Mar scoth riarthóra bhí páirt mhaighdeogach aige i gcúrsaí 1916-23. I Lúghortán, an Sciobairín, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 26 Nollaig 1892 (Jeremiah Stephen Hegarty). Múinteoir scoile i Scoil Lubhghortáin ba ea a athair Diarmuid (1856-1934) agus ba í Eibhlín de Barra, múinteoir, a mháthair. Ba é an duine ba shine é de sheachtar clann—ceathrar mac agus triúr iníonacha. Bhuaigh sé ceann de dhuaiseanna an Chliabhraigh (An Claidheamh Soluis 17 Bealtaine 1902). In Réalt an Deiscirt 29 Márta 1958 dúirt Peadar Ó hAnnracháin gur chompánach scoile é ag Gearóid Ó Súilleabháin i Scoil Chlasaiceach Dhomhnaill Uí Dhubhgáin sa Sciobairín. ‘I often took some little pride out of the fact that I induced both of them to make their first public appearance on a Skibbereen Feis platform to take part in a competition for what was termed Díospóireacht .... They did their parts remarkably well. Though young they knew Irish well and did not suffer from the least effect of stage fright’. D’éirigh leis post a fháil sa státseirbhís agus tar éis tamaill bhí sé ina rúnaí ag T.P. Gill, rúnaí cáiliúil Roinn na Talmhaíochta agus an Cheardoideachais. Deir Ó hAnnracháin: ‘Diarmuid Ó hÉigceartuigh was reputed to have mastered in an uncommon way much of the internal workings of the British Government here and particularly so in its financial departments’.

Faoi 1913 bhí sé ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh agus dá gcomplacht amharclainne, Na hAisteoirí. Bhí sé ina theachta ag an gcraobh ag Ard-Fheis 1915 agus ina bhall de choiste na craoibhe an bhliain dár gcionn. Bhí sé ina bhall de Chomhairle an Fháinne agus toghadh ina bhall den Choiste Gnó é i 1916, ballraíocht a lean go 1926; ceapadh é ina bhall den choiste cúig dhuine déag a chuir atheagar ar an gConradh i 1925.

Leifteanant i gComplacht F den Chéad Chath de na hÓglaigh ba ea é—bhí cuid mhór de na Céitinnigh sa Chath sin. Seán Mac Diarmada a thug isteach i mBráithreachas na Poblachta é. San Éirí Amach ghlac sé páirt cheannasach faoi Fhionán Ó Loingsigh sa troid i gceantar Sráid King Uach./Na Ceithre Cúirteanna. Gabhadh é agus chaith sé tamall gairid i ngéibheann i Knutsford. Faoin ainm botúnach ‘James Hegarty’ a ligeadh saor é agus tá an t-ordú dar dáta 17 Bealtaine 1916 i seilbh na clainne (Detention Barrack, Knutsford. ‘This man James Hegarty recently a Prisoner of War at Knutsford Detention Barrack has been released by order of the General Officer Commanding-in-Chief, Ireland’—Sínithe ag an ‘Commandmant’). In Micheál Ó Coileáin, 1985 deir Pádraig Ó Braoin: ‘I Mí Lúnasa 1916 bhí cruinniú san Óstán Minerva ar Chearnóg Parnell chun atheagrú a dhéanamh ar an IRB. Ar na daoine ag an gcruinniú bhí Diarmuid Ó hÉigceartuigh a scaoileadh amach as Frongoch [sic] trí dhearmad i mí na Bealtaine’. Mhíneodh botún údaráis Knutsford conas a d’éirigh leis dul ar ais sa státseirbhís. D’fhan sé ina phost go dtí gur dhiúltaigh sé mionn dílseachta a ghlacadh i 1918. D’fhreastail sé ar Ard-Fheis an Chonartha 8 Lúnasa 1916 (Ar son na Gaeilge ..., 1993 le Proinsias Mac Aonghusa). Bhí sé ina phríomhchléireach sa Chéad Dáil agus ina rúnaí ar Chomh-aireacht na Dála 1919-22.

Bhí ról tábhachtach aige i mBráithreachas na Poblachta agus ba dhuine de dhlúthchairde Mhichíl Uí Choileáin é. Deir Leon Ó Broin in Michael Collins, 1980: ‘The selection of candidates [olltoghchán 1918] was conducted by an IRB trio of Collins, Boland and O’Hegarty, an illuminating example, it was said sarcastically, of democracy in practice’. Bhí sé ina Stiúrthóir Eolais i rith Chogadh na Saoirse. Ceapadh é ar dhuine de rúnaithe na toscaireachta a chuaigh go Londain i 1921 chun conradh réitigh a dhéanamh. Seo é an cur síos a rinne Frank Pakenham air in Peace by Ordeal: ‘Dermot O’Hegarty, the “civil servant of the revolution”, the man perpetually behind the scenes, could conceal from few who met him the gifts that were to make possible the Irish constitutional achievements at the Imperial Conference of 1926’. Nuair a ghlac an Saorstát seilbh ar cheanncheathrú Arm na Breataine in Éirinn bhí sé ar dhuine den chúigear Céitinneach (Risteárd Ó Maolchatha, Seán Ó Murthuile, Gearóid Ó Súilleabháin agus Micheál Ó Coileáin) a bhí sa láthair thar ceann na hÉireann. Bhí sé ina Rúnaí ag Comhairle Feidhmitheach an tSaorstáit ó 1922 go 1932. Ó 1932 bhí sé ina Choimisinéir Oibreacha Poiblí agus i 1949 ceapadh é ina chathaoirleach ar an gCoimisiún. Ba bhall é den Choimisiún Iompair a d’fhoilsigh a dtuarascáil i 1943. Ar 27 Aibreán 1922 phós sé Claire Archer, deirfiúr leis an nGinearál Liam Archer, duine dá chomrádaithe i gComplacht F de na hÓglaigh i 1916; Micheál Ó Coileáin a sheas leis. D’éag sé 14 Márta 1958 agus tá sé curtha i nGráinseach an Déin. Bhí beirt mhac aige agus beirt iníonacha. Bhí a dheirfiúr Bríd, an duine ab óige sa chlann, ina ball de Choiste Gnó an Chonartha. Phós sí Gearóid Ó hUallacháin a bhí freisin ina bhall den Choiste Gnó agus ar throdaire nótáilte é i gCogadh na Saoirse. Bhí siad beirt in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Mac leo ba ea an tAthair Colmán Ó Huallacháin .

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú