Bhí an staraí eaglasta seo ina rúnaí ar an Irish Archaeological Society; ba cheannródaí é maidir le staidéar ar Naomh Pádraig; bhí sé i gceannas Leabharlann Choláiste na Tríonóide agus ina uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann nuair is déine a bhíothas ag iarraidh sean-lámhscríbhinní a thabhairt ar ais go hÉirinn. Luann Williams agus Ní Mhuiríosa é (Traidisiún liteartha na nGael, 1979) in aon anáil le Seán Ó Donnabháin, Eoghan Ó Comhraí agus James Hardiman mar scoláire a rinne saothar mór chun iarsmaí na seanlitríochta a chaomhnú. Céad bliain tar éis a bháis thug George Otto Simms ómós dó in ‘The Trinity Monday Discourse’ (in Hermathena, fómhar 1969). Tá cuntais air féin agus ar a dheartháir, Robert Bentley (1809-60), in Dictionary of National Biography. Rugadh é ar 23 Aibreán 1805. Ba é Charles Hawkes Todd, ollamh i gColáiste Ríoga na Máinlianna, a athair agus bhí ochtar mac eile agus seisear iníonacha aigesean agus a bhean, Eliza Bentley; ba é James an duine ba shine díobh. Bhí gaol ag Eliza le Oliver Goldsmith. Ag 5 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, sa suíomh a mbeadh Club Chill Dara ann ar ball, a bhí cónaí orthu. Fuair James scolaíocht sa Luxembourg School, mar a raibh modhanna múinte ar leith ag na múinteoirí teangacha, agus i gColáiste na Tríonóide. Bhain sé céim amach in 1824. Cailleadh a athair in 1826 agus thit cúram na clainne air. Chaith sé seacht mbliana mar phulcaire i gColáiste na Tríonóide. I rith an ama sin bhunaigh sé The Christian Examiner agus rinne iarracht inti stair na hÉireann agus stair na heaglaise a chur i láthair an phobail. Bhí i gceist aige an choimhlint idir an Eaglais Chaitliceach agus Eaglais na hÉireann a chur ar bhonn léannta stairiúil. ‘The maxim of Todd’s life was thenceforth to improve the condition of the Irish established church and promote greater learning among the clergy and knowledge of church history among the people’ (DNB). Síltear gurbh í a spéis sa stair a d’adhain a spéis sa Ghaeilge. Oirníodh é in 1831. Ceapadh ina chomhalta den ollscoil é agus bhí sé ina Ollamh Regius san Eabhrais. Ar feadh a shaoil bhí dualgais éagsúla sa choláiste air agus ag deireadh bhí sé ina chláraitheoir ann. Ba é a d’ullmhaigh an chéad chaileandar a d’fhoilsigh an coláiste, in 1833, agus chuir sé leis cuntas cuimsitheach ar stair na hinstitiúide.

Níor aontaigh sé leis an mbealach inar chuir Cumann Phlás Chill Dara na scríbhinní diaga os comhair na scoileanna gan nóta ná tráchtaireacht leo ná leis an gcóras nua oideachais náisiúnta, a shíl sé a bhí ró-bháiúil leis an Eaglais Chaitliceach. Tharraing sé trioblóid air féin nuair a chuir sé litir fhicseanúil chuig easpaig agus ardeaspaig na hÉireann mar dhea gurbh ón bPápa Gréagóir XVI í agus go raibh seisean ag moladh obair na gCoimisinéirí Oideachais. Deir Simms: ‘Ireland, however, was, generally speaking, not amused. The anonymity was uncovered; Todd admitted authorship and was at pains to explain that the letter was quite an acceptable and respectable literary device. Defoe, after all, had invented Robinson Crusoe and Swift had had his Gulliver. Nevertheless Todd was pilloried for deceit.’ Chuir sé réamhrá mínithe leis an dara heagrán agus maitheadh dó.

Bhí sé mar léachtóir Donnellan sa choláiste 1838-39. Foilsíodh na léachtaí faoin teideal Discourses on the prophecies relating to Antichrist in Daniel and Saint Paul (1840). Níor ghlac sé leis an tuairim, a bhí forleathan i measc na sagart Protastúnach, gurbh é an pápa an tAinchríost. Deir G.K. White in A history of St Columba’s College, 1981: ‘He was much attracted by the Oxford Movement and, although always moderate and level-headed in his churchmanship, he was marked down by Irish Protestants as a dangerous Romaniser: to this erroneous view of him he contributed by combating, in his Donnellan Lectures of 1838-9, the popular Protestant doctrine that the Pope was Antichrist. In fact, his attitude to both Rome and dissent was one of calm disapproval, though he had friendly relations with individual Roman Catholics, with whom he collaborated over matters of scholarship’. Bhunaigh sé cumann i gColáiste na Tríonóide chun staidéar a dhéanamh ar aithreacha na heaglaise agus d’fhoilsigh sé The search after infallibility: remarks on the testimony of the fathers to the Roman dogma of infallibility (1848). Scríobhadh sé in The British critic, iris a raibh a chara John Henry Newman ina eagarthóir air. Bhunaigh sé an Irish Ecclesiastical Journal in 1840.

Ó 1834 i leith bhí sé gafa le heagar maith a chur ar Leabharlann an choláiste. Is fiú a lua gurbh é a thug post mar chléireach ann do James Clarence Mangan agus a d’fhostaigh Seán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraí chun catalóg na lámhscríbhinní a ullmhú, chun iad a chóipeáil agus eagar a chur orthu. Cheannaigh sé Leabhar Dimma ar £150 agus cóip de Foras feasa ar Éirinn ar cheithre ghiní. Ba é a tharraing aird ar Leabhar Cheanannais agus deir Simms: ‘Thus as a result of Todd’s prompting the Book of Kells has become the most noticed book in the Library’s collection.’ Ceapadh ina Leabharlannaí é in 1852. Deir an DNB: ‘He spent what money the board of Trinity College allowed him in buying rare books, and he left the library more than quadrupled as to the number of volumes, with a carefully compiled catalogue.’ Bhí sé ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann ó 1833 amach agus ina uachtarán ar feadh cúig bliana ó 1856. Bhí sé ar na baill ba thúisce a mhol, in 1856, go dtabharfadh an tAcadamh faoi fhoclóir mór Gaeilge a ullmhú agus a fhoilsiú. Thugadh sé cuairt ar leabharlanna i Sasana agus ar an Mór-Roinn chun cóipeanna de lámhscríbhnní a fháil nó cuntais orthu a fháil.

Bhí sé ar bhunaitheoirí an Irish Archaeological Society in 1840 agus ina rúnaí acu. Dúirt Simms faoi sa chomthéacs seo: ‘He brought and kept together men who never before could be induced to act on any common ground for the benefit of Ireland ... for the first time the Regius Professors of Divinity and Hebrew in Dublin may be seen acting together with the President of Maynooth ...’ . D’fhoilsigh an cumann a shaothar Leabhar Breathnach annso sis. The Irish version of the Historia Britonum of Nennius (1848). Chuir sé eagar, i gcomhpháirt lena chara agus a iardhalta William Reeves, ar The martyrology of Donegal Mhichíl Uí Chléirigh in 1864. Foilsíodh Leabhar imuinn : the book of hymns of the ancient church of Ireland ina dhá chuid in 1855-69. Scríobh sé St Patrick, Apostle of Ireland (1864) agus maítear gurbh é ba thúisce a chuir i gcló Cothrige, an t-ainm ba thúisce ag Gaeil ar Naomh Pádraig. Chuir sé eagar ar Cogadh Gaedhel re Gallaibh. The war of the Gaedhil with the Gaill, or The invasion of Ireland by the Danes and other Norsemen (1867) agus chuir sé aistriúchán, nótaí agus ginealaigh leis. É féin agus Samuel Haughton a dheimhnigh, le heolas ar thaoidí agus le fianaise na seanlitríochta, gur ar 23 Aibreán 1014 a troideadh Cath Chluain Tarbh. ‘No man in Ireland has, since Archbishop Ussher, shown equal skill in bibliography, accuracy of knowledge, or devotion to the development of Irish literature’ (DNB). Ní léir conas a chuir sé eolas ar an nGaeilge. Is é a deir G.K. White, cibé brí atá leis, in A history of St Columba’s College (1981): ‘He was stimulated by Sewell to get himself taught the Irish language, which he had spoken vernacularly as a boy.’

Léiríonn White an t-éacht a rinne Todd ar son an choláiste sin. Ba é féin, William Sewell, William Monsell agus Bíocunta Áth Dara (Edwin Richard Wyndham-Quin), ar chairde i nGluaiseacht Oxford iad, a leag amach an scéim. Cuid lárnach dá bhfealsúnacht gur ghá Gaeilge a bheith ag ministrí agus tiarnaí talún chun gnáthmhuintir na tuaithe a tharraingt i dtreo na heaglaise bunaithe. Is é an míniú is simplí ar an difríocht idir iad agus an Irish Society gur leis an eaglais ‘ard’ a bhain an ceathrar agus gur leis an eaglais ‘íseal’ a bhain an cumann. Ba é Todd a d’iarr ar Sheán Ó Donnabháin graiméar Gaeilge a ullmhú do na mic léinn agus thiomnaigh Ó Donnabháin an obair sin dó ‘as an humble testimony to the great value of his exertions in preserving and illustrating the history and language of Ireland.’ Tar éis a bháis dúirt Bardach an choláiste, Robert Rice, gur air a thit cúram iomlán an choláiste ó 1854 amach.

D’éag sé ina theach, ‘Silverton’, Ráth Fearnáin, 28 Meitheamh 1869 agus tá sé curtha i reilig Ardeaglais Naomh Pádraig. Níor phós sé. Ina onóir bhunaigh a chairde léachtóireacht Todd, a bhaineann leis na teangacha Ceilteacha, in Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá liosta a leabhar in DNB.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú