Rinne an scoláire Breatnach seo rud nach ndearna aon scoláire gairmiúil Éireannach san fhichiú haois, stair litríocht na Gaeilge a rianú ón gcianaimsir go dtí ár n-aimsir féin, Traddodiad Llenyddol Iwerddon (1958). Gheofar cuntais air in: Guardian, 27 Meán Fómhair 1999 (Geraint H. Jenkins); Who’s Who; Studia Celtica XXXIII, 1999 (Proinsias Mac Cana); Proceedings of the British Academy, 2001 ag D. Ellis Evans. In Gwauncaegurwen, sráidbhaile mianadóireachta atá in aice le mianaigh ghuail Glamorgan, a rugadh é ar 17 Eanáir 1912; Breatnaiseoirí neamhaontacha ba ea bunús an phobail ann. Ba iad John R. Williams agus Maria Price a thuismitheoirí; ba é an duine ba shine de thriúr é. Bhí a ainm agus a shloinne chomh flúirseach sin gur ghlac sé le Caerwyn mar ainm breise nuair a bhí sé ina mhac léinn (Mac Cana). B’as Groeslon, Caernarfonshire, in aice le ceantar na gcairéal slinne i dtuaisceart na Breataine Bige, dá athair. ‘His father, a quarryman turned miner, vowed that his bookish eldest son would never be consigned to splitting slate or hewing coal’ (Jenkins). Tar éis dó a bheith i Meánscoil Ystalyfera fuair sé céim sa Laidin agus sa Bhreatnais in Ollscoil Bangor. Mar thráchtas máistir chuir sé eagar ar dhá théacs creidimh sa Bhreatnais; bheadh sé ar ball ina údar aitheanta ar litríocht chráifeach na meánaoiseanna. Trí bliana a chaith sé i mbun taighde in Bangor agus dhá bhliain eile ag múineadh ann. Ó 1939 go 1941 bhí sé i mBaile Átha Cliath agus baint aige le hOllscoil na hÉireann agus Coláiste na Tríonóide araon. Is lena linn sin a bhí sé ag foghlaim Gaeilge ó Mháirtín Ó Cadhain mar mhalairt ar cheachtanna Breatnaise. Deir Mac Cana go ndeachaigh an tamall sin in Éirinn i gcion ar a dhearcadh agus a aidhmeanna acadúla: ‘He often recalled with admiration the narrative skills and inexhaust­ible repertoire of Éamon a Búrc of Carna, and this was evidently the starting point for his own exploration of the storytelling tradition which led in due course to his full-length study, Ystorïwr Gwyddelig a’i Chwedlau (‘The Irish storyteller and his Tales’), 1972.’

Chaith sé tamall ag staidéar chun a bheith ina mhinistir de chuid Eaglais Phreispitéireach na Breataine Bige agus ghnóthaigh BD in 1944. ‘But the lure of Celtic scholarship proved too great’ (Jenkins). In 1945 ceapadh é ina léachtóir Breatnaise in Bangor. Tholg sé an eitinn timpeall an ama seo agus bhí nach mór dhá bhliain san ospidéal. Ceapadh é ina Léachtóir Sinsearach in 1951. Cé gur tairgeadh poist níos sinsearaí dó in Los Angeles, Baile Átha Cliath agus Aberystwyth, d’fhan sé dílis do Bhangor agus in 1953 ceapadh ina Ollamh le Breatnais ann é. Ba é an chéad duine é a fuair seilbh ar chathaoir na Gaeilge in Ollscoil na Breataine Bige in Aberystwyth in 1965 agus bhí ann go 1979. Bhí baint aige le bunú Lárionad Ard-Léinn Cheiltigh agus Breatnaise Ollscoil na Breataine Bige agus bhí ina Stiúrthóir ó 1978 go 1985 nuair a ceapadh é ina Uachtarán; bhí sé sásta agus é ag dul in aois glacadh le post oinigh mar eagarthóir comhairleach sa saothar mór a bhí beartaithe i dtaobh na filíochta cúirte. Théadh sé ag obair sa Lárionad gach lá anuas go dtí tamall gairid roimh a bhás. Meastar gurbh obair éachtach aige é agus gur léiriú ar a chumas ar dhianmhachnamh é go ndearna sé scrúdú grinn ar 12,600 líne filíochta sa tsraith seacht n-imleabhar de The Poets of the Welsh Princes, an dara heagrán (1994) a d’fhoilsigh an Lárionad. Ní raibh aon tréimhse de litríocht na Breatnaise nár fhoilsigh sé ábhar ina taobh agus bhí cur amach aige ar a raibh á scríobh sna teangacha Ceilteacha go léir. Bhí dúil ar leith aige i scríbhneoireacht chruthaitheach i gcoitinne. Ó 1968 ar aghaidh bhí sé ina eagarthóir comhairleach freisin ar an bhfoclóir stairiúil Breatnaise atá á réiteach ag Ollscoil na Breataine Bige.

Ó thosach bhíothas a mholadh go n-aistreofaí Traddodiad Llenyddol Iwerddon (1958) go Gaeilge agus in 1979 d’fhoilsigh an Clóchomhar Traidisiún Liteartha na nGael, le Williams agus Máirín Ní Mhuiríosa; b’fhéidir gur mó de leagan Gaeilge ná d’aistriúchán é agus ní luann na húdair an leabhar Breatnaise sa réamhrá. Tugadh The Irish Literary Tradition amach in 1992 agus is é a deir Williams sa réamhrá: ‘The Irish Literary Tradition is based on Traddodiad Llenyddol Iwerddon . . . which was written for Welsh readers but was welcomed in Ireland as well as in Wales. Indeed, several Irish scholars including the late Professors Máirtín Ó Cadhain and David Greene suggested that it should be translated into Irish and eventually it was published in that language with additional material by the author and Máirín Ní Mhuiríosa .... Other scholars were kind enough to suggest that it should be translated into English and Dr Patrick Forde undertook to produce an English version .... Much new material has been incorporated in this English version which is intended to cover the history of Irish literary tradition down to 1970. It would not have been published at all were it not for the perseverance of the translator and it is right and proper that his name should appear with the author’s on the title page . . .’ D’aistrigh sé cuid de shaothar Phádraic Uí Chonaire go Breatnais. Chomh maith le leabhair i mBreatnais scríobh sé: The Poems of Taliesin (1968); The Court Poet in Medieval Ireland (1972); The Court Poet in Medieval Wales (1997). Ba é a chuir aistriúcháin ar fáil do Anthony Conran le haghaidh Penguin Book of Welsh Verse agus ba é a chuir Literature in Celtic Countries (1971) in eagar. Deir Proinsias Mac Cana: ‘Apart from his many authoritative editions of individual texts in medieval and modern Welsh he developed a special interest and expertise in the whole range of medieval Welsh verse—as exemplified in his revised English version of Canu Taliesin—and it was here, undoubtedly, that he made one of his most valuable contributions to Celtic Studies.’

Thug sé léachtanna statúideacha i Scoil an Léinn Cheiltigh i mBaile Átha Cliath in 1942 agus in 1960. Bhí sé ina eagarthóir ar Studia Celtica 1966-92. I measc na n-onóracha a bronnadh air bhí DLittCelt Ollscoil na hÉireann in 1967. Toghadh é ina bhall oinigh d’Acadamh Ríoga na hÉireann in 1990. Deirtear sa Guardian: ‘Caerwyn Williams refused all offers of honours made by the state . . .’. D’éag sé in Aberystwyth 8 Meitheamh 1999. Phós sé Gwen Watkins, múinteoir ó Abertridwr, in 1946; ní raibh sliocht air. Tá liosta a shaothair tugtha san iontráil in Who’s Who 1999.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú