In Áth an Chóiste, Beanntraí, Co. Chorcaí, a rugadh an tÍosánach seo ar 29 Iúil 1905. Bhí a athair Timothy Hurley ina mhúinteoir i nGort Aonghuis ag an am. Ba í Catherine Hurley (Ní Mhurthuile) a mháthair. Cuireadh bunoideachas air i Scoil Náisiúnta Ros na Cathrach, mar a raibh a athair ina phríomhoide. Deir cartlannaí na nÍosánach gur sa scoil sin a bhí an t-athair go fóill i 1923; bunoide an mháthair freisin ach faoin mbliain sin bhí sí marbh agus ba bhunoide freisin an leasmháthair. Thabharfá leat ó nóta ina leabhar Tréithe Thomáis Ághas, 1967 nár fhoghlaim Seosamh aon Ghaeilge go ndeachaigh sé go Coláiste Mhungairit i Luimneach. Dúirt sé le Risteárd Ó Glaisne (Inniu 11 Feabhra 1972) go mba chainteoir dúchais Gaeilge ó cheantar na Scoile duine dá sheanmháithreacha agus gur labhair sé féin Gaeilge léi. Chuaigh sé isteach sna hÍosánaigh i 1923 agus bhain céim amach sa Ghaeilge le honóracha den chéad ghrád agus sa Bhéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Cuireadh oideachas sagairt air sa Tulach Mhór (Coláiste Ainéislis), i bPáirc an Mhuilinn agus i gColáiste Naomh Beuno, St Asaph, Flintshire sa Bhreatain Bhig. Chaith sé tréimhse i gCorca Dhuibhne i 1932 agus is ann a thosaigh a spéis san Ághasach. Oirníodh é i 1937. Chaith sé deich mbliana ina mhúinteoir i gColáiste Choill Cluana Gabhann agus rinne gach dícheall ann chun spéis na ndaltaí a mhúscailt sa teanga. Níor lig an tsláinte dó leanacht den mhúinteoireacht. Ceapadh é ina eagarthóir ar an iris chreidimh An Timire i 1950; bhíodh idir dhánta agus aistí aige ann chomh fada siar le 1929-34. Dhéanadh sé freastal ar phobail Ghaeltachta i Sasana gach samhradh.

Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar dhánta agus aistí agus foilsíodh ábhar Gaeilge leis in An Glór, Feasta, Comhar, Christus Rex, Inniu, Scéala Éireann, The Maynooth Union Record, Irish Monthly, Ríocht na Mí, Kildare Archaeological Society Journal. . . . Roghnaigh Séamas Ó Céileachair 13 dá dhánta in Nuafhilí (1942-1952), 1956 agus Nuafhilí 2 (1953-1963), 1968. Is é Aibítir na nAinmhithe, 1969 a aonchnuasach filíochta; dánta do pháistí atá ann agus is iarracht é ar aithris a dhéanamh ar rud a rinne Hilaire Belloc. Leabhar eile leis is ea Briathra Beannaithe an Aifrinn, 1976. Foilsíodh iontrálacha a scríobh sé in The New Catholic Encyclopaedia agus in Encyclopaedia Britannica. Deirtear ar chlúdach Tréithe Thomáis Ághas gur fhoilsigh The Irish and Overseas Publishing Co. a leabhar ar stair agus ar sheandálaíocht Uíbh Fhailí. Leabhar eile leis is ea A Martyred Archbishop of Cashel: Doctor Dermot O’Hurley (1519-1584) (1935). D’éag sé ar 20 Nollaig 1984.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú