‘Mr Dennis Sheridan, Bedell’s most celebrated convert’ an cur síos a rinne H.J. Monck Mason air in The Life of William Bedell..., 1843. Ba é a thug dídean d’Uilliam Bedell in éirí amach 1641. Tá cáil ar go leor daoine dá shliocht. Tá cuntais air: in Dictionary of National Biography; in The History of Breifne O’Reilly, 1976 le J.J. O’Reilly; in I bPrionta i Leabhar... 1567–1724, 1986 le Nicholas Willliams; in A Traitor’s Kiss: The Life of Richard Brinsley Sheridan, 1997 le Fintan O’Toole.

Is mar Phrotastúnach i dteach John Hill, Déan na Cille Móire, a tógadh an cainteoir dúchais Gaeilge seo. Bedell a d’oirnigh ina mhinistir é ar 10 Meitheamh 1634. Ceapadh é ina bhiocáire ar Chill Laisre, Co. Fhear Manach, ar theorainn an Chabháin, agus bhíodh sé ag cabhrú le Bedell in obair Ghaeilge na deoise agus in aistriú an tSean-Tiomna. Léadh sé paidreacha Gaeilge gach lá in eaglais na Cille Móire ar mhaithe le hiompúchán na gCaitliceach. Phós sé Sasanach dar sloinne Foster agus bhí cúigear mac acu agus cónaí ar an teaghlach i dteach de chuid Bhedell in aice na Cille Móire. I rith éirí amach 1641 d’éirigh leis fanacht cairdiúil le Gaeil agus Gaill agus bhí in ann ar an gcuma sin cabhair a thabhairt do Shasanaigh a bhí i gcruachás. Is ina theach a d’éag Bedell. Deir Williams: ‘Bhí an Sioradánach cairdiúil leis an easpag Caitliceach, agus bhí sé in ann roinnt de leabhair agus páipéir Bhedell a shábháil as teach an easpaig. Orthu siúd bhí an Bíobla Eabhraise a fuair Bedell ó Raibi Leo, agus an lámhscríbhinn a raibh aistriú an tSean-Tiomna inti.’ Thug sé, nó thug a mhac, an lámhscríbhinn sin do Henry Jones

I 1645 tugadh dhá pharóiste dó, Drong agus Láithreach i ndeoise Droma Mhóir. Sa chlann mhac aige bhí: Uilliam, easpag na Cille Móire, an t-aon easpag amháin de chuid Eaglais na hÉireann nach nglacfadh móid dílseachta do Rí Liam, cé gur thug sé léacht cháiliúil, le linn Shéamuis II a bheith i gcoróin, in aghaidh an Rómhánachais; Pádraig, easpag Chluana; Sir Thomas (1646–1712), rúnaí Shéamuis II, a raibh a mhac Thomas ina oide ag Séarlas Óg; James ar mhac leis (dar le ‘Biographical succession list of Kilmore’ le J.B. Leslie, lámhscríbhinn sa Leabharlann Náisiúnta) an Dr Thomas Sheridan (1687–1738), múinteoir cáiliúil, cara mór Swift, athair Thomáis, aisteoir, agus seanathair Richard Brinsley Sheridan agus Alicia Le Fanu, drámadóir. Ba gharmhac le Alicia an t-úrscéalaí Joseph Sheridan Le Fanu agus ba ghariníon le Richard Brinsley an Bantiarna Dufferin (Helena Selena Blackwood), file, a scríobh ‘I’m sitting on the stile, Mary’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú