Sna Milíní, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 23 Meitheamh 1883. Ba iad Denis Kelleher, feirmeoir, agus Honora McSwiney a thuismitheoirí. Seisear buachaillí agus triúr cailíní a bhí sa chlann acu. Tar éis bunscolaíochta bhí Aindrias i gColáiste Cholmáin sula ndeachaigh sé go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad. Oirníodh é 1908. I gcaint raidió a chraol sé 20 Iúil 1956 (‘De mhuintir Chéileachair Cheart ó Chluain Droichead amach’) dúirt Seán Tóibín gurbh é an chéad duine de phobal Chúil Aodha é le cuimhne na ndaoine a ndearnadh sagart de. Ba é an chéad duine riamh é a cuireadh i gclós an tséipéil ann.

Cainteoir dúchais Gaeilge ba ea é. Dúirt Seán Tóibín: ‘Oíche dá raibh scoraíocht i dteach ósta i gCorca Baiscinn i mbliain a 1907 bhí ábhar sagairt, Aindrias Ó Céileachair, ar saoire ann. Iarradh air gearr-óráid a thabhairt uaidh, rud a dhein – agus dhein go maith. D’iarr ban-bhainisteoir an tí ósta ansan air gearrchaint eile, as Béarla, a dhéanamh. Ní raibh aon fhonn ar an mac léinn é a dhéanamh ach lean sise den tathant air. Ghéill agus rinn sé rud uirthi. Ní raibh aon chomórtas maidir le líofacht idir an dá theanga aige. Is mallbhriathrach mar a chuir sé an Béarla dhe an oíche sin.’

Bhí sé in Institiúid Dhún Búinne 1908–9 agus é ag léachtóireacht do mhic léinn na Gaeilge sa Choláiste. Bhí aighneas na hollscoile nua faoi lánseol ag an am agus dúirt eagarfhocal in An Claidheamh Soluis 3 Iúil 1909 go raibh údaráis Mhaigh Nuad agus na heaspaig ag agairt a ndíoltais ar shagairt óga thírghrácha. ‘One of these young priests, an tAthair Aindrias Ó Céileachair ... has a rare knowledge of the Irish language, and if left in Ireland would have done much-needed work for Irish scholarship and literature. With some other students in Dunboyne he joined in sending a message of sympathy to the promoters of the students’ meeting held in Dublin last spring. For that little incident he is suspected of patriotism – the latest crime – and is being sent on a foreign mission, so that the foreigner’s mind, no less than the foreigner’s rule, may hold sway in his native land.’ B’éigean do Aindrias scríobh chuig an eagarthóir nach raibh sé fíor go rabhthas lena ionarbadh.

Bhí duaiseanna Oireachtais go leor buaite aige idir 1903 agus 1907. Bhí eagar curtha aige ar dhán in Ériu. Ní foláir nó is le linn do Ghertrude Schoepperle a bheith i gColáiste na Mumhan i 1909 a casadh ar Aindrias í. ‘She was greatly impressed by Father Andrew Kelleher’s ability and enthusiasm for Old Irish. They had read all through Thurneysen’s Grammar together’ (Seán Ó Lúing, Kuno Meyer 1858–1919: a biography, 1991). Bhí curtha isteach ar phost léachtóra i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath ag Aindrias. Shíl R.I. Best, dar le Seán Ó Lúing, go n-oirfeadh sé thar cionn cainteoir dúchais dá leithéid a bheith sa roinn ansiúd dá dtarlaíodh gurbh é Dubhghlas de hÍde a cheapfaí ina ollamh. ‘Miss Schoepperle, who knew him better than anyone, was loud in praise of him for his independent mind and marked ability. He could read off the texts in Ériu at sight’ (Seán Ó Lúing).

Ní bhfuair sé an post – toisc ar deireadh nach raibh aon phost ann le líonadh – agus bhíothas lena chur ag obair i bparóiste Inis Córthaidh. Ba ionann sin agus deireadh a theacht le cibé seans a bhí aige ar a shaol a chaitheamh le scoláireacht. Ghlac sé de rogha ar Inis Córthaidh bheith ina shagart cúnta i bparóiste Pheadar is Póil, Great Crosby, Learpholl. Le cabhair Kuno Meyer d’éirigh leis post léachtóra le Ceiltis a fháil san ollscoil ann. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 19 Feabhra 1910 go raibh trí scór sa rang aige agus tar éis dó a fháil amach go raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag cuid mhaith díobh gur chuir sé tús le dhá rang, ceann trí mheán an Bhéarla agus an ceann eile i nGaeilge.

San iris An tÉireannach, Samhain 1910 (iris an Chonartha i Londain), tá an nóta seo: ‘Thosaigh an tAthair Ó Céileachair ag múineadh na Gaeilge in Olscoill Learphoill ar an 10ú lá den mhí seo agus is é atá in ann gach cruacheist agus seanleagan sa teanga a mhiniú go soiléir’. Chum sé Óid an Oireachtais i 1910.

Um Shamhain 1916 a thosaigh sé ag léachtóireacht in Ollscoil Illinois in Urbana tar éis dó glacadh le comhaltas taighde a thairg an ollscoil dó (feic SCHOEPPERLE). Is ansiúd a chuaigh sé i gcomhpháirt le Gertrude chun eagrán de Betha Colaim Cille a thabhairt amach i 1918. Ba é a mhórshaothar é agus is beag má rinne sé aon obair scoláireachta eile ina dhiaidh sin. Nuair a bhí meascra á thabairt amach i gcuimhne Gertrude Schoepperle i 1927 ní raibh sé toilteanach aiste a bheith aige ann. ‘Who would have contributed if he had been in a position to continue his studies’ an tagairt dó atá ann. Nuair a tháinig deireadh leis an bhfiontar Gaeilge in Ollscoil Illinois d’fhill sé ar a dhualgais sagairt i Sasana. Ar 9 Feabhra 1918 thug sé léacht dar teideal ‘Thar n-ais ón Oileán Úr’ in Áras an Chonartha, 25 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath.

Tuairim an arna sin a bhuail an t-airtriteas é. Ar ais in Éirinn dó bhí cúraimí sagairt air, de réir thuairisc a bháis in Cork Examiner, sa Mhaoilinn, Co. Chorcaí, ar dtús, i gCarraig Thuathail agus in Abhainn Dubh, Mala. Níl a ainm san Irish Catholic Directory go dtí 1923 agus mar shéiplineach i Mala a chuirtear síos air gach bliain go 1939. In imleabhar 1940 is é an cur síos: ‘Chaplain, Coláiste na Mumhan, Mallow’. An bhliain dár gcionn is é a deirtear ná go raibh sé ar scor. Tá sin ag réiteach le haiste a scríobh an Bráthair Peadar in Dóchas, Uimhir 2 1964. Chaith seisean seacht mbliana ina theannta i Mala. ‘Ar ais go hÉirinn 1920 is chuaigh mar shéiplíneach i gcoláiste a bhí Bráithre De la Salle tar éis a oscailt gar do Mhala, coláiste d’fhir óga a bhí á n-ullmhú le haghaidh Scrúdú Scoláireachta na Cásca, an scrúdú iontrála san am do na Coláistí Oiliúna’. Tuairim 1928 osclaíodh coláiste ullmhúcháin san fhoirgneamh céanna faoin ainm ‘Coláiste na Mumhan’. Bhí an tAthair Aindí, mar a thugadh lucht an Choláiste air, ina shéiplineach ann go 1940 nuair a aistríodh an coláiste go Baile Bhuirne agus gur Coláiste Íosagáin a tugadh air. Ní dhearna sé an t-aistriú agus d’éirigh as a phost toisc drochshláinte. Chuir sé faoi in Áth an Chóiste ar dtús agus ansin i gCarraig Ruacháin.

Casadh ar an Tóibíneach é ‘lámh le híochtar Chorra Ceapán’ bliain éigin ina dhiaidh sin. ‘Thánag ar shagart agus é ag obair ar phaiste talún, gur gharraí agus gairdín in éineacht aige é. B’é an tAthair Aindrias a bhí agam; agus é ar shaoire ar fad fén am san ó ghnóthaí eaglaise toisc a ndearna na daitheacha de chrapadh ar alta an dá lámh agus an dá chos aige’.

Tháinig a aistriúchán ar úrscéal Henryk Sienkiewicz Quo vadis? amach 1936. Eagrán Béarla mhuintir Dent in Wayfarer’s Library a d’aistrigh sé. Dúirt Seán Tóibin ina thaobh: ‘Is léir go ndearna an tAthair Aindrias Ó Céileachair dualgas de a dhícheall a dhéanamh chun fanúint cóngarach don fhód agus don dúchas a chothaigh an fhilíocht agus an éigse i Múscraí Uí Fhloinn’. Dúirt sé freisin gur léigh Aindrias script an aistriúcháin amach don ‘Loingseach, seanchaí agus scéalaí mór an cheantair’. Amhlaoibh Ó Loingsigh a bhí i gceist aige, ní foláir: is i 1929 a fuair Micheál Ó Loingsigh, duine de cheithre mháistir Bhaile Bhuirne, bás. Shíl an Bráthair Peadar gurbh fhear saonta nádúrtha a bhí ann agus ba chuimhin leis obair an aistriúcháin ar siúl aige. ‘Dá mbeadh aon amhras air faoi fhocal nó leagan cainte ba ghnách leis an fhadhb a phlé leis an gcéad duine a bhuailfeadh leis, dá mba é an mac léinn ab óige sa choláiste é’.

D’éag sé ar 28 Iúil 1954 i Mount Desert, Carraig Ruacháin, Corcaigh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú