róimh. Níor éirigh leis Uiginneach darb ainm Pól a aimsiú i liostaí Seville ach bhí Aonghus Ó hUiginn iontu agus tá sé sásta gurbh é a tharla gur athraigh sé a ainm, rud nach raibh annamh ag mic léinn ag sroicheadh na Mór-Roinne dóibh, a deir sé. Ligeadh Pól isteach i gcoláiste na Róimhe 29 Deireadh Fómhair 1666 agus ba é an chéad Chonnachtach ann é ó 1635. Oirníodh ina shagart é agus thug sé aghaidh ar an mbaile i 1668. Bhí cúrsaí riaracháin agus údaráis trí cheile go mór i ndeoise Chill Ala ag an am agus is i lár an tranglaim sin a ceapadh an tUiginneach ina Bhiocáire Ginearálta ann í 1677–8. Ag an am sin bhí Thomas Otway ina Easpag ar dheoisí Chill Ala agus Achadh Chonaire (Eaglais na hÉireann); chuir Ó hUiginn aithne air agus d’iompaigh ina mhinistir i 1680. I gcuntas an Mhoghránaigh ar an mbéaloideas is ina shagart paróiste in Achús a bhí sé go nuige sin. D’fhógair sé ón altóir ar a phobal gan aon aird a bheith acu ar an diabhal sin Brian Rua Ó Cearbháin. Tar éis an Aifrinn sheas Brian ar thulach bheag agus dúirt: ‘Ní mise an diabhal ach eisean, agus cruthú le mo chuid cainte, tá litir thíos ina phóca aige ó bhean Phrotastúnach, agus trí sheachtain ó inniu beidh sé ina mhinistir gallda, agus beidh sé pósta leis an mnaoi sin’.

Aistríodh Otway go hOsraí agus scríobh sé chuig Diúc Urmhumhan, Tiarna Leifteanant na hÉireann, 17 Samhain 1680 go raibh Ó hUiginn ag fanacht ina theach agus, ó bhí sé cáilithe chun leabhair dhiagachta a aistriú go Gaeilge agus é beo bocht, bhí sé ag iarraidh ar an Diúc post a fháil dó i gColáiste na Tríonóide (litir atá i gcló sa dá chuntas). Deir Ó Fiaich go ndearna an Diúc rud air. Ach tá litir a scríobh Narcissus Marsh, Propast Choláiste na Tríonóide, in Eanáir 1705 chuig cara leis (cuid de i gcló ag Nicholas Williams in I bPrionta i Leabhar, 1986 agus an t-iomlán ag Ó Moghráin) a chuireann cruth eile ar an scéal. Ba é Andrew FitzJohn Sall a luaigh ainm Phóil le Marsh. ‘This man being brought over to the Protestant Religion by Dr. Otway the then Bp. of Killala, and at that time in Dublin, hearing of my design, came and offered his Service to me for that purpose, and finding him a reasonable good Scholar... I agreed with Him for his Diet and Lodging in my Hous, and sixteen pounds per annum to teach all the natives, who were bound to attend Him and as many other Scholars who had a mind to learn to read and write Irish: and to preach an Irish Sermon once a month in the Colledge Chappel at 3 of the Clock on Sundaies in the afternoon ...’. (Tá cur síos an-mhaith Henry Jones, Easpag na Mí, ar rang agus sheanmóirí Uí Uiginn i gcló ag Ó Fiaich). Ansin casann Marsh ar phríomhthéama na litreach, athfhoilsiú an Tiomna Nua agus foilsiú Shean-Tiomna Bhedell, agus míníonn conas mar a bhí Sall, fear darb ainm Mullan, agus Ó hUiginn ag aistriú saothar Bhedell go Béarla i dtreo go bhféadfadh sé féin é a chur i gcomparáid leis an mbíobla ilteangach; má bhí amhras i dtaobh aon phíosa, rud a bhí annamh, dhéanadh siad díospóireacht go n-aimsídís leagan cainte ní ba oiriúnaí.

Ní raibh Sall ar fónamh cuid mhaith den am agus sin é an fáth, is dóigh, a deir Ó Fiaich, gurbh fhéidir gur thit bunús na hoibre ar Phól. Ar bhás Sall in Aibreán 1682 tugadh do Phól na beathúnais a bhí ag Sall i gceantar Theampaill Mhóir i dTiobraid Árann. Deir Ó Moghráin gurbh fhiu £200 sa bhliain iad agus go raibh pobal 300 duine aige. D’éag sé ar 10 Deireadh Fómhair 1724 in aois 96 bliana dó, más fíor a bhfuil scríofa ar a leac thuama i reilig Chill Shléibhe, Teampall Mór. Fuair a bhean Elizabeth bás ar 25 Feabhra 1722 (58), agus a n-iníon Margaret 24 Márta 1704 (18). Dhealródh an scéal gur phós siad tuairim 1682. Ní ghéilleann Ó Moghráin nach fíor an traidisiún gur phós sé nuair a bhí sé in Achús. Tuairimíonn sé gurbh fhéidir go bhfuair an chéad bhean seo bás sular aistrigh Pól go Baile Átha Cliath: ‘Denial of the marriage is merely impugning a tradition which on all other points has shown itself worthy of respect’. Is mar seo a chríochnaíonn Ó Fiaich a chuntas-san: ‘San aois seo an Éacúiméineachais, áfach, is ceart a shaothar fónta a mholadh - an chabhair a thug sé chun eolas ar Ghaeilge a scaipeadh i gColáiste na Tríonóide agus chun an chéad leagan iomlán i nGaeilge a chur ar fáil de Bhriathar Dé.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú