Áirítear é mar dhuine de na sagairt ba pholaitiúla i gConradh na Gaeilge sa tréimhse 1913–23. Tá cuntas ar a shaol ag Mainchín Seoighe in An Sagart, Iml. 10, uimhir 1, Earrach 1967.

In Ard Mhic Eocháin in aice leis an mBrú i gContae Luimnigh a rugadh é 11 Eanáir 1878. Conraitheoir tógála a raibh feirm bheag aige ba ea a athair Tomás agus ba í Gobnait (Deborah a hainm sa teastas beireatais) Ní Loingsigh ó Bhaile Thancaird a mháthair. Bhí deirfiúr amháin aige agus beirt deartháireacha ar dhuine díobh Seán, a bheadh ina Cheann Briogáide ar Bhriogáid Luimnigh Thoir agus ina chathaoirleach ar Chomhairle Chontae Luimnigh, agus a mharófaí sa troid in Áth na Cairte 6 Bealtaine 1921. I gcuntas ar a shaol in Limerick’s fighting story 1916–21 told by the men who made it deir J.M.McCarthy go raibh uncail le Seán rannpháirteach san fhogha a thug na Fíníní faoi bheairic Chill Mocheallóg in 1867. Bhí Seán i gceannas an fhogha faoin mbeairic chéanna 27 Bealtaine 1920.

Bhí Tomás ar scoil ag Bráithre de la Salle sa Bhrú sula ndeachaigh sé go scoil chlasaiceach a bhí ar siúl ag na sagairt sa Bhrú, agus as sin go dtí Coláiste Mhainchín, coláiste na deoise, i Luimneach. Chaith sé dhá bhliain i Maigh Nuad agus chríochnaigh a chúrsa sagartachta sa Róimh mar ar oirníodh é 1901. Tar éis dochtúireacht a bhaint amach sa Róimh ceapadh é ina mhúinteoir i gColáiste Mhainchín agus ina dhéan ar an bhfoireann teagaisc.

B’fhéidir gur ar scoil agus i Maigh Nuad a d’fhoghlaim sé Gaeilge. Deir Mainchín Seoighe go raibh an teanga go líofa aige agus eolas scolártha aige uirthi. Bhí sé ag Ardfheis 1904 thar ceann Chraobh Ardach de Chonradh na Gaeilge (An Claidheamh Soluis 16 Iúil 1904). Toghadh é ina uachtarán ar Chraobh Luimnigh. Ghlac sé páirt san fheachtas ar son an Ghaeilge a bheith éigeantach i máithreánach Ollscoil na hÉireann. Nuair a aistríodh é féin go post sagairt chúnta i nDrom Collachair agus an tAthair Micheál Ó hAodha go dtí an Caisleán Nua shíl daoine gur mar phionós é. Ach dar le Mainchín Seoighe, agus é ag brath ar an gcuimhne a bhí ag Donnchadh Ó Briain ar chomhrá Thomáis, nach raibh an tEaspag Ó Duibhir ar aon aigne le formhór an chliarlathais faoi cheist na teanga san ollscoil nua agus nach raibh pionós i gceist.

Bhí baint aige le bunú Choláiste Uí Chomhraí i gCarraig an Chobhaltaigh i 1911 agus bhí ina ardmháistir ann i 1913. Bhunaigh sé cúpla craobh den Chonradh i nDrom Collachair. Bhunaigh sé complacht de na hÓglaigh sa dúiche agus deirtear gurbh é complacht Dhrom Collachair an dara complacht dár bunaíodh taobh amuigh de chathair Bhaile Átha Cliath. Thugadh sé cuirí do dhaoine mar Phádraic Mac Piarais, Robert Monteith, Liam Mac Coscair agus Earnán de Blaghd teacht agus labhairt leis na hÓglaigh sin. Bhí sé féín ar dhuine de na príomhchainteoirí ag slógadh i gcathair Luimnigh Lá ‘le Pádraig 1916 agus bhí ar dhuine de na séiplínigh ag na hÓglaigh úd a bhailigh le chéile in iarthar Luimnigh Domhnach Cásca sular shroich na horduithe cealaithe iad. Ghearáin an Ginearál Maxwell é féin agus an tAthair Micheál Ó hAodha leis an easpag Bealtaine 1916 agus liostaigh na coireanna a bhí déanta acu. Ach chosain an tEaspag Ó Duibhir iad, rud a chabhraigh le hathrú meoin a theacht ar an bpobal i dtaobh an Éirí Amach.

Um Meitheamh 1916 bunaíodh Cumann na Sagart i Maigh Nuad agus toghadh an tAthair de Bhál ina uachtarán air. Roimh dheireadh na bliana sin thug sé cuairt ar na príosúin i Sasana a raibh fir an Éirí Amach á gcoimeád iontu. Comhthoghadh é ina bhall de Choiste Gnóan Chonartha an bhliain sin. Bhí sé ar dhuine díobh sin a luadh mar ábhar uachtaráin tar éis gur gearradh príosúnacht saoil ar Eoin Mac Néill (An Claidheamh Soluis 1 Iúil 1916). I mí Lúnasa toghadh é ina leasuachtarán. Lean a bhallraíocht sa Choiste Gnó anuas go dtí 1927. Toghadh ina bhall de ardchomhairle Shinn Féin é ag Ardfheis 1917. Maitiú Ó Riain agus Micheál Ó Flannagáin an bheirt sagart eile a toghadh. Ba é a thug óráid an Oireachtais an bhliain sin. Ghníomhaíodh sé mar bhreitheamh sna cuirteanna poblachtacha. Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh ach bhíodh ag iarraidh eadráin a dhéanamh. Bhí an tuairisc seo ag Fáinne an Lae 22 Meán Fómhair 1923: ‘Ní ligfidh biocáire Fhairche Luimnigh don Athair de Bhál agus triúr sagart eile labhairt ag cruinniú mara n-abrann siad nach n-éileoidís saoirse do phríosúnaigh, ach ar choinníoll nach ngabhfaidis arm arís leis an rialtas a throid’.

Aistríodh go Faing é i 1922 agus ceapadh é ina shagart paróiste i gCill Curnáin i 1930 agus i mBaile an Gharraí i 1936. Bhí spéis aige sa logainmníocht in cibé paróiste ina dtarlaíodh sé agus i 1947 ceapadh é ina bhall de Choimisiún nuabhunaithe na Logainmneacha. Tá aistí dá chuid i gcló in Irish Book Lover agus North Munster Antiquarian Journal.

D’éag sé 3 Feabhra 1956 agus adhlacadh é i gclós an tséipéil i mBaile an Gharraí.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú