Labhair sé le Risteárd Ó Glaisne faoina shaol is a shaothar in Inniu 17 Meán Fómhair 1971. Tá cuntais air: sa réamhrá a chuir Tomás Ó Floinn le Drúcht an ghleanna; rogha dánta agus dánta nua (1986); i ndiaidh a bháis ag Gabriel Rosenstock in Comhar(Samhain 1988). Tá agallamh a rinne Gabriel Rosenstock leis i gcló in Comhar (Nollaig 1983). Tá léirmheas ar Drúcht an ghleanna ag Bríona Nic Dhiarmada in Comhar (Eanáir 1988).

Sa Doirín Álainn i bparóiste Bhaile Bhuirne, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 9 Feabhra 1916. Bhí feirm bheag ag a athair Denis, arbh as Mullach an Ois dó, agus bhí cónaí ar a mhuintir ann le fada. Ó Ghleann Fleisce dá mháthair, Julia O’Donoghue; bhí gaol aici le muintir an Athar Pádraig Ó Duinnín. Bhí ceathrar mac agus iníon amháin acu. Dúirt sé leis an nGlaisneach go raibh an Ghaeilge aige ón gcliabhán. Cuireadh oideachas air i gCúil Aodha, sa Choláiste Ullmhúcháin i Mala agus i gColáiste Oiliúna de La Salle i bPort Láirge. Cháiligh sé mar mhúinteoir in 1938. D’fhreastail sé go páirtaimsearach ar Choláiste na hOllscoile i nGaillimh agus bhain amach an Dioplóma san Oideachas in 1941, an B.A. in 1942 agus M.A. in 1943. Ó 1940 go 1956 bhí sé ag múineadh i gCathair Aodha i gContae an Chláir. As sin go dtí go ndeachaigh sé ar pinsean in 1981 is ina phríomhoide i Scoil Náisiúnta Sceichín a’ Rince, Coill Bheithne, Co. Thiobraid Árann, a bhí sé. Ina dhiaidh sin bhí cónaí air i mBéal Átha Póirín.

File ba ea a athair agus bhí cáil na filíochta ar an bhfear oibre a bhí acu, Seán Ó Murchú. Bhí traidisiún na filíochta go láidir sa cheantar. Bhí filíocht á cumadh aige agus é sa bhunscoil i gCúil Aodha. Sna luathdhaichidí thug Tadhg Ó Donnchadha, Dónall Ó Corcora agus Gearóid Ó Murchadha misneach dó nuair a mhol siad a dhéantús (Ó Glaisne). Is é a dúirt sé le Rosenstock: ‘Táim i gceartlár an traidisiúin. Is é atá á dhéanamh agam le tamall ná ag scríobh i rithim na gnáthchainte seachas i rithim an cheoil ...’. Deir Ó Floinn: ‘Lean sé gan sos de chumadh na filíochta. Bliain i ndiaidh bliana ghnóthaigh sé duaiseanna i gcomórtais filíochta an Chomhchaidrimh agus i gcomórtais filíochta an Oireachtais. Gan amhras dob é “an saor síorbhuailteach” é. Chaith sé a shaol ar fad leis an bhfilíocht ... Thoirbhir Séamas Ó Céileachair é féin don fhilíocht i dtús a shaoil. Ina bhuachaill fós dó ghlac sé páirt i nDámhscoil Mhúscraí agus ó shin i leith is í an fhilíocht is beatha dó.’ Deir Ó Floinn gur chaith sé a shaol ar fad faoin tuaith, gur chaith sé tamall i mbun feirme dá chuid féin agus gurb í an tuath is foinse dá fhilíocht: ‘Tréith shuntasach i saothar Uí Chéileachair is ea an bhraistint agus an mothú don dúlra. I measc nuafhilí na Gaeilge (filí a shaothraigh an fhilíocht Ghaeilge ó thosaigh gluaiseacht na hathbheochana) níl file eile seachas Ó Céileachair a rinne saothrú d’aon ghnó ar an dúlra mar ábhar. Ó thaobh na staire de is i bhfilíocht na Sean-Ghaeilge amháin a fhaightear an dúlra mar ghnáthábhar.’ Ba dhóigh le Rosenstock gur beag file comhaimsearach a d’fhéadfadh dán fada chomh cumasach críochnúil le ‘Cúltroid Uí Shúilleabháin Béarra’ a scríobh. Deir sé freisin: ‘Sáraistritheoir a bhí ann freisin. Tá na hamhráin ó dhrámaí Shakespeare aige thar barr. (Ba chumasc suimiúil a stíl filíochta de thraidisiún a cheantair féin agus mórfhilíocht an Bhéarla ... chun na fírinne a rá níor bhuaileas riamh le héinne a bhí in ann tagairt do Ó Bruadair, Ó Rathaile, Keats agus Shelley faoi mar b’aon bhaicle amháin iad—agus ina aigne siúd b’eadh ní foláir).’ Cé go n-aithníonn Nic Dhiarmada buanna Uí Chéileachair agus a thaitneamhaí is a cheolmhaire atá a dhánta, deir sí faoi Drúcht an ghleanna: ‘Blas seanaimseartha is mó a fhaighimse ar an gcnuasach seo, fiú amháin ar na dánta nua ann. Is duine é Séamas Ó Céileachair—dar leis na dánta seo—atá as tiúin ar fad leis an lá atá inniu ann, le saol na fichiú haoise, saol na cathrach móire.’

Is iad na leabhair a tháinig óna láimh: Bláth an bhaile (1952); Dánta do scoláire (1954); Coillte an cheoil (1955); Hup-Hup (1955) (dánta don naíscoil); Mil na mbláth (1956); Grian na gcnoc (1968); Drúcht an ghleanna (1986). Chuir sé ar fáil trí chnuasach de shaothar na bhfilí comhaimseartha: Nuafhilí 1 (1942-52) (1956); Nuafhilí 2 (1953-63) (1968); Nuafhilí 3 (1979) [1964-77]. Chuir sé dánta do scoileanna ar fáil in Dánta iarscoile (1960) agus in Ríocht na gréine (1971). D’éag sé 27 Meán Fómhair 1988 agus cuireadh é i Reilig Ghobnatan i mBaile Bhuirne.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú