Bhí sé ar dhuine de na polaiteoirí sin is mó a léirigh dílseacht don Ghaeilge. Ní bheifí ar aon fhocal gur pholaiteoir éifeachtach é, cibé uair a tháinig ceannas Fhianna Fáil i gceist go háirithe, agus b’fhéidir nach raibh an t-ádh leis gurbh i 1977–79 a thit sé air a bheith ina Aire Airgeadais. Ach géilltear gurbh fhear cóir onórach é agus gurbh é ba ghaire, b’fhéidir, do bhunaitheoirí Fhianna Fáil maidir le haidhmeanna agus luachanna. Tá cuntas air in The Magill Book of Irish Politics, 1981, in eagar ag Vincent Browne, in Irish Times 19 Meán Fómhair 1983 agus ag Proinsias Mac an Bheatha in Inniu 30 Meán Fómhair 1983. Bhí a athair Harry Colley gníomhach i gCogadh na Saoirse, é ina aidiúnach sna hÓglaigh agus ina T.D. ag Fianna Fáil i mBaile Átha Cliath Thoir Thuaidh ar feadh 1944-57 go dtí gur bhuaigh Cathal Ó hEochaidh an suíochán. Ba í Christina Nugent máthair Sheoirse. I bhFionnradharc, Baile Átha Cliath, a rugadh é ar 18 Deireadh Fómhair 1925. Chuir na Bráithre Críostaí oideachas air i Scoil Mhuire, Marino, agus i Scoil Naomh Seosamh i bhFionnradharc. Tar éis tamaill sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, cháiligh sé mar aturnae i 1948. Toghadh é thar ceann Fhianna Fáil i ndáilcheantar a athar i dtoghchán 1961. Ní raibh sé ag réiteach le Cathal Ó hEochaidh ach deirtear go raibh siad cairdiúil le chéile ar bhonn pearsanta. Ceapadh é ina Rúnaí Parlaiminte in Aireacht na Talún i 1964, ina Aire Oideachais i 1965, ina Aire Tionscail agus Tráchtála i 1966. Nuair a d’éirigh Seán Lemass as a bheith ina Thaoiseach bhí sé féin agus Ó hEochaidh san iomaíocht don cheannaireacht. Tharraing Ó hEochaidh amach as an rás nuair a ainmníodh Seán Ó Loingsigh, agus bhuaigh an Loingseach ar Sheoirse. I 1969 ceapadh é ina Aire Gaeltachta agus ina Aire Tionscail agus Tráchtála. Nuair a briseadh Ó hEochaidh as a phost mar Aire Airgeadais i 1970 ceapadh Seoirse ina ionad agus d’fhan Roinn na Gaeltachta ina chúram freisin. Bhí sé ina Aire Airgeadais arís ar feadh 1977–1979, Aireacht na Seirbhíse Poiblí faoina chúram freisin, agus é anois ina Thánaiste. Thagair sé uair do ‘well-heeled articulate women’, ráiteas nach ndeachaigh chun leasa dó. Nuair a toghadh Ó hEochaidh ina cheannaire ar Fhianna Fáíl agus ina Thaoiseach, in ainneoin formhór an rialtais a bheith ar son Uí Cholla, ceapadh ina Aire um Fuinneamh é agus lean sé mar Thánaiste go dtí 1981. Ní raibh Ó hEochaidh sásta é a athcheapadh ina Thánaiste i 1982 agus is beag má ghlac sé aon pháirt mhór i bhFianna Fáil ina dhiaidh sin.

Dúirt Proinsias Mac An Bheatha: ‘Níl mórán de leithéidí Sheoirse Uí Cholla i saol polaitiúil na Poblachta; bhí dearcadh láidir náisiúnta aige agus an Ghaeilge ar a thoil aige. Agus bhí an teanga sin ag a bhean Máire agus ag an gclann. Bhí sé ar an mbeagán sin dár n-aos polaitíochta a thóg an chlann leis an Ghaeilge’. Tugann Nollaig Ó Gadhra (Inniu 30 Deireadh Fómhair 1983) cuntas ar a thionchar ar chúrsaí na Gaeilge lena linn: ‘Rinne Ó Colla obair fhiúntach sa Roinn Oideachais chomh maith agus sheas sé an fód don Ghaeilge ar bhealach dána oscailte nach ndearna aon Aire rialtais eile ó shin.’ Deir sé gurb é ba mhó a chuir bunú Raidió na Gaeltachta chun cinn, gurbh é a d’fhéach chuige go mbeadh an Tuarascáil ón gCoiste Um Thaighde ar Dhearcadh an Phobail i dtaobh na Gaeilge ar fáil agus gur chuidigh sé go mór le Donncha Ó Gallchóir i mbunú Údarás na Gaeltachta. ‘Níor ghá dó a bheith ina Aire Gaeltachta agus dualgas foirmiúil a bheith air dá réir, le freastal ar an Oireachtas, clárú sa Chlub Leabhar nó bheith ina shíntiúsóir agus ina léitheoir rialta ag na tréimhseacháin Ghaeilge…. Ní féidir liom cuimhneamh ar aon pholaiteoir ná duine poiblí mór le rá a bhí chomh dílis céanna don Ghaeilge ina shaol príobháideach féin an uair úd, cé go raibh go leor acu a raibh poist mhóra agus gradam bainte amach acu de bharr na Gaeilge.’ Deir Proinsias Mac Aonghusa go raibh sé ar dhuine de na hAirí Gaeltachta sin a raibh cáil ar leith orthu maidir le dílseacht don Ghaeltacht agus don Ghaeilge (Ar Son na Gaeilge, . . . , 1993). Deir Olivia O’Leary: ‘An Irish speaker with the traditional Fianna Fáil reverence for the language, he used his joint position as Minister for Industry and Commerce and the Gaeltacht during 1969 to direct industrial investment to the Gaeltacht areas. He changed the existing view of the Gaeltacht as an area of crafts and cottage industries and promoted it as having equal claim to the more sophisticated industries brought in by foreign investment’ (Irish Times 19 Meán Fómhair 1983). Bhí aiste aige in Comhar, Bealtaine, 1945: ‘An tAos Óg agus an Phoilitíocht’. Bhí sé pósta ar Mary Doolan agus bhí triúr mac agus ceathrar iníonacha acu. Duine díobh is ea Anne Ormonde a bhí ina TD tamall. D’éag sé in Ospidéal Guy, Londain, 17 Meán Fómhair 1983.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú