Ba dhuine de cheannairí Ghlúin na Buaidhe é. Tá cuntas air: ag Proinsias Ó Conluain in An tUltach, Feabhra, 2002; ag Nollaig Ó Gadhra in Foinse 6 Eanáir, 2002; agus ag Proinsias Mac An Bheatha in I dTreo na Gréine, 1987. I mBaile Átha Cliath a rugadh é 30 Meán Fómhair 1919 agus bhí beirt deirfiúracha agus beirt deartháireacha aige. Jane Brady a bhí ar a mháthair. Bhí a athair, Séamas S. Ó Cathasaigh, i measc na nÓglach a throid i monarcha Jacob in Éirí Amach 1916 agus bhí baint ag a shinsirsean leis na Fíníní; foilsíodh a chuimhní ar eachtraí úd na Cásca in Inniu, Aibreán-Meitheamh 1946 agus ag am a bháis 9 Aibreán 1947 bhí cónaí air in Ardán Windsor, an Cuan Aoibhinn, Baile Átha Cliath (Inniu 18 Aibreán 1947).

Bhí Séamus óg ar scoil ag na Bráithre Críostaí, Sráid Synge. Chuaigh sé isteach i gCraobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge agus bhíodh ag scaipeadh a gcuid foilseachán. Chláraigh sé mar bhall de Ghlúin na Buaidhe i ndiaidh dó a theacht ar cheann dá gcruinnithe sráide. Deir Mac an Bheatha go raibh cúrsa sa dlí ar siúl aige ar dtús ach gur liostáil sé san arm nuair a bhris an Dara Cogadh Domhanda amach agus go ndearnadh sáirsint de ar ball. Cléireach cúirte sna Ceithre Chúirt ba ea é ina dhiaidh sin, buanphost a d’fhág sé i 1952 le bheith ina bhainisteoir ar Inniu ar thuarastal beag. Ar feadh na mblianta fada bhí sé ina bhainisteoir freisin ar Ghlúin na Buaidhe agus ar Fhoilseacháin Náisiúnta Teoranta. In Irisleabhar Mhá Nuad, 1995 (‘Craobh na hAiséirí, Glúin na Buaidhe agus Bunú Inniu’) deir Dorothy Ní Uigín gurbh é ba mhó ba chúis le forbairt ‘Leathanach / Roinn na Mac Léinn’ sa pháipéar agus go raibh díolachán ollmhór ar an nuachtán mar gheall air, go háirithe le linn na 1950idí agus na 1960idí.

Go tobann i 1984 fágadh Séamas gan phost. Seo é cur síos Uí Chonluain ar ar tharla: ‘Nuair a shocraigh Roinn na Gaeltachta agus an rialtas ar dheireadh a chur leis an pháipéar trí dheontas a tharraingt siar, ní hamháin go ndearnadar sin go tútach míghrástúil ó thaobh na foirne de—briseadh as a bpostanna iad uilig—ach chaitheadar go ceachartha míghrástúil leo nuair a d’éilíodar cearta pinsin agus cúiteamh éigin ar son na seirbhíse a bhí tugtha acu ar feadh na mblianta .... Thairis sin ar fad bagraíodh an dlí ar iontaobhaithe Inniu, ar dhuine díobh Séamas, mar gheall ar fhiacha a bhí carnaithe suas sna blianta deireanacha .... Dúradh go raibh siad freagrach “jointly and severally” as na fiacha sin agus go gcaithfidís iad a íoc nó ba dhóibh ba mheasa. D’fhostaíodar dlíodóir maith, Con Ó Liatháin [Lehane], agus an ceart choíche, tháinig Alan Dukes, Aire Airgeadais, i gcabhair orthu i ndeireadh na dála .... Tríd is tríd, mar sin, ní bhfuair Séamas Ó Cathasaigh an t-aitheantas ná an chreidiúint a bhí ag dul dó as a ndearna sé le croí mór maith ar son na Gaeilge agus an náisiúin.’

Chrom sé ar fhorbairt na Gaeilge i gCluain Dolcáin, a áit chónaithe. Deir Ó Gadhra: ‘Tá an toradh le feiceáil go soiléir, idir bhuanna in obair Ghlór na nGael, cúpla Gaelscoil, Ionad Chrónáin agus imeachtaí don óige a fhágann go bhfuil an rud is gaire do phobal Gaeilge lasmuigh de na Gaeltachtaí féin le fáil sa chuid sin den ardchathair.’ Bhí sé lánpháirteach i mbunú Choiste Ghlór na nGael i 1966 agus i mbunú Mhuintir Chrónáin i 1972. Bhí sé ar dhuine de phríomhbhunaitheoirí Scoil Chrónáin i Ráth Cúil i 1975, Coláiste Chilliain i 1981, Gaelscoil Chluain Dolcáin i 1984 agus Gaelscoil na Camóige i 1993. De bharr na scoileanna sin bhí timpeall 1,200 daltaí ón naíonra go dtí an dara leibhéal i 2002 ag fáil oideachais trí Ghaeilge i gCluain Dolcáin agus sa chomharsanacht. D’éirigh le Muintir Chrónáin an phríomhdhuais a bhaint i gcomórtas Ghlór na nGael faoi dhó, i 1977 agus arís i 1989. Aisling aige a fíoraíodh ba ea oscailt Áras Chrónáin, ionad cultúrtha i gceartlár an cheantair a thug stádas, seasamh agus aitheantas don Ghaeilge san áit. Bhí sé pósta ar Mháirín Ní Shireadáin agus bhí iníon agus beirt mhac acu. Rugadh leanbh mic eile dóibh ar 28 Nollaig 1955 nár mhair ach an t-aon lá amháin. D’éag Ó Cathasaigh ar 30 Nollaig 2001 agus tá sé curtha i reilig Maelruain Naofa i dTamhlacht.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú