Ag tuairimíocht dóibh i dtaobh na caoi ar lean daoine ag cumadh filíochta i nGaeilge, deir J.E. Caerwyn Williams agus Máirín Ní Mhuiríosa in Traidisiún liteartha na nGael, 1979: ‘Cruthúnas amháin ar bhuaine agus ar neart an traidisiúin is ea an t-ábhar in Amhráin ó dheireadh an domhain (1954) le Fionán Mac Cártha, fear a bhí tar éis fiche bliain a chaitheamh san Astráil gan caidreamh aige le Gaeil ná le Gaeilge’.

Sa réamhrá dúirt Fionán: ‘Suas agus anuas le fiche bliain ó shin a tháinic mise don tír seo, ach fiche focal Gaeilge ní chualas riamh ón lá ar fhágas baile go dtí an lá inniu. Níl Gaeilgeoir i bhfoisceacht míle míle dhom anseo agus ní mór an méid leabhar Gaeilge atá agam ach oiread. Ar an ábhar sin ní raibh cabhair ná comhairle le fáil agam... agus go deimhin ní furas aer na Gaeltachta a choinneáil glan úr ina leithéid seo d’áit. In Astraoile do cumadh na hamhráin seo ar fad...’. Foilsíodh cnuasach dá dhánta Béarla san Astráil faoin teideal The waves of Coolavin timpeall 1945. William Carty an t-ainm atá leis. Dubhghlas de hÍde a scríobh an réamhfhocal.

Bhí ardmheas ag Fionán ar an gCraoibhín agus is í an tagairt is luaithe dó féin go raibh dán aige in The Shanachie agus in Freeman’s Journal ag fáiltiú abhaile ó Mheiriceá roimhe (An Claidheamh Soluis 14 Iúil 1906). D’aimsigh Gréagóir Ó Broin aiste a scríobh sé faoi Chonradh na Gaeilge in The Catholic Leader 26 Márta 1936, páipéar i mBrisbane, agus bhain an sliocht seo as: ‘What manner of man is Douglas Hyde? Nearly 40 years ago when I first heard him he impressed me as a powerful and picturesque personality with a supreme gift of oratory’. Bhí aithne súl aige air, mar sin, chomh fada siar le 1896, b’fhéidir.

Fionán a scríobh Óid an Oireachtais i 1907. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 26 Eanáir 1907 go raibh rang tosaithe sa Bhaile Breac i bhFine Gall agus go raibh Fionán fostaithe mar mhúinteoir. B’fhéidir gurbh é Baile Brigín a bhí i gceist. Tagraíodh d’Fhionán mar dhuine ‘. . . not unknown to An Claidheamh Soluis readers under a certain nom de plume. . .’. Faoi 1909 bhí sé ina mhúinteoir taistil i gceantar Áth Cinn (An Claidheamh Soluis 2 Deireadh Fómhair 1909). Sa Leabharlann Náisiúnta tá litir (Is 3221) a scríobh Fionán chuig an gCraoibhín Lá Bealtaine 1933: ‘Seacht mbliana déag an fómhar seo chugainn an t-am deireanach a bhíos ag Ráth Treá’. D’fhágfadh sin gur i ndiaidh fhómhar 1916 a d’fhág sé Éire.

Casadh a nia agus a chlann mhac ar Ghréagóir Ó Broin san Astráil um Meitheamh 1993 thar ceann údair an chuntais seo. Dúirt siad leis gur rugadh Fionán in 1886 in Achadh Loiste in aice le Bealach an Doirín, go bhfuair sé scolaíocht i gColáiste Naithí i mBealach an Doirín, gur chaith sé 1911–13 ag fáil oiliúna sa Mhodhscoil i Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath, go bhfuair sé post san Ómaigh i 1913, i Scoil na mBráithre Críostaí ann, b’fhéidir, agus faoi 1917 go raibh sé ag múineadh i Sheffield tamall, agus tamall eile i Londain. Dar leo gur i 1918 a shroich sé Queensland.

Dar le taifid Chlárlann na mBreitheanna i mBaile Átha Cliath gur rugadh William Carty do Michael Carty, feirmeoir, agus dá bhean Maria Taylor in Achadh Loiste i gceantar Bhealach an Doirín, Co. Ros Comáin, 31 Eanáir 1886. Deir na mic gur botún litrithe is ea an ‘Taylor’ sin, gur Tyler ba ea a seanmháthair agus go mba Phrotastúnach í. Tá tuairim ag daoine i dTigh Baoithín gurbh as an gceantar sin í. Más fíor, bhí a fhios ag an gCraoibhín cér dhíobh Fionán. Tigh Baoithín an paróiste a bhí ag a athair. Is cosúil gur ‘Will Tyler Carty’ nó fiú ‘Will Tyler’ a d’úsáideadh Fionán uaireanta mar ainm cleite san Astráil.

I nDaonáireamh 1901 bhí 50 bliain d’aois ag an athair agus 49 ag an mháthair, agus bhí an chlann seo in aontíos leo: Annie (19), William (15), Denis (13), Martin (11), Sarah (8), Mary (3). Cuireadh síos go raibh idir Bhéarla agus Ghaeilge ag gach duine sa teach. Tá de dhifríocht idir sin agus tuairisc Dhaonáireamh 1911 go raibh deartháir eile, John (18), sa teach, nach raibh William ann, agus gur tuairiscíodh nach raibh Gaeilge ach ag an athair agus ag Sarah agus Mary.

In Chinchilla, Queensland, a bhí sé ar dtús nuair a shroich sé an Astráil toisc fear gaoil leis a bheith ansiúd. I 1924 phós sé Margaret O’Reilly, múinteoir a rugadh san Astráil tuairim 1893. B’as Co. an Chabháin dá tuismitheoirí agus d’éag sí i 1983 in aois 90 bliain di. Idir 1924 agus 1932 bhí sé ina mhúinteoir in Charleville, in Goondawindi, agus in Dalby. Is ó Rolleston a scríobh sé litir úd 1933 chuig an Craoibhín. Bhuail taom breoiteacha san áit sin é. Is i Scoil an Stáit in Amby a bhí sé nuair a chuir sé dlús le Amhráin ó dheireadh an domhain. Ó 1949 i leith bhí sé i ndrochshláinte. D’éag sé 5 Lúnasa 1953 sular fhoilsigh an Gúm a chnuasach. D’inis a nia Dennis Carty do Ghréagóir scéal a bhí cloiste aige óna mhuintir. Nuair a bhí Fionán ar tí an baile a fhágáil chuir sé crann sa ghairdín. Nuair a d’fhás an crann seo bhíodh a scáth ar fhuinneoga an tí, rud a thug ar dhuine den líontí é a leagan le tua. An lá céanna tháinig an teileagram ag rá go raibh Fionán ar lár! In Dalby, Queensland, atá sé féin agus a bhean curtha.

Dúirt an Craoibhín: ‘Fionán Mac Cártha an file is fearr as Connachta ó cailleadh Raiftearaí’. Ceart go leor, shíl Máire Mhac an tSaoi (Feasta, Meán Fómhair 1954) gur scríobh sé línte nach náireodh Raiftearaí. Ag scríobh faoi dhánta Phádraig Uí Mhileadha agus Fhionáin araon dúirt sí: ‘Is mór an faoiseamh go deimhin don léirmheastóir bheith ag plé le haistí nach gá laige na teanga a mhaitheamh dóibh roimh chur chun breithiúnais. Tá raidhse Gaeilge sa dá leabhar seo. Cad ‘na thaobh más ea go líontar an léitheoir d’éadóchas á gcur di as a láimh? As na suáilcí féin acu a leanann an duáilce. Oiread is comhartha amháin eascartha ná forbairte níl le léamh orthu. An scór bliain a chaith Fionán Mac Cártha san Astráil níl a rian anseo. Amhráin atá cumtha aige mar cumtar i ngach sráidbhaile Gaeltachta agus níl ach an teideal chun a thabhairt le fios gur ó ‘dheireadh an domhain’ dóibh. Tá siad ceolmhar, aerach, gleoite agus seasc’.

D’fhoilsigh Pádhraic Ó Domhnalláin dán leis, ‘Róisín Dubh an Ghleanna’, in Tacar amhrán, [1925] agus chuir an nóta beathaisnéise seo ann: ‘Oide scoile atá ag teagasc i Sasana. As Bealach an Doirín dhó. Rinne an t-amhrán seo sul dá raibh in aois fir’. Tá aiste le Gregory Burns, ‘A bilingual poet in Australia: Fionán Mac Cartha 1885-1953’, in Éire Ireland, Samhradh 1995.

Ach ní cosúil gur chainteoir dúchais Gaeilge é. Thaispeáin duine dá mhic cóip de bhliainiris 1934 Choláiste Naithí do Ghréagóir Ó Broin. Tá aiste dar teideal ‘Céadphort Lon an Doirín’ ag Seosamh Mac Cuinn ann agus bhain Gréagóir an sliocht seo as: ‘Sa bhliain 1898 nó faoin am sin, bhíodh buachaill ag freastal an choláiste seo darbh ainm Mac Cárthaigh—Liam Mac Cárthaigh. Is maith is cuimhneach leis an uachtarán é, buachaill beag bídeach a raibh grá thar cuimse aige do na teangacha, an Béarla, an Laidin, is an Ghréigis—ar ndóigh, ní raibh meas madra ar an nGaeilge an uair sin. Bhí dúil mhór aige i litríocht an Bhéarla, agus bhíodh sé i gcónaí ar a tháirm ag ceapadh véarsaí agus ba mhaith an sás é chucu freisin. Lena linn sin is ea a thosaigh athbheochan na Gaeilge agus ó thús chuir sé suim mhór sa teanga sin. Ní hionann agus a lán eile nár bhac léi, chrom sé ar í a fhoghlaim, agus níorbh fhada go raibh an oiread sin taithí aige inti go raibh sé ag ceapadh filíochta sa nGaeilge...’. In eagrán 1936 den bhliainiris tá dán agus litir ag Fionán. Deir sé sa litir: ‘Rinne mise foghlaim ar an nGaeilge agus gan ionnam ach stócach óg...’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú