An péintéir seo a dhear pictiúr de Thomás Ó Criomhthain le haghaidh dheannchlúdach An tOileánach, 1929 agus a mhaisigh Fíon na filidheachta, [1931] le Micheál Breathnach. I mBéal Feirste a rugadh é (Samuel Malachi MacCann) 23 Samhain 1901. Deir Marie Coleman in DIB gurbh í Mary Jane Riddell a mháthair. Tá cuntas air ag Theo Snoddy in Dictionary of Irish artists: 20th century, 2002. Caibinéadaire ba ea a athair, J.P. McCann. Tar éis dó a bheith ar scoil ag na Bráithre Críostaí i mBéal Feirste fuair sé post mar dhearthóir earraí fite i 1915 ach bhí ag freastal ar an Scoil Ealaíne (Béal Feirste) tar éis obair an lae. Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh agus gabhadh é i gContae an Chabháin. Deir Snoddy: ‘He might have remained a designer all his life had he not become involved with an IRA company.’ Daoradh chun báis é agus chaith sé an seacht mí anuas go dtí an sos cogaidh i bpríosún Bhóthar Chromghlinne. D’fhill sé ar an Scoil Ealaíne agus bhuaigh scoláireacht Sorella i 1923; bhí sé ag múineadh sa scoil sin i rith 1924. Bhuaigh sé scoláireacht Dunville an bhlian dár gcionn agus chuir sin ar a chumas trí bliana a chaitheamh i gColáiste Ríoga na nEalaíon, Londain, gur thug abhaile leis an chéim ARCA. Chaith sé bliain ag múineadh i mBéal Feirste agus ó 1929 go 1935 bhí sé ina mháistir ealaíne i gCeardscoil na Gaillimhe. Bhí a shaothar ar taispeáint san Acadamh Ríoga Íbeirneach i 1935. Ceapadh é an bhliain sin ina chigire ealaíne sa Roinn Oideachais. Ó 1937 amach go dtí 1967 bhí sé ina phríomhoide i Scoil Ealaíne Crawford i gCorcaigh. D’éag sé 25 Eanáir 1975. Scríobh sé Irish craftsmanship, 1956. Tá cuid dá shaothar ar taispeáint i nDánlann Crawford, Corcaigh. Deir Snoddy gur chuir sé ‘a rational Gaelic alphabet’ ar fáil sna 1940idí déanacha. Duine dá scoláirí i gCorcaigh ba ea Domhnall Ó Murchadha.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú