Ba é seo an fear ba mhó a rinne a dhícheall ó bunaíodh an stát chun na leasuithe ba ghá ar mhúineadh na Gaeilge a dhéanamh. Bhí sé ina cheannródaí i gcúrsaí modhanna múinte closamhairc. I mBaile Átha Cliath a rugadh é ar 8 Nollaig 1922, an lá a lámhachadh Liam Ó Maoilíosa. Sheas seisean lena athair lá a phósta: Liam a baisteadh air—Colmán a ainm crábhaidh. Ba iad a thuismitheoirí: Gearóid Ó hUallacháin (1894–1 Eanáir 1967) agus Bríd Ní Éigceartuigh (d’éag 23 Nollaig 1978), deirfiúr le Diarmuid (1892–1958) . Tá tuairisc ar a bpósadh in Misneach 11 Márta 1922. Bhí Bríd ina ball den Choiste Gnó ó 1921 go 1925. Bhí sí sna hAisteoirí (Fáinne an Lae 1 Márta 1924). B’as Baile Átha Cliath do Ghearóid agus is i gCraobh an Chéitinnigh a casadh Bríd air. Bhí sé féin agus a dheartháir Pádraig sna Fianna ar dtús agus ansin i mBráithreachas na Poblachta. Bhí Pádraig ina O/C ar an gCéad Chathlán de Bhriogáid Bhaile Átha Cliath. Ghlac siad páirt sna gunnaí a thabhairt i dtír i mBinn Éadair agus i gCill Chomhghaill. Bhí siad beirt páirteach sa ruathar ar an Armlann i bPáirc an Fhionnuisce. Throid siad i Sráid na hArdeaglaise i rith Éirí Amach 1916. Chaith Gearóid tamaill i bpríosún i Knutsford agus Frongoch. Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus bhí ar dhuine díobh sin a mhill innill an Freeman’s Journal agus a ghlac seilbh ar Óstán Gresham sa Chogadh Cathartha. Bhí sé fostaithe ag Bardas Bhaile Átha Cliath mar innealtóir leictreachais go 1943 nuair a d’éirigh sé as a phost i ngeall ar dhrochshláinte. Tá cuntas air in An Gael 1 Meitheamh 1935. Seisear clainne a bhí acu. Chuaigh ceathrar de na mic le sagartacht agus chuaigh an iníon ba shine isteach sna Doiminicigh (An tSiúr Caoimhín). Tá cuntas ar an gclann sa tuairisc ar phósadh na hiníne eile, Bríd, in Inniu 28 Deireadh Fómhair 1962 faoin teideal ‘Pósadh idir dhá theaghlach thírghrácha’.

Bhí Colmán i Scoil Phádraig i nDroim Conrach sula ndeachaigh sé go Coláiste Mhuire. Chuaigh sé isteach in Ord San Proinsias i 1940. I gColáiste Ollscoile na Gaillimhe i 1944 ghnóthaigh sé céim i stair agus i nGaeilge le céad onóracha. Sna 1940idí a d’éirigh sé cairdiúil le Tomás Ó Fiaich. ‘An cara is dlúithe a bhí aige i gcaitheamh a shaoil’ an tagairt atá ag Diarmaid Ó Doibhlin dó in ‘Tomás Ó Fiaich—saol agus saothar i Maigh Nuad’ (Maigh Nuad: Saothrú na Gaeilge 1795–1995, 1995 in eagar ag Etaín Ó Síocháin). Ghnóthaigh sé Ph.D. i Lováin i 1953; staidéar ar shaothar fealsúnachta Duns Scotus ba ea a thráchtas dochtúireachta. Ag Oireachtas 1948 bhuaigh sé an chéad duais ar aiste i dtaobh ‘Ceardaighnis agus a réiteach’. Chaith sé seal ag teagasc na fealsúnachta trí Ghaeilge i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe agus ceapadh é ina ollamh le loighic agus le heitic i Maigh Nuad. Bhunaigh sé féin agus Tomás Ó FiaichAn Sagart. agus sholáthraíodh Colmán ‘Foclóir an tsagairt’ ann, téarmaí don sagart agus é i mbun a dhualgas. ‘Dá gceadófaí do Cholmán leanúint de cheird an fhealsaimh d’fhéadfadh sé a bheith ina shaoi mór nó b’fhealsamh ó dhúchas é, urraim aige don fhírinne agus tuiscint aige don síoréileamh a dhéanann an fhírinne orainn. . . . Ba í a thuiscint ar riachtanais na hAthbheochana a sheol i mbealach na teangeolaíochta é’, a scríobh Odhrán Ó Duáin in An Sagart, Earrach 1980. Bhain sé céim sa teangeolaíocht amach i 1963 in Ollscoil Georgetown sna Stáit Aontaithe. Ba é a bhunaigh an Teanglann i Rinn Mhic Gormáin in Eanáir 1962 agus bhí sé ar an gcéad ionad dá leithéid in Éirinn.

Ceapadh é ina Stiúrthóir ar Institiúid Theangeolaíochta Éireann i nDeireadh Fómhair 1967 nuair a bunaíodh í. Nuair a thuig sé go raibh an maorlathas ag cur moille ar an obair a bhí geallta thug sé léacht phoiblí i dTeach an Ard-Mhéara ar 22 Márta 1971. Labhair sé go searbh faoin gcaoi ar caitheadh leis an Institiúid. ‘Is fada ó d’aithin sé an cúlsleamhnú oifigiúil atá á dhéanamh ón nGaeilge agus níor leasc leis rabhadh a thabhairt faoi’ (Ó Duáin). ‘Bhí sé tar éis litir a fháil ón Dr Joshua Fishman a léirigh nach raibh an rialtas dáiríre faoin Institiúid ach go raibh ollphlean acu chuile dhul chun cinn a mhoilliú’ (Fidélis Mac Éinrí O.F.M. in Feasta, Nollaig 1979). Briseadh as a phost é go luath ina dhiaidh sin. Chaith sé seal ag obair i gceardscoil i nDroichead Átha sula bhfuair sé post léachtóra in Ollscoil Nua Uladh i gCúil Rathain mar Léachtóir Sinsearach agus mar Cheann ar Roinn an Léinn Éireannaigh. ‘Léadh sé Aifreann go rialta do na príosúnaigh i gcampa géibhinn na Ceise Fada agus ba anamchara é ag a lán’ (Odhrán Ó Duáin). Scríobh Diarmaid Ó Doibhlin in An tUltach, Samhain 1979 ar ‘an tírghráthóir mór, an teangeolaí mór a raibh cáil idirnáisiúnta air, an bráthair bocht d’ord San Froinsias nár spáráil é féin ariamh’. Ní chaillfeadh Diarmaid cuimhne go deo ‘ar scaifte dá mhic léinn istigh i seomra léachta in Ollscoil Nua Uladh, iad ag éisteacht scéal a bháis, agus iad, duine ar dhuine, agus na deora leo gan náire’. D’éag sé ar 20 Deireadh Fómhair 1979 i gContae na Mí. An tAthair Tomás Ó Fiaich a thug an t-aitheasc os cionn na huaighe. Chuirtí i leith na beirte gur bhris siad cruinniú den Language Freedom Movement ar 21 Meán Fómhair 1966 trí chiréib a eagrú.

Tá liosta a shaothair in The Irish and Irish—a sociolinguistic analysis of the relationship between a people and their language, in eagar ag an Athair Patrick Conlan OFM, 1994. Seo leabhar a raibh an chéad dréacht scríofa aige go gairid roimh a bhás. Dúradh in ‘Tuarascáil’ san Irish Times 27 Aibreán 1994: ‘Déantar cáineadh géar ann ar pholasaithe rialtais i leith na Gaeilge sa tréimhse 1950-1980 in anailís nua ar staid na teanga’. Scríobh Alan Titley faoin gcnuasach aistí seo: ‘An dealg agus an chealg phearsanta iontu seo mar a thuigfí agus é ag eachtraí a chúrsaí pearsanta féin ag plé leis an Roinn Oideachais agus, chomh maith leis sin, a thuairisc mar stiúrthóir ar an Institiúid Teangeolaíochta. Fearg agus díomá ann siar síos’ (Anois 10-11 Nollaig 1994). An cuntas is cuimsithí, b’fhéidir, ar a obair sa Roinn Oideachais, go háirithe maidir le Buntús agus le hInstitiúid Teangeolaíochta Éireann, is in ‘Buntús Gaeilge agus Bunú ITÉ’ le Tomás Ó Domhnalláin atá sé (in Dán do Oide: Essays in Memory of Conn R. Ó Cléirigh, 1997 in eagar ag Anders Ahlqvist agus Vera Capkova). Is iad na leabhair eile a scríobh sé: Ridire Mhuire gan Smál, 1951; Foclóir Fealsaimh, 1958 (athchló 1993); Buntús Gaeilge, 1966 (réamhthuarascáil); Bunchúrsa Foghraíochta, 1966; Buntús Gaeilge; Irish Grammar, 1976 (i gcomhpháirt le Micheál Ó Murchú). Tá gearrscéal leis in Nuascéalaíocht, 1952.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú