ainm.ie focal.ie logainm.ie dúchas.ie gaois.ie scéalta nua/news · FIONTAR
printéir priontáil scáileán ar ais chuig leagan don scáileán printéir leagan furasta le priontáil MAC BRÁDAIGH, Labhrás (19131958)

Ag 37 Sráid Gloucester Uachtarach (Sráid Sheáin Mhic Dhiarmada) i mBaile Átha Cliath a rugadh é ar 5 Iúil 1913. Déantóir dallán ba ea a athair Joseph Brady agus ba í Margaret Murphy a mháthair. Bhíodh obair ghúnadóireachta ar siúl aicisean. B’as Baile Átha Cliath don bheirt acu. Deichniúr clann a bhí acu: triúr cailíní agus seachtar buachaillí. D’aistrigh siad go dtí Bóthar Larkhill i Whitehall agus fuair Labhrás bunscolaíocht i Scoil Naomh Seosamh, Sráid Dorset, sula ndeachaigh sé go Coláiste Éinde i nGaillimh 1928. Tharla ag ceann de na chéad léiriúcháin de Diarmuid agus Grainne é: ‘Is cuimhin liom an oíche a chuamar, buachaillí Choláiste Éinde, ar bhus isteach go dtí an Taibhdhearc. Is cuimhin liom go maith na sceitimíní a bhí orainn agus an draíocht a chuir Mac Liammóir orainn’ (An Glór 22 Eanáir 1944).

Bhí sé i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, ó 1932 go 1934. Go 1947 bhí sé ag múineadh i mBaile Átha Cliath: Scoil Cholmcille, Sráid Mhaoilbhríde, 1936–38; Modhscoil Láir na mBráithre, Eanáir-Deireadh Fómhair 1939; Scoil Naomh Treasa, Ascaill Donore, Aibreán 1940 go Meitheamh 1941; Scoil Náisiúnta Ráth Éanna 1941–47. D’aistrigh sé ansin go dtí an Chrois in iarthar Chill Mhantáin mar phríomhoide. Phós sé Elizabeth Kerrigan ó Chorcaigh 1947. Bhí beirt mhac agus iníon amháin acu.

Bhí baint aige le Craobh Móibhí de Chonradh na Gaeilge go hóg ina shaol. Bhí ina bhall de Choiste Chathair Bhaile Átha Cliath agus ansin ina bhall den Choiste Gnó. Ar feadh dhá bhliain go leith i rith an dara Cogadh Domhanda bhí sé ina eagarthóir ar An Glór, iris an Chonartha, agus chaith sé tamall ina rúnaí ag Cumann na Scríbhneoirí. Bhí sé i láthair ag cruinniú tionscnaimh Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i 1943 agus ba eisean a mhol an rún go mbunófaí é. Chaith sé tamall ina bhall den choiste.

Roghnaigh Séamus Ó Céileachair dán leis dá Nua-Fhilí 1951–1961. Scríobh sé drámaí: An Pháirt dheireannach, dráma aonmhíre ag Feis Átha Cliath, 1945; Céad feadh síos, dráma aonmhíre; An tÚdar i ngleic; Cinniúint Chon Chulainn. Bhuaigh sé duaiseanna liteartha Oireachtais ach d’éirigh sé as bheith ag cur isteach orthu. B’fhearr leis go bhfoilseofaí duais-shaothar ná airgead a fháil. Mar bhun-mhúinteoir freisin a bhí spéis aige sa drámaíocht agus bhuaigh scoil na Croise ceann de na chéad duaiseanna ag an bhFéile Scoildrámaíochta, 1958. In An Glór 17 Samhain 1945 agus 1 Nollaig 1945 bhí aiste fhada aige dar teideal ‘Drámaíocht náisiúnta: a haidhm agus a tionchar’.

Othras duadaíneach ba thrúig bháis dó 27 Feabhra 1958. Bhí an leanbh ab óige aige go maith faoi bhun bliana d’aois ag an am. Tá cuntas ar Labhrás agus ar a thuairimi sa tsraith ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 20 Aibreán 1957 agus ag Conchubhar Ó Cuileanáin in Feasta, Aibreán 1958.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

© Bunsonraí na mbeathaisnéisí: Cló Iar-Chonnacht (2014) · © An cóiriú leictreonach seo: Fiontar (2014) · Teagmháil: ainm@dcu.ie · facebook · twitter
Foirm aiseolais | Cartlann scéalta nuachta