I mBaile Átha Cliath a rugadh í ar 5 Meán Fómhair 1906. B’as Cluain Meala dá hathair Tomás Ó Muiríosa. Múinteoir matamaitice a bhí ann i dtús a shaoil - bhí sé ag múineadh an ábhair sin d’Éamonn de Valera i gColáiste na Carraige Duibhe. Ach bhí sé ina Rúnaí Cúnta sa Roinn Oideachais nuair a d’éag sé i 1942. Bhí sé ina iontaobhaí ag Coláiste Laighean agus ina uachtarán ar Chuallacht Mhuire agus Lorcáin Uí Thuathail in eaglais Shráid Gardner, Baile Átha Cliath. Gaeilgeoir ba ea máthair Mháirín freisin. Mary Golden ab ainm di agus b’as Áth na Sceire, Co. Chill Mhantáin, di. B’as Co. an Longfoirt dá hathair agus dá máthair ach bhí siad ag múineadh scoile in Áth na Sceire. Ba ghnách le Tomás Ó Muiríosa agus lena bhean Gaeilge a labhairt le chéile agus thugadh siad Máirín ar saoire leo gach samhradh go dtí an Rinn.

Chaith Máirín tamaill ar scoil i Muineachán agus i Lucsamburg agus ghnóthaigh sí céim sa léann Ceilteach i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Rinne sí M.A. sa Bhreatnais. I 1928 phós sí Pádraig Ó Cinnéide (Rúnaí na Roinne Sláinte 1948–1959) agus rugadh mac agus iníon dóibh. Bhí sí ar fhoireann Choláiste Laighean ó 1929 go 1952. Scríobhadh sí cuid mhaith filíochta i rith na tréimhse sin agus ghnóthaíodh duaiseanna Oireachtais lena déantús. Nuair a bunaíodh an Sunday Press i 1949 bhíodh colún dar teideal ‘Eadrainn féin’ aici ann.

I 1968 foilsíodh a leabhar Réamhchonrathóirí, cuntas ar na daoine a bhí gníomhach ar son na teanga idir’ 1876 agus 1893. Lean sí uirthi ag taighde i dtaobh na gceannródaithe seo agus tá cuid de thoradh na hoibre sin le fáil in Feasta. I 1974 d’fhoilsigh Clodhanna Teo a Gaeil agus Breatnaigh anallód. I 1978 d’fhoilsigh ClóchomharTraidisiún Liteartha na nGael le J. E. Caerwyn Williams agus Máirín Ní Mhuiríosa. Ba é an chéad théacsleabhar i nGaeilge é ar stair litríocht na Gaeilge agus ní hí an ghné is lú tairbhe ann na tagairtí go léir d’aistí údarásacha atá le fáil sna fonótaí.

Bhí Máirín ina rúnaí ag Cumann na Scríbhneoirí ar feadh cúig bliana agus tá cuid dá stair breactha aici in Scríobh 5. Ar feadh ocht mbliana déag bhí sí ina stiúrthóir den Chlub Leabhar agus chaith sí cúig bliana déag ar Bhord na Leabhar Gaeilge. Ceapadh í ina ball de Choimisiún an Ard-Oideachais sna 60í agus ina ball ina dhiaidh sin d’Údarás an Ard-Oideachais. I 1968 toghadh í ina hUachtarán ar Oireachtas na Gaeilge. D’éag sí ar 27 Lúnasa 1982.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú