In Betha Colaim Chille tá cuid den phrós is suimiúla dár scríobhadh idir 1200 agus 1600, agus is inspéise gur i Stáit Aontaithe Mheiriceá in 1918 a clóbhuaileadh agus a foilsíodh an chéad eagrán iomlán den téacs. Ba iad Aindrias Ó Céileachair agus Gertrude Schoepperle na heagarthóirí.

In Oil City, Pennsylvania, a rugadh Gertrude ar an 15 Iúil 1882. Ba as Roetenbach sa Ghearmáin dá hathair Vinzens Schoepperle agus ba as Kittanning in Pennsylvania dá máthair Elizabeth Klein. Ó Choláiste Wellesley a fuair sí céim BA agus chaith sí roinnt bliain i gColáiste Radcliffe. Fuair sí scoláireachtaí go leor agus faoi gheimhreadh 1907–8 bhí sí ag staidéar in Ollscoil Munich agus ina dhiaidh sin i bPáras faoi Lot, Bedier agus D’Arbois de Jubainville. ‘Studies on the origin of Tristan Romance’ ba theideal dá tráchtas dochtúra. I samhradh 1909 d’fhreastail sí ar Scoil Ard-Léinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar Choláiste na Mumhan. Is ag an am sin a chuir sí aithne ar an Athair Aindrias Ó Céileachair. Chaith sí an dara téarma i Scoil Ard-Léinn na Gaeilge. Is léir ar stair na Scoile (Kuno Meyer 1859–1919, 1991 le Seán Ó Lúing) go ndeachaigh a pearsantacht thaitneamhach i gcion go mór ar R.I. Best, Osborn Bergin agus Kuno Meyer. Bhí poist éagsúla aici in ollscoileanna Mheiriceá idir 1911 agus bliain a báis: baint aici le roinn an Bhéarla in Ollscoil Illinois ó 1911 go 1919; ina teagascóir Gearmáinise in Ollscoil Nua-Eabhrac i 1912–3; ina hOllamh le Fraincis i gColáiste Vassar 1919–21.

Bhí aiste ag Gertrude in Studies, Márta 1913, i dtaobh shaothrú léann na Gaeilge agus na spéise i gcultúr na hÉireann in Ollscoil Illinois. Rinneadh bailiúchán de leabhair Ghaeilge agus de mhacasamhla na lámhscríbhinní ann. Bhí Club Ceilteach ar bun ina mbíodh drámaí, rince, amhránaíocht agus scéalaíocht ar siúl. Bhí pleananna acu chun scoláirí Gaeilge a oiliúint. Bunaíodh scoláireacht taighde le míle dollar a thug an Irish Fellowship of Chicago dóibh. Tairgeadh do Sheosamh Laoide ar dtús é agus nuair nár fhéad seisean glacadh leis is do Aindrias Ó Céilleachair a tugadh é. Bhí sé ina léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Learphoill ag an am. Samhain 1916 a chuaigh sé ann agus is ar an gcuma sin a tharla go mba chomheagarthóiri ar Betha Colaim Chille é féin agus Gertrude. Ba í Ollscoil Illinois freisin a d’fhoilsigh an chéad saothar scolártha Sean-Ghaeilge dár foilsíodh sna Stáit, Miscellanea Hibernica le Kuno Meyer. Bhí sé i gceist sraith dar teideal The Irish Foundation of America Series a fhoilsiú. Ba í Gertrude a thug Kuno Meyer ar cuairt chuig an ollscoil in 1916 in ainneoin an oiread sin daoine i Meiriceá a bheith in aghaidh na Gearmáine ag an am. Ní dheachaigh na húdaráis chun cinn leis na pleananna a bhí acu i leith an léinn Ghaelaigh agus b’fhéidir gur dá bharr sin a tháinig deireadh le fostaíocht Gertrude ann. Deir Seán Ó Lúing: ‘Victim of prejudice against women, she had come up against difficulties in the course of her career’. Agus i litir ó Kuno Meyer atá i gcló aige tá an abairt seo: ‘But now poor Miss Schoepperle has been driven from Urbana, and all her and my plans for a great Celtic library, museum, etc, have come to nothing’.

Phós Gertrude Roger Sherman Loomis Lúnasa 1919. Fuair sí bás in Poughkeepsie de pheireatíiníteas 11 Nollaig 1921.

Bhí aistí in Revue Celtique aici i gcomhpáirt leis an gCéileachaireach, leis an Laoideach agus le Osborn Bergin. Tá a saothar liostaithe in Medieval studies in memory of Gertrude Schoepperle Loomis (1927). Tá sa leabhar sin freisin aistí ag Dubhghlas de hÍde, R.I. Best, J. Vendryes, Osborn Bergin. Seachas Betha Colaim Chille is é an t-aon saothar eile i bhfoirm leabhair a scríobh sí Tristan and Iseult: a study of the sources of romance (1913).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú