Bhí an t-údar seo ar dhuine díobh sin ba dhéine ó 1966 amach a throid ar son na Gaeilge agus ar son athaontú na hÉireann, agus sin in ainneoin diaibéiteas a bheith air i rith an ama sin go léir. Tá cuntas gairid ar a shaol in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945–1995 (Ó Cearnaigh 1995). I gCill Mhuire, Fíonach, Co. Luimnigh, a rugadh é ar 16 Nollaig 1943. B’as Fíonach dá athair David agus b’as na Foidhrí, Co. Chiarraí, dá mháthair Hannah Flynn. I Meiriceá a casadh an bheirt ar a chéile. Cuireadh meánscolaíocht air i nDrom Collachair agus, ó 1960 go 1962, i scoil Bhráithre De La Salle, Port Láirge. Céimí é de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Gaeilge agus Stair mar ábhair céime aige. Bhain sé amach freisin ard-teastas san oideachas (H.Dip in Ed.). In 1965 agus é ina mhac léinn go fóill chuir sé agallamh ar Sheán Ó Riada (The Journal of Music Samhain/Nollaig 2001). In 1966 a thosaigh a shaol mar iriseoir sa pháipéar seachtainiúil Inniu (1943–1984). D’fhostaigh RTÉ é mar iriseoir an bhliain dar gcionn agus chaith sé tamall ann freisin mar léiritheoir raidió. Toghadh é ina uachtarán ar an gComhchaidreamh 1965–68. Bhí sé ina oifigeach eolais ag Gaeltarra Éireann ó 1970 go 1972 agus ina bhainisteoir eolais ag Fáilte an Iarthair anuas go 1974. Ó 1974 go 2002 bhí sé ar fhoireann Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (Coláiste Teicniúil Réigiúnach, Gaillimh, go 1998), agus Gaeilge, cumarsáid, léann Eorpach agus an nua-stair faoina chúram. Phós sé Máirín Ní Chonghaile, iníon Sheáin Uí Chonghaile. Rugadh ceathrar leanaí dóibh ach cailleadh duine díobh go hóg. Sna Forbacha, Co. na Gaillimhe a bhí cónaí ar an teaghlach.

Óna lámh a tháinig: Gandhi (1969); John Boyle O’Reilly agus an glór Gael-Mheiriceánach (1976); Éamann Iognáid Rís (1977); Richard J. Daley: méara Chicago (1979); Gaeltacht Mhaigh Eo (1982) (leabhrán); Guth an phobail (1984); Ríocht roinnte (1985); Éire agus polaitíocht na hEorpa (1986); Margáil na saoirse (1988); An chéad Dáil Éireann (1919–1921) (1989); An Ghaeltacht oifigiúil agus 1992 (1990); Civil war in Connacht 1922–23 (1999). Bhí ailt i gcló aige go minic sna nuachtáin agus in irisí mar Éire-Ireland, An tUltach, Feasta (tuairim is 150 píosa), Comhar (ocht n-aiste agus tríocha idir 1965 agus 1985). Cuireann Gearóid Ó Tuathaigh cloch ina charn in Comhar, Deireadh Fómhair 2008.

Bhí spéis mhór aige in imeachtaí Chonradh na Gaeilge ó na 1960idí ar aghaidh agus is le barr measa air a toghadh é ina uachtarán ar an eagraíocht ag a hArdfheis in Inis, Co. an Chláir, 2–4 Aibreán 2004, agus sin in ainneoin an tsláinte gan a bheith go maith aige. Ceapadh é ina bhall de Chomhairle Theilifís na Gaeilge in 1994 chun maoirseacht a dhéanamh ar na hullmhúcháin do bhunú an stáisiúin. Nuair ab éigean an dá chos aige a theascadh, níor mhaolaigh sin ar a shuim sa stair ná i ngluaiseacht na teanga. Bronnadh Gradam an Phiarsaigh air i mí Aibreáin 2007. Taom croí ba thrúig bháis dó ina theach sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, ar 13 Lúnasa 2008. Rinne an Taoiseach Brian Cowen comhbhrón lena mhuintir. Gearóid Ó Tuathaigh a thug an t-aitheasc i séipéal na bhForbacha.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair