D’fhoilsigh Sáirséal agus Dill scéal a bheatha (Mainchín Seoighe, Maraíodh Seán Sabhat aréir) i 1964. Tá léiriú fíormhaith ann ar chineál áirithe saoil sna deich mbliana 1947–1956 agus ar dhíograiseoir óg deifreach mothaolach a bhí chomh mór sin faoi anáil scríbhinní an Phiarsaigh nach bhféadfadh an saol srian a chur lena ardfhuadar go dtí ar deireadh thiar gur mharaigh rois urchar é Lá Caille 1957 le linn ionsaí ar bheairic na bpóilíní in Achadh Lon, Co. Fhear Manach. Beathaisnéis eile is ea Sean South of Garryowen, 2006 le Des Fogerty. In The Old Limerick Journal, eagrán an gheimhridh 2010, tá alt le Seán Gannon, 'Schools of Corruption': The Contexts for Seán South's Antisemitism. Baineann an chuid is mó ar fad de lena pháirt in Maria Duce, gluaiseacht an Athar Denis Fahey (1883–1954), sagart frith-Ghiúdach a rugadh sa Ghabhailín, Co. Thiobraid Árann.

Rugadh Seán Sabhat ar 8 Feabhra 1928 i Sráid Anraí i Luimneach. Fuair a athair bás nuair a bhí sé trí bliana d’aois agus d’fhág triúr mac le tógáil ag a bhean chéile, Máire Ní Dhonnabháin. Dhein Seán an Ardteistiméireacht i Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Uí Sheasnáin, agus fuair post mar chléireach meastacháin in oifig iompórtála adhmaid. Agus é ina cheannaire cúnta sna Gasóga Caitliceacha thosaigh sé ag cur spéise sa Ghaeilge. Bhí baint aige le Cairde na Gaeilge ó 1948 ar aghaidh agus chabhraigh sé le Clann na Poblachta in olltoghchán na bliana sin, cé gur ghairid ina dhiaidh a nocht sé gur le Sinn Féin a bhí bá aige. I 1949, sórt annus mirabilis aige, bhunaigh sé craobh Luimnigh de Mharia Duce, cumann éadulangach frith-Chumannach ultra-Chaitliceach, agus bhunaigh sé féin agus a chairde Seadairí na Saoirse. An cháilíocht phearsanta a bhí riachtanach chun bheith mar Sheadaire ‘toil bhorb thréan dochlaoite’ chun buille marfach a bhualadh ar an mBéarla. Bhí sé ar Choiste Chraobh Luimnigh de Chonradh na Gaeilge agus ina bhall den Réalt. Bheadh sé ina uachtarán ar ball ar an Praesidium den Leigiún Mhuire a reáchtáileadh an Réalt. Bhunaigh sé Giollaí na Saoirse do bhuachaillí idir 10 agus 14. Bhí páipéir stionsalchlóite ag na Seadairí agus na Giollaí agus Seán is mó a sholáthraigh idir phrós agus líníocht dóibh. Ó Eanáir 1951 bhí colún aige san Limerick Weekly Echo. Bhí spéis sa tsaighdiúireacht aige agus dhein Leifteanant san F.C.A. de i 1953. D’éirigh sé as an F.C.A. in Aibreán 1955 agus dhealródh gur ag an am sin a cheangail sé leis an I.R.A. Ar 9 Nollaig 1956 d’fhág sé a chathair dhúchais chun dul i mbun an fheachtais mhíleata úd ba thrúig bháis dó. An tsochraid a bhí air measadh nach bhfacthas ceann chomh mór leis i Luimneach go nuige sin.

Fear lándáiríre i gcúrsaí crábhaidh, i gcúis na Gaeilge agus sa náisiúnachas a bhí ann. Is léir go raibh claonadh i leith an phiúratánachais agus an dogmatais ann i ngach rud. Bhí sé chomh mór sin in aghaidh an dátheangachais, mar shampla, gur meas Thadhg-an-dá-thaobh a bhí aige ar éinne a dhéanfadh fiú propaganda i mBéarla ar son na Gaeilge. Fanaiceach a bhí ann agus is cinnte nach sílfeadh sé féin gur náir dó sin. Chomh fada siar le 1953 bhí sé lánchinnte go raibh gá le 1916 eile chun anam na hÉireann a shábháil.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú