An tábhacht a bhaineann lena ainm gurbh é faoi deara cuid mhór an borradh a tháinig ar obair na hathbheochana i gceantar Iúr Cinn Trá timpeall 1898-1901, ar thoradh amháin air gur fostaíodh an chéad mhúinteoir taistil ann, Proinsias Mac Uinseanáin. Bhí ‘D.T. Kelleher of Milleens, Ballyvourney’ san iomaíocht san óráidíocht ag Feis na Mumhan (An Claidheamh Soluis 29 Meán Fómhair 1900). B’fhéidir gurbh é an fear s’againne é agus gurbh as Baile Bhuirne dó. Dar le Cáiniris 1928/29 gur thosaigh sé in Southampton ar dtús mar oifigeach Custaim is Máil ar 30 Nollaig 1891. Bhí baint aige le bunú Chraobh na Fáschoille (Forest Gate) de Chonradh na Gaeilge i Londain. Ceoltóir agus amhránaí den scoth ba ea é agus bhí spéis aige san aisteoireacht. Aistríodh é go dtí an tIúr, Co. an Dúin, um Shamhain 1898. In Fáinne an Lae 19 Samhain 1898 tuairiscíodh go raibh dinnéar ag Craobh na Fáschoille cúpla lá roimhe sin chun slán a fhágáil leis: ‘Mr Dan Kelleher, with his fiddle and Irish songs, has largely contributed to the success of all Gaelic League festivals here’. In An tIrisleabhar, Feabhra 1940 scríobh ‘Seanbheist’ gur chinn seisean agus a lán eile ar fhilleadh ar Éirinn nuair a dúirt Ó Céileachair go raibh seisean ag dul go dtí Iúr Chinn Trá. ‘Tháinig muintir Londan agus Forestgate le chéile agus eagraíodh cóisir san Holborn Restaurant d’fhonn slán a fhágáil le Dónall Ó Céileachair. Ní díomhaoin a bhí Dónall in Éirinn. Ba é a bhí ina rúnaí ar Newry, Dundalk and Districts Organising Committee, an coiste a cheap an chéad mhúinteoir taistil Proinsias Mac Uinseannáin, a thosaigh ag obair 1 Meán Fómhair, 1899. Ní gá a rá gur mhothaigh Conraitheoirí Londan an bheirt [Pádraig Archer agus Domhnall] seo uathu go mór’ (Conradh na Gaeilge i Londain . . ., 1990 le Donncha Ó Súilleabháin). Nuair a aistríodh ar ais go Londain é i 1901 tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 16 Feabhra 1901 faoi Chraobh an Phointe: ‘The departure of Mr D. T. Kelleher for London is keenly felt by the members, who will not soon forget his cheering visits, his inspiring counsel, and “The Foggy Dew”.’ Thug an Coiste Ceantair san Iúr teistiméireacht mhaisithe dó (i gcló san iris chéanna 13 Aibreán 1901). Ar ais i Londain dó ‘Mr D. T. Kelleher received a hearty fáilte on his appearance at our weekly meeting, after three years absence. The sound of his fiddle brought with it memories of the early days of the Gaelic League in London, when Mr Kelleher was the life and soul of its gatherings’ (idem 2 Feabhra 1901). Toghadh ina rúnaí é ag Craobh na Fáschoille (idem 13 Nollaig 1901). Ghlac sé páirt sa chomórtas aithriseoireachta ag Oireachtas 1901 (Donncha Ó Súilleabháin). Toghadh é ina chisteoir ar Chraobh na Fáschoille (An Claidheamh Soluis 4 Eanáir 1902). Bhí duine den ainm sin bainteach leis an gConradh i Sheffield (Sinn Féin 12 Aibreán 1913). Bhí sé i dteach an Chustaim i nGaillimh de réir Ham’s Directory 1920. Faoi 1928 bhí sé ina shuirbhéir i gCorcaigh. Bhí sé i láthair mar chuairteoir ag cruinniú cinnbhliana Chraobh Chorcaí de chumann na n-oifigeach cánach de réir An tIrisleabhar, Bealtaine-Meitheamh 1931. D’éag Daniel T Kelleher áirithe, iar-státseirbhíseach, ag 66 Tobar Rí an Domhnaigh, Corcaigh, ar 18 Deireadh Fómhair 1932 in aois 63. Ní raibh in Cork Examiner ach fógra a bháis agus dúradh gur shochraid phríobháideach a chuirfí air. Níor fhéad an Príomh-Phámháistir a dheimhniú gurbh é seo an t-oifigeach Custaim is Máil atá faoi thrácht anseo. Ach is i Sasana a rinne sé a uacht agus is é is dócha gurbh é. Ní léir ar an uacht go raibh sliocht air ná gur mhair aon duine dá dheartháireacha ná dá dheirfiúracha.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú