Staraí, naomhsheanchaí, aistritheoir, cumadóir/ceoltóir, file, grianghrafadóir, ealaíontóir; bhain tábhacht idirnáisiúnta leis mar staraí Cistéirseach. Tá eolas air in Inniu 25 Feabhra 1972 (‘An tAthair Colmcille ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’); ag an Dochtúir Geraldine Carville in The Nationalist, 13 Feabhra 1993; ag Roger Stalley in The Tipperary Historical Journal, 1993; ag Laurence McDermott in Hallel XIX, 1994 (‘An tAthair Colmcille Ó Conbhuí 1909-1992’). In Studies in Irish Cistercian History, 1998, bailiúchán aistí leis atá in eagar ag Finbarr Donovan, tá leabharliosta cuimsitheach, seachtó teideal idir ailt agus leabhair a foilsíodh idir 1938 agus 1992. Ba liosta le lua na hirisí staire agus liteartha, idir chinn scolártha agus chinn don choitiantacht, agus na leabhair thagartha a bhfuil ábhar aige iontu. Bailíodh cuid dár scríobh sé ar a chontae dúchais in The Cistercian abbeys of Tipperary, 1999 in eagar ag Finbarr Donovan.

Ag 53 Sráid Gladstone, Cluain Meala, mar a raibh siopa nuachtán ag a mhuintir, a rugadh é ar 26 Meán Fómhair 1909. Ba é an mac ba shine é den cheathrar a bhí ag Patrick Joseph Conway agus Kate Dwyer. Réamonnach ba ea an t-athair agus bhí sé in Arm na Breataine 1914-18. Ach bhí a mháthair níos náisiúnaíche; bhí deartháir léi ina rúnaí ar Shinn Féin i dTeampall Tuaithe in aice leis an Teampall Mór. Bhí leasdeartháir an athar, Liam Tobin, go hard sna hÓglaigh i mBaile Átha Cliath. Páiste leochaileach a bhí in Séamus ón lá a rugadh é agus ba mhinic in ospidéal é, ach, ón uair a rinneadh obráid air i 1969, bhí an tsláinte go maith aige. Bhí sé ar scoil i gClochar Shiúracha na Carthanachta go ndearna sé a chéad chomaoineach agus ansin ag na Bráithre Críostaí go dtí 1927. D’aistrigh sé go dtí meánscoil aíochta na gCistéirseach i gCnoc Mheilearaí mar a ndearna sé an Ardteistiméireacht. Buntáiste amháin a bhain lena bheith ann go raibh Gaeilge ag gach duine fásta sa cheantar agus ag fir oibre na mainistreach. Tar éis dó a chúrsa meánscoile a chríochnú i 1928 d’fhill sé ar an gcoláiste chun dhá bhliain a chaitheamh le fealsúnacht.

Chuaigh sé isteach san ord i 1930 agus oirníodh é ar 21 Meitheamh 1936 in Ardeaglais Phort Láirge. Colmcille a ainm crábhaidh. Um Meán Fómhair na bliana sin ceapadh ina mhúinteoir sa choláiste é. Bhí air stair agus geograif a mhúineadh trí Ghaeilge, obair a chuaigh chun tairbhe dó ó thaobh na Gaeilge de. Is in iris na Mainistreach, An Sléibhteánach, a bhí na chéad scríbhinní i gcló aige i 1938: ‘Beatha agus Saothar Liteardha Sheathrúin Chéitinn’ agus ‘Cois na Siúire’. Drochshláinte faoi deara dó éirí as an múinteoireacht i 1941. Ach na babhtaí tinnis féin, bhain sé tairbhe astu mar thug siad deis dó staidéar a dhéanamh ar an stair, rud a bhacfaí air murach iad. Sna 1940idí scríobh sé sraith alt agus chuir chuig Scéala Éireann iad uair éigin roimh 1948; níor foilsíodh sa pháipéar sin iad ach tháinig de Valera ar an lámhscríbhinn agus mhol dó leabhar a dhéanamh astu. Bhí seachtain á caitheamh aigesean sa Mhainistir Mhór (Mellifont) agus phléigh sé ábhar an leabhair leis an Athair Colmcille agus cheartaigh cibé rud a bhí míchruinn, dar leis, sa bhunscríbhinn. Bhí sé beartaithe dhá chuid eile a fhoilsiú. Ní go dtí 1971 a foilsíodh An Phoblacht—Leabhar a hAon: An tÉirí Amach, faoin ainm ‘Séamas Ó Duibhir’.

Nuair a athbhunaíodh An Mhainistir Mhór i gCollann, Co. Lú, i 1942, theastaigh uaidh aistriú ann ach níor géilleadh dá achainí go dtí 1946. Faoi 1945 bhí a aistriúchán ar Regula Sancti Benedicti tugtha don Ghúm aige ( Ár Naomh-athar Beiniadhacht, 1958). Foilsíodh The Story of Mellifont an bhliain chéanna; deir an Dr Carville gurb é atá ann ‘the first definitive work on the old Abbey of Mellifont which is still [1993] regarded as the standard work on that house’. Tá cáipéisí a bhaineann leis an ord in eagar aige in Louth Archaeological Journal, in Citeaux agus in Collectanae Ordinis Cisterciensium Reformatorum. Cé gurbh é a thug Aubrey Gwynn S.J. air in Studies, earrach 1971 ‘Our most authoritative historian of the Cistercian Order in Ireland’, fuair an staraí sin de locht ar Comhcheilg na Mainistreach Móire, 1968, an saothar is tábhachtaí óna láimh, é a bheith i nGaeilge, nuair is i mBéarla a bhí scríbhinní eile Cholmcille faoin ord: ‘I find it regrettable that this study of an episode which has already attracted the attention of German, French and English scholars should be written in a language which few outside Ireland can understand.’ An freagra a thabharfadh Colmcille air sin, dar leis an nGlaisneach, nach fiú aon rud a scríobh i nGaeilge mura fiú rud tábhachtach a scríobh inti. Ar litreacha a scríobh Stephen de Lexington faoina chuairt ar mhainistreacha na gCistéirseach in 1228 atá Comhcheilg na Mainistreach Móire bunaithe. Deir Carville ina thaobh: ‘It is rigorous in research, erudite and imbued with enthusiasm’.

Ní i gcónaí a bhí tacaíocht le fáil aige ó na Cistéirsigh féin, fiú nuair is ar stair na gCistéirseach a bhí sé ag obair; b’fhearr le cuid acu gur le paidreoireacht a chaithfeadh sé a dhúthracht ach mhisnigh Ab na Mainistreach Móire, Dom Benignus Hickey, é chun leanúint air. Le Naomh Colmcille a bhaineann Deoraí Chríost, 1960. Tar éis Vatacáin II bhí sé go mór ar son na Gaeilge mar theanga liotúirgeach agus sin a thiomáin é chun na leabhair seo a scríobh: Urnaí na hOíche, 1974; Urnaithe Tráthnóna (I), 1979; Urnaí na Maidne, 1983; Ord na Miontráthanna agus an Tráth Meáin, 1985; Urnaithe Tráthnóna (II), 1987. Deir McDermott: ‘He wanted the Region to sponsor an Irish-speaking community “to which those who wish to have Irish as the vernacular language would be free to withdraw”. His suggestion was discussed, but there were good reasons why the Order could not then undertake another foundation in Ireland.’ Foilsíodh a aistriúchán Leabhar na Salm i 1961. Deir Pádraig Ó Fiannachta in An Bíobla Naofa, 1981 (‘Focal ón bhFear Eagair’): ‘Is leagan ar leith de chuid an Athar Colmcille, O.Cist., atá againn i gcás Na Sailm.’

Bhí beartaithe aige My Fight for Irish Freedom le Dan Breen a aistriú go Gaeilge ach nuair a fuair sé sin a bheith ródheacair chuaigh sé i mbun taighde ar stair Chogadh na Saoirse i dTiobraid Árann; ba é an toradh a bhí air sin Trodairí na Treas Briogáide, 1955 le ‘Colm Ó Labhra’; de mhuintir Labhra máthair a athar. Na focail sa bhailéad ‘At Soloheadbeg the war began’, a chloiseadh sé cois teallaigh ina óige (‘In our Gaelic tongue we’ll tell our sons how brave Seán Treacy died’), a spreag é chun an stair sin a scríobh i nGaeilge: ‘Smaoinínnse go mb’fhéidir gur mise a dhéanfadh é sin—gur mise a d’inseodh a scéal i nGaeilge’. Deir McDermott: ‘There had been some effort to prevent this publication. In 1950 many thought that a Cistercian should not be researching or publishing “secular history”. However, Dom Benignus Hickey… encouraged Colmcille and authorised publication.’ Tá ‘The Third Tipperary Brigade 1921-1923’ i gcló aige in Tipperary Historical Journal 1990-92.

Bhí a dheartháir Micksey Conway ar dhuine de na Poblachtaigh a daoradh chun báis i 1936 i ngeall ar dhúnmharú duine dar sloinne Egan i gContae Phort Láirge; chreid siad gur thug Egan fianaise i dtaobh druileáil a bheith ar siúl ag an IRA. Deir Tim Pat Coogan (The IRA, 1970) gur chinn coiste rialtais go raibh sé ar dhuine díobh siúd ar cheart iad a scaoileadh saor agus go ndearnadh sin i 1938. Deir Coogan: ‘After this Conway’s case proved a rallying point for IRA publicists. “Micksey”, as he was called, was one of the best-known IRA men in Ireland at the time, and a classic example of a figure of menace to those outside the movement and the epitome of decency, kindness and sincerity to those within it.’ Dar leis an Athair Colmcille gurbh amhlaidh a d’iarr Dan Breen ar de Valera gan é a chrochadh. D’fhoghlaim Micksey Gaeilge le linn dó bheith i ngéibheann sa Churrach. Deir J. Bowyer Bell (The Secret Army, 1970) gur ceapadh é ina bhall de chomhairle an IRA i 1945 agus gur gearradh ceithre mhí príosúnachta air i 1946: ‘Conway was already considering giving up revolutionary politics for the Church. He seemed intent on building up the IRA before he withdrew to a monastery.’ Chuaigh sé isteach sna Cistéirsigh faoin ainm Maolmhuire i 1950.

Níor cnuasaíodh dánta an Athar Colmcille. Roghnaigh Séamas Ó Céileachair ceithre cinn díobh in Nuafhilí 3, 1979. Bhí ‘Inis Leamhnachta agus dánta eile’ i gcló aige in The Capuchin Annual, 1949. Tá dánta dá dhéantús i gcló ag Liam Ó Duibhir in An Linn Bhuí: iris Ghaeltacht na nDéise 7, 2003. Ba é an t-orgánaí é le linn dó a bheith i gCnoc Mheilearaí. Deir Carville: ‘He also translated the text of the Daily Office and set this to music. He spent many painstaking hours adapting and arranging old Irish airs to accompany his work and indeed at times introduced his own musical phrases and compositions, for Fr Colmcille was also a musician and composer. Melodies could be easily executed on a melodica or a one and a half octave keyboard…. These small instruments he usually carried in his hand luggage with the result that no refrain was ever lost.’ Luann an t-údar céanna a chumas mar ghrianghrafadóir agus mar ealaíontóir. Bhí sé i láthair i gCluain Meala ar 22 Aibreán 1989 nuair a bronnadh saoirse an bhaile air. D’éag sé ar 18 Nollaig 1992.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú