Saothar ceannródaíoch tábhachtach i bhforbairt scríbhneoireacht na Gaeilge ba ea a chéad bheathaisnéis, Art Ó Gríofa, 1953. Aistritheoir gairmiúil agus file ba ea é freisin. Tá eolas ar chúrsa a shaoil in Irish Times 19 Feabhra 2000 agus ag Micheál de Mórdha in Foinse 20 Feabhra 2000. Thug sé eolas ar a óige agus ar a mhuintir sa chaibidil ‘Retrospect’ in Celtic Studies in Europe and other essays, 2000; tá sa leabhar sin freisin ‘Seán Ó Luing: an appreciation’ lena chara Bo Almqvist, agus liosta a shaothair.

I mBaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, a rugadh é 16 Bealtaine 1917. ‘Ba é an duine ba óige de thriúr mac a bhí mar mhuirear ar Shéamas Ó Lúing agus a chéile, ar de mhuintir Mhainnín í. Ó Bhaile Eaglaise ó dhúchas ba ea Séamas Ó Lúing agus chuaigh sé mar chliamhain isteach go dtí na Mainnínigh i mBaile an Fheirtéaraigh’ (de Mórdha). Ba leis an sagart paróiste tráth an teach inar rugadh é agus chuir Lady Henrietta Chatterton síos air in Rambles in the South of Ireland, 1838 (Celtic Studies in Europe). Tógadh teach nua dá mhuintir i 1931. Bhí tuairim caoga acra acu. Bhí Gaeilge agus Béarla ón gcliabhán aige. Is beag a bhí le hinsint aige i dtaobh na bunscolaíochta a cuireadh air ach amháin nár thréimhse róshona aige í. Chaith sé na blianta 1930-34 i gColáiste Bhréanainn i gCill Airne agus is ansiúd a adhnadh ann dúil i litríocht na Laidine agus na Gréigise. Roghnaigh sé Laidin agus Gaeilge mar ábhair sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus an tseandálaíocht faoin Ollamh R.A.S. Macalister mar fho-ábhar; tá cuntas inspéise aige ar Mhacalister in Celtic Studies .... agus d’fhan an tseandálaíocht aige mar chaitheamh aimsire ar feadh a shaoil. Rinne sé an H.Dip. in Ed. agus bhain céim mháistir amach i 1939. Bhí sé deacair post a fháil agus ar feadh bliana bhí sé ag obair ar an bhfeirm sa bhaile. Chaith sé bliain ag teagasc na matamaitice i Scoil na mBráithre i gCúl an tSúdaire agus an tréimhse 1941-3 ag múineadh in University Tutorial Institute, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath. Bhí an stair ar cheann de na hábhair a chaitheadh sé a mhúineadh ann agus sin é an fáth ar thosaigh sé ar staidéar a dhéanamh ar stair na hÉireann.

Bhí sé i gceist aige post a lorg i Sasana ach i 1943 d’éirigh leis, de thoradh comórtais, post a fháil i Rannóg an Aistriúcháin, Teach Laighean, agus bhí ann go ndeachaigh amach ar pinsean i 1982. Deir sé i dtaobh na hoibre ann: ‘We laboured quietly and in agreement, with the Irish language the bond between a company of individuals who held strongly divergent views on many other things. We never clashed on extraneous matters. Our staff was totally dedicated to the Irish language . . .. Their impact on the Irish language in bringing it into congruence with the modern world has been significant’ (Celtic Studies…). Cuid ardsuime dá shaothar aistritheoireachta an tréimhse fhada a chaith sé sa Bhruiséal 1971-72, gairid roimh Éire a dhul isteach sa Chomhphobal Eorpach; is leis a bhaineann a leabhar In Ardchathair na hEorpa: nótaí fánacha, 1976. Riachtanas san obair ansiúd ba ea an Fhraincis. Ach is chun a bheith ag taighde ar bheatha Kuno Meyer a d’fhoghlaim sé Gearmáinis, agus sin go deireanach ina shaol. Gan amhras leathnaigh an spéis seo sa dá theanga sin amach go dtí a gcuid litríochta mar is léir ar a bhfuil de dhánta aistrithe aige sa dá chnuasach Déithe Teaghlaigh, 1984 agus Dúnmharú Chat Alexandreia, 1997. Tá seo le rá aige i dtaobh Baudelaire: ‘A reading of the introductory poem of Les Fleurs du Mal gives one the feeling of having been present on the first night of an old-style Redemptorist mission. He translates well into Irish’ (Celtic Studies ...). Ceapadh é ina Phríomhaistritheoir i Rannóg an Aistriúcháin i 1973.

An bheathaisnéis an earnáil is mó a shaothraigh sé: John Devoy, 1961; Ó Donnabháin Rosa, 1969-79; I die in a good cause, 1970 [Tomás Ághas]; Seán an Chóta, 1985; Kruger, 1986; Kuno Meyer, 1858-1919: a biography, 1991. Cnuasach beathaí is ea Saoir theangan, 1989 (Meyer, Best, George Thomson, Flower, de hÍde). Tá beathaí gairide nár cnuasaíodh le fáil in Feasta, Roscommon Herald Centenary Supplement, Comhar, Irish Times, Inniu, Studies, Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society, Zeitschrift für celtische Philologie, Scríobh ... agus mar réamhráite i leabhair le húdair eile. Scríobh sé freisin: Fremantle mission, 1965 (athchló i 1984 faoin teideal The Catalpa rescue); Bánta Dhún Úrlann, 1975 (dánta); In the footsteps of Kuno Meyer, 1995. In Celtic Studies in Europe tá an chaibidil aige ‘The making of a book: Art Ó Gríofa’ agus tá léargas ann ar an dua agus ar an bhfad aimsire a chaitheadh sé leis na beathaisnéisí a scríobh sé; i 1943 a chrom sé ar thaighde i dtaobh an Ghríofaigh agus bhí in ann agallamh a chur ar chuid mhór dá shean-chomhghleacaithe sula raibh sé ródheireanach, daoine mar Mháire Ní Chillín, Pádraig Ó Caoimh, P.S. Ó hÉigeartaigh ....

Bhronn Ollscoil na hÉireann DLittCelt air um Meitheamh 1995 i nGaillimh. D’éag sé 10 Feabhra 2000. Fuair a bhean, Marie Terése Sloane ó Loch Garman, bás i 1988; bhí mac agus iníon acu. Deir Bo Almqvist ina thaobh: ‘He had the rare gift of being able to make people feel better about themselves as soon as they talked to him; he was able to engage with them totally. This, I think, was due to the fact that he was deeply self-assured in the best possible way, independent in his opinions, and possessed of rich inner resources. In spite of the touch of sadness, the unavoidable concomitant of anyone with intelligence and sensitivity who has observed the parting of the old ways and ideals in the Gaeltachts of Ireland, he always gave me the impression of being essentially a happy man, conscious of his own reliable sources of joy—his deep roots in his native ground, his firm anchorage in French and German culture, his wide reading and his beloved scholarship. Thanks to all this he had the rare ability not to feel the need to push himself forward; he was able to concentrate fully on whoever he was talking to. He was a kind man with perfect manners, courteous, considerate, engaged. Not prudish, judgemental, or in any way negative about life’s sensual pleasures, he seemed to me the closest thing to a secular saint that I have come across.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú