An t-easpag seo a bhí i bhfeighil aistriú an tSean-Tiomna go Gaeilge. Dar le Nicholas Williams (I bprionta i leabhar. Na Protastúin agus prós na Gaeilge 1567–1724, 1986) go raibh sé ar na daoine ab iontaí agus ba naofa i stair na hÉireann. Foilsíodh cuid mhaith beathaisnéisí i mBéarla idir 1685 agus 1902, ina measc cinn a scríobh a chliamhain Alexander Clogie, a mhac William, agus Henry Monck Mason. In 1971 foilsíodh The best of the English, a short account of the life and work of the Bishop of Kilmore, William Bedell, and the Irish version of the Old Testament for which he is responsible le Deasún Breathnach. In Seanchas Ard Mhacha, 1977 (‘Bishops and Ministers in Ulster during the Primacy, of Ussher, 1625–1656’) cuireann an tSiúr Phil Kilroy, RSCJ, síos ar a raibh d’aighnis chreidimh ar siúl aige le heaspaig eile agus ar na fáthanna a rabhthas chomh mór sin ina aghaidh. Ag Breandán Ó Madagáin tá an aiste ‘An Bíobla i nGaeilge (1600–1981)’ in An Léann Eaglasta in Éirinn 1200–1900 (1988) in eagar ag Máirtín Mac Conmara. Is é Dr. Bedell and Mr. King: The making of the Irish Bible (2001) le Terence McCaughey an cuntas is deireanaí ar shaothar an easpaig.

In Black Notley, Essex, a rugadh an mac feirmeora seo i mí na Nollag 1571. Piúratánaigh ba ea a thuismitheoirí, John ‘yeoman’, agus Elizabeth Aliston nó Elliston. Bhí ceathrar leanaí acu. Bhí allaire (iarracht de bhodhaire) ar William. I gColáiste Emmanuel in Cambridge, coláiste a raibh cáil an phiúratánachais air, a bhain sé céimeanna BA agus MA amach. Tá curtha ag Williams leis an eolas ar phiúratánachas Bhedell in Léachtaí Choilm Cille XX: An Bíobla in Éirinn. (1990) (‘William Bedell: Piúratánach, Easpag, Aistritheoir’). Oirníodh ina shagart é in 1597. Bhain sé dochtúireacht le diagacht amach in 1602 agus fuair paróiste Bury St Edmonds, Suffolk. Chaith sé an tréimhse 1607–10 ina shéiplíneach ag ambasadóir na Breataine sa Veinéis; d’fhoghlaim sé Iodáilis agus d’aistrigh an Book of Common Prayer go hIodáilis; ann freisin a chuir sé go mór lena eolas ar an Eabhrais de bharr a chaidrimh le raibithe; tá cuntas ag McCaughey ar an raibí ba nótáilte díobh, Leone da Modena. Ar ais i Sasana dó bhí sé anseo is ansiúd in Sussex agus in Essex go dtí 1626. Phós sé baintreach, Leah Mawe, in 1611; bhí clann aici cheana féin agus rugadh iníon agus triúr mac dóibh. Meastar gur toisc gur phiúratánach é nár tugadh aon chéim suas dó i Sasana féin. Piúratánach ba ea James Ussher, Ardeaspag Ard Mhacha, agus in 1627 ba é a mhol don Rí Séarlas I go gceapfaí é ina Phropast ar Choláiste na Tríonóide. Theastaigh go géar ó Ussher go mbeadh scoláire Eabhraise sa choláiste. Chuir Bedell rialacha nua i bhfeidhm ann, ar cheann díobh go bhfoghlaimeodh na mic léinn diagachta ar Ghaeil iad léamh agus scríobh na Gaeilge; bhí orthu freisin freastal ar urnaithe poiblí i nGaeilge ar an Domhnach. Cé go raibh 57 bliana d’aois aige is ansin a thosaigh sé féin ag foghlaim na teanga.

Coisriceadh é ina easpag ar dheoisí na Cille Móire agus Ardachaidh in 1629. Bhí sé i gcoinne péire deoise a bheith ag easpaig agus d’éirigh as deoise Ardach in 1633. In 1631 d’fhoilsigh sé Aibgitir .i. Theaguisg Cheudtosugheadh an Chriostaide; The A.B.C. or the Institution of a Christian, leabhrán 13 leathanach. Deir Williams gur phíosa trialach é. Timpeall 1630 a shocraigh sé go n-aistreofaí an Sean-Tiomna agus gurbh é féin a dhíolfadh costas a fhoilsithe. ‘Eisean a thogh na haistritheoirí agus na scríobhaithe, eisean á chuir an obair a déanamh, agus is faoina chúram díograiseach agus faoina chostas a rinneadh gach dá ndearnadh’ (Williams). Ag cabhrú leis bhí Muircheartach Ó Cionga agus Séamus de Nógla. Ag cabhrú leis in obair na Gaeilge i gcoitinne sa deoise, agus in obair an aistriúcháin freisin, bhí Donncha Ó Sioradáin, deagánach. Faoi 1638–40 bhí dlús curtha le hobair an aistrithe. Fuair a bhean bás i mí an Mhárta 1638. ‘Sometime between that year and 1641 it seems that Bedell had, at his own expense, sent to Holland for the “stamps” to have it printed, and had installed the machinery in the episcopal residence in Kilmore’ (McCaughey).

Bhí go leor ball den eaglais leasaithe nár thaitin leo go raibh bá ag Bedell leis an teanga dhúchais. I gceann an mhéid sin bhí poist tugtha aige do shagairt, ar an aon ábhar amháin go raibh Gaeilge mhaith acu, sagairt a d’iompaigh ina bProtastúnaigh ach a dtéadh cuid díobh ar an drabhlás. Ní raibh ag éirí le Coláiste na Tríonóide an líon sagart le Gaeilge a bhí riachtanach a sholáthar. ‘So Bedell sought to fill the vacuum... by offering inducements to priests and friars and other suitable candidates with competence in Irish to enter the ministry’ (McCaughey). Níor thaitin le cuid dá chomhchreidmhigh ach chomh beag a shimplíocht a mhaireadh sé. Nuair a tharla Éirí Amach 1641 níor thréig sé a dheoise ach thug dídean do theifigh Phrotastúnacha. Gabhadh é féin, a mhic, agus a chliamhain agus a bheathaisnéisí Alexander Clogie. Níor caitheadh go dona leo ach tholg an t-easpag féin fiabhras. Chuaigh sé chun cónaithe i dteach Dhonncha Uí Shioradáin agus is ann a d’éag sé ar 7 Feabhra 1642. Thug an t-easpag Caitliceach cead é a adhlacadh i reilig na Cille Móire taobh lena bhean. Tá cuntas ar an sochraid in A true relation of the life and death of William Bedell (1872), in eagar ag Thomas Wharton Jones don Camden Society agus is léir air gur theastaigh ó na reibiliúnaithe a meas ar Bhedell a thaispeáint. ‘Nuair a scaoileadh urchair os cionn an chónra ghlaoigh siad amach, “Requiescat in pace ultimus Anglorum”. Deirtear freisin go raibh sagart Caitliceach darbh ainm Éamann Ó Faircheallaigh i láthair ag an sochraid. Iarthionónta de chuid Bedell a bhí ann, agus nuair a bhí an chónra á hísliú isteach san uaigh, scairt sé amach, “O sit anima mea cum Bedello’” (Williams). Deir an tSiúr Phil Kilroy: ‘Had there been more of his type the course of the Reformation Church in Ireland might well have been very different.’

Bhí éirithe le Donncha Ó Sioradáin lámhscríbhinn an tSean-Tiomna a thabhairt slán. Thug an Sioradánach don Déan Henry Jones í; bhí seisean ina dhiaidh sin ina easpag ar an Mí agus in 1681 chuir sé í chuig Andrew FitzJohn Sall, a bhí ag cabhrú le Robert Boyle chun an Bíobla Gaeilge ina iomláine a fhoilsiú. Ag amanna éagsúla bhí Pól Ó hUiginn agus Uilliam Ó Duinnín ag obair chun cóip ghlan de shaothar Bhedell a ullmhú. D’fhág sin, agus cibé leasuithe ar an gcóip sin a rinne Aodh Ó Raghallaigh i Londain, gur mór idir an Sean-Tiomna a clóbhuaileadh agus a bhfuil de shaothar Bhedell sna lámhscríbhinní i Leabharlann Marsh agus i Leabharlann na hOllscoile in Cambridge.

Ní raibh síntiúsóirí le fáil agus ba é Boyle a d’íoc an costas nuair a clóbhuaileadh i Londain é: Leabhuir na Seintiomna ar na ttarraing go Gaidhilg tre chúram agus dhúthracht an Doctúir Uilliam Bedel (1685). In 1690 i Londain freisin foilsíodh ar mhaithe le Gaeil Alban An Bíobla Naomhtha, iona bhfuil Leabhair na Seintiomna, ar na ttarruing as an Eabhra go Goidheilg tré chúram agus dhúthrachd an Doctúir Uilliam Bedel. Tá léirithe ag Williams in An Bíobla in Éirinn: léachtaí Cholm Cille XX (1990) go ndeachaigh Bíobla Bhedell i gcion ar An Bíobla Naofa (1981) (‘Bíobla Mhaigh Nuad’).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú