Bhí sé ina údar ar stair Chontae Luimnigh agus tar éis a bháis líonadh breis is leathanach den Limerick Leader 8 Iúil 2006 le cuntais ómósacha a scríobh Proinnsias de Priondargast, duine eile de scríbhneoirí Gaeilge Luimnigh, agus iriseoirí de chuid an nuachtáin féin. Tá cuntas ar a bheatha ar leathanach na marbh san Irish Times 22 Iúil 2006. Tá agallamh a chuir Risteárd Ó Glaisne air i gcló in Inniu 7 Bealtaine 1971. Ó 1944 i leith, bhí tuairim 3,000 alt aige sa Limerick Leader – alt in aghaidh na seachtaine ar feadh trí scór bliain nach mór. ‘Odds and Ends’ ba theideal dó agus ba ghnách gur faoin ainm cleite ‘An Mangaire Súgach’ a bhíodh siad. Tá cuntais ghairide air in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de Scríbhneoirí Gaeilge, 1998 in eagar ag Gearóidín Uí Nia agus in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945—1995, 1995 le Seán Ó Cearnaigh. Chuir Diarmuid Breathnach agallamh air sa chlár raidió ‘Tracing’ i 1988. Ag Pádraig Ó Cearbhaill in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise 11, 2007 tá ‘Mainchín Seoighe, 1921-2006’. I measc na leabhar a scríobh sé tá: Maraíodh Seán Sabhat aréir, 1964; Cois maighe na gcaor, 1965; Portrait of Limerick, 1982; The Joyce brothers of Glenosheen, 1987; The story of Kilmallock, 1987; The Irish quotation book: a literary companion, 1992; Limerick: its people and places, 1993.

I mBaile Thancaird, Cill Mocheallóg, Co. Luimnigh, a rugadh é ar 18 Lúnasa 1920. Feirmeoir a athair John agus bean de mhuintir Uí Dhéadaigh a mháthair Nóra. Ba é an duine ba shine de thriúr é agus cailíní ba ea an bheirt eile. Spreag Donncha Ó hArgáin, múinteoir sa scoil náisiúnta, a spéis sa Ghaeilge agus sa stair. Chaith sé bliain i gceardscoil Chill Fhionáin sular fhreastail sé ar scoil na mBráithre Críostaí sa Ráth. Thug scoláireacht é go Coláiste Samhraidh Uí Chomhraí i gCarraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir, i 1937. Chonaic sé an fharraige den chéad uair ansiúd agus chuaigh díograis Sheáin Uí Cheallaigh (1896-1994), ardmháistir an choláiste, i gcion air go mór. Mainchín a thug an óráid ag sochraid Uí Cheallaigh; bhí sé ar dhuine d’iontaobhaithe an choláiste agus chaith tamall ina chathaoirleach ar an gcoiste bainistíochta. Scríobh sé an t-alt ‘Bunú Choláiste Uí Chomhraí’ in Eoghan Ó Comhraí: saol agus saothar, 1995 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta.

Fuair sé post cléireachais i gComhairle Contae Luimnigh i 1941 ach d’fhan ina chónaí ina cheantar dúchais, in ainneoin go gcaitheadh sé an turas fiche míle a thaisteal ar rothar i rith an dara Cogadh Domhanda. Ceapadh é ina Oifigeach Eolais ar ball agus bhí sa phost sin go ndeachaigh sé ar pinsean i 1985.

Bhí Éamon de Valera cairdiúil lena mháthair ó bhí siad beirt óg agus thugadh sé cuairt uirthi nuair a bhíodh sé sa cheantar. B’fhéidir gurbh i ngeall ar an seanchairdeas sin gurbh é Scéala Éireann rogha nuachtáin a thuismitheoirí ó 1931 amach. Thug Mainchín taitneamh ar leith do cholún ‘Roddy the Rover’ (Aodh de Blacam) ann. Bhuaigh sé duais a thairg an colúnaí agus d’éirigh cairdeas eatarthu i gcaoi gur chaith sé seachtain i dteach de Blácam sna Creagacha Dubha i gContae Lú. Tuairim an ama chéanna, chuir sé aithne ar Con Cregan, eagarthóir Limerick Leader, agus ghlac le cuireadh chun alt a scríobh don pháipéar sin. Sholáthraíodh sé ábhar i rith a shaoil do Scéala Éireann, Feasta, Capuchin Annual, North Munster Studies, Inniu, agus An Sagart....Bhí colún Gaeilge aige in Limerick Leader 1949-55 ach d’éirigh sé as chun seans a thabhairt do Thomás Ó Conbá a chuimhní cinn a fhoilsiú sa pháipéar sin. Dúirt sé leis an nGlaisneach gurbh iad an tAthair Peadar Ó Laoghaire, Pádraig Mac Piarais, Micheál Ó Gríobhtha as Contae an Chláir, Sean-Phádraic Ó Conaire, Seán Tóibín agus ‘Máire’ [Séamus Ó Grianna B2] a eiseamláirí sa scríbhneoireacht. Chaith sé blianta fada ag staidéar ar stair Luimnigh agus níor thóg sé ach sé sheachtain air Cois Maighe na gCaor a scríobh.

Ba é a chuir tús le Scoil na Seoigheach i 1984 agus a bhí ina rúnaí / eagraí go ceann i bhfad. Chun beathaí agus saothar na ndeartháireacha Patrick Weston Joyce agus Robert Dwyer Joyce (1830-83), file, a chomóradh an scoil seo. Dhealródh sé gur d’aon chine amháin muintir Mhainchín agus iad sin. Nuair a d’fhiafraigh Diarmuid Breathnach de an raibh sé gaolmhar leis na deartháireacha d’fhreagair sé: ‘ I think I am – I haven’t quite established the connection yet .... A number of things, I think, indicate a possible connection or relationship – similar Christian names, I find – and I’ve met a grandson of P. W. Joyce, an ophthalmic surgeon. He assured me anyway, for what it’s worth, that I had the Joyce nose, that I was surely one of the clan. I imagine that if I was able to research the thing properly I would establish the connection but unfortunately my people didn’t keep records as the other Joyces did. I can only go back with certainty to my great-grandfather, Maurice Joyce ...’.

Bhí sé ina chathaoirleach ar Chumann Staire Chill Mocheallóg agus ina bhall de Chumann Seandálaíochta Thuamhumhan. Bhí sé ar dhuine d’fhondúirí Éigse na Máighe, Féile na nGael, agus de Mhúsaem De Valera i mBrú Rí. Ainmníodh seomra sa mhúsaem as. Onóracha eile ba ea dochtúireacht oinigh Ollscoil na hÉireann i 1990 agus Gradam an Phiarsaigh i 2001. Múinteoir bunscoile ó Cheann Toirc ba ea a bhean, Prionséas. D’éag sé ar 3 Iúil 2006. Ba é an Canónach Pádraig Ó Fiannachta ceiliúraí an aifrinn éagnairce agus an tAire Éamonn Ó Cuív a thug an óráid cois na huaighe i mBrú Rí.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú