An iontráil in Dictionary of national biography a chuir tús, b’fhéidir, leis na cuntais iomrallacha a mheasc Sall sinsearach (1612–86), Andrew FitzBennet Sall, leis an bhfear seo, botún ar leanadh de fiú tar éis do Andrew Breeze cuntas a thabhairt ar an mbeirt Andrew Sall in Éigse, XXVIII, 1994–5 agus XXIX, 1996. As saothar neamhfhoilsithe an Athar Francis Finegan, ‘A Biographical Dictionary of Irish Jesuits in the Time of the Society’s Third Irish Mission 1598–1773’, a tharraing seisean an t-eolas. Tá eolas ar chúlra mhuintir Sall tugtha ag Paul MacCotter in Irish Genealogist, Iml. 10, Uimhir 2, 1999 (‘A history of the Sall [e] family of Cashel’) ach leanann seisean arís den seaniomrall.

Bhí baint ag Andrew FitzJohn Sall le hathfhoilsiú Thiomna Nua Uilliam Uí Dhomhnaill i 1681 agus bhí sé ar dhuine d’eagarthóirí Shean-Tiomna Bhedell nuair a bhí sin le cur i gcló. I gCaiseal, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é ar 29 Samhain 1624. Chuaigh sé isteach sna hÍosánaigh in Villagarcia de Campos i gceantar Valladolid sa Spáinn agus oirníodh in Valladolid é i 1649. Bhí sé ina reachtaire ar Choláiste na nGael in Salamanca agus chaith tamall i gcoláistí eile sa Spáinn sular cuireadh abhaile go Caiseal é i 1664. Tháinig sé faoi anáil Thomas Price, ardeaspag Protastúnach Chaisil. Is léir go raibh drochamhras ag an ord Íosánach air ó 1669. Scríobh ginearál an oird an bhliain sin: ‘Keep Andrew Sall junior to his duty and make him follow the example of Fr Sall senior.’ Shéan sé an creideamh Caitliceach go poiblí i gCaiseal i 1674. Mhínigh sé na fáthanna a bhí aige leis sin i seanmóir i dTeampall Chríost i mBaile Átha Cliath a d’fhoilsigh sé an bhliain chéanna sin. Ionsaíodh an tseanmóir i roinnt leabhar, ina measc an Doleful fall of Andrew Sall, leis an Easpag Nicholas French.

Chaith sé tamall i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath agus tugadh beathúnais chille arbh fhiú breis agus £300 sa bhliain iad agus bhronn an Coláiste D.D. air. D’fhoilsigh sé A Declaration for the Church of England, 1674 ag moladh teagasc na heaglaise Protastúnaí i dtaobh shlánú ár n-anamacha. Spreag sin saothar úd Nicholas French agus freagraí eile. Chaith sé tamall in Oxford i gColáiste Wadham agus in Christ Church agus bronnadh D.D. air ansin i 1676. D’fhill sé ar Éirinn an bhliain sin agus lonnaigh i mBaile na Lochlannach i mBaile Átha Cliath. Sa bhliain chéanna sin, ceapadh ina sheansailéir ar Chaiseal é agus d’fhoilsigh sé True Catholic and Apostolic Faith. I 1680, scríobh sé Votum pro pace Christiana agus Ethica sive Moralis Philosophia. Le linn dó a bheith i Sasana casadh Robert Boyle air . De réir an DNB chaith sé i leataobh cibé staidéar a bhí á dhéanamh aige ar an bhfealsúnacht d’fhonn cabhrú le beartas Boyle chun eagrán den bhíobla Gaeilge a chur ar fáil. In I bPrionta i Leabhar. Na Protastúin agus Prós na Gaeilge 1567–1724, 1986 tugann Nicholas Williams cuntas ar an obair.

Chuir Sall réamhrá Béarla le Tiomna Nua Uí Dhomhnaill le haghaidh eagráin leasaithe 1682 agus d’aistrigh Aodh Ó Raghallaigh go Gaeilge é. Bhí aistriúchán Uilliam Bedell den Sean-Tiomna á ullmhú aige; bhí an lámhscríbhinn i seilbh Henry Jones, easpag na Mí (d’éag 5 Eanáir 1680/1), agus bhí droch-chaoi uirthi nuair a fuair Sall í. I litir chuig Robert Boyle (i gcló ag T. K. Abbott in Hermathena XVIII, 1913 ) deir Sall: ‘Some ten days ago my lord bishop of Meath sent me the manuscript of the old testament in Irish, a confused heap, pitifully defaced and broken. It was a work of great labour, to bring it into some order. I sent for a bookbinder to bind up what I could gather, of which and another uncouth bulk, sent to me from the college, I hope to make up a complete old testament, by the help of God, and of Mr Higgin [Pól Ó hUigínn], the Irish lecturer.... It will be a work of great labour and no little time, to draw up a clear copy of the whole purged from errors and foolish additions or alterations, interlaced by some unlucky corrector, pretending to criticism in Irish’. Is dóigh le Williams gurbh é William Bedell féin a rinne na ceartúcháin sin. In aiste ar Phól Ó Huiginn (in Ón Chreagán go Ceann Dubhrann, 1992) deir Tomás Ó Fiaich go raibh ar Sall, de réir Narcissus Marsh, sleachta a aistriú as an nua. Fear breoite a bhí i Sall, de réir Uí Fhiaich. Tugann sé sliocht as litir Marsh (i gcló in Hermathena XVIII, 1913): ‘When a quantity of sheets were transcribed, I got Dr Sall (if he were able to come out of his chamber, as he seldom was after this), Mr Higgins, Mr Mullan and the transcriber (and sometimes some other gentlemen well skilled in Irish) to compare the transcript with the original copy, to find whether they agreed: then to render the Irish into English, whilst I had the Polyglott Bible before me, to observe whether it came up to the original’. I mBaile na Lochlannach (Oxmanstown) ar bhruach thuaidh na Life, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí air sa deireadh. Ní raibh coinne le bás Sall ar 6 Aibreán 1682; tá sé curtha in Ardeaglais Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath. I litir chun na Róimhe 1 Bealtaine dúirt an tArdeaspag John Brenan gur tháinig aithreachas ar Sall agus é ag fáil bháis ach gur cailleadh é sula raibh fáil aige ar shagart.

In The Irish character in print, 1968 deir E. W. Lynam gur dóigh gurbh é Sall a scaip an scéal bréagach faoi chló gaclach 1571. Nuair a theastaigh ó Robert Boyle é a úsáid ní raibh fáil air. Dúradh faoi: ‘... by the covetousness of one ... they [na litreacha] were by the Jesuits gotten away and are now at Doway, for Irish prints, some of which I have seen, to my grief, sent hither, further corrupting the people’. Deir Lynam nach bhfuil aon fhírinne sa scéal seo cé gur fior nach bhfuil tuairisc ar an gcló ó shin.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú