File, aistritheoir agus údar ba ea é. I mBaile an Róba, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 17 Márta 1918. Bhí óstán agus feirm ag a athair Joseph sa bhaile sin agus ba í Nellie Purcell ó Lios Urumhan, Durlas Éile, Co. Thiobraid Árann, a mháthair. Is mar seo a bhí muintir Valkenburg i nDaonáireamh 1901 sa Phríomh-Shráid, Baile an Róba: John Valkenburg, óstóir, a bhean Maria agus a dtriúr mac agus iníon amháin, Gaeilge agus Béarla acu go léir. I 1911 ba í an bhaintreach Maria ceann an teaghlaigh agus ní raibh sa teach ach iníon agus mac, Seosamh (25), athair Aibhistín, fear nach raibh san óstán i 1901; bhí Gaeilge aige agus b’fhéidir gurbh insuime go raibh sí ag ceathrar de sheisear searbhóntaí an óstáin. Ón nGearmáin nó ón Ísiltír a tháinig muintir Valkenburg go hÉirinn tuairim 1805-07. I gConga, Co. Mhaigh Eo, a chuir siad fúthu ar dtús. Seasca bliain ina dhiaidh sin is meas Éireannaigh a bhí orthu; nuair a bhí seanuncail Aibhistín ag imeacht chun na hAstráile bhronn na Fíníní uaireadóir óir air.

Gheofar eolas i dtaobh Aibhistín in Inniu 2 Meitheamh 1972 (‘Aibhistín Valkenburg ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’) agus in Acta: Provincial Chapter 1992, 1992 mar a bhfuil cuntas ag Hugh Fenning O.P. Breac-Ghaeltacht ba ea an dúiche thart ar Bhaile an Róba le linn óige Aibhistín agus ba chainteoir dúchais Gaeilge an cailín aimsire a bhí sa teach. D’fhreastail sé ar bhunscoil Shiúracha na Trócaire agus ar scoil na mBráithre Críostaí sa bhaile. Chaith sé an tréimhse 1932-37 i gColáiste Iarlatha i dTuaim. Chuaigh sé isteach sna Doiminicigh i 1937. Chaith sé bliain ina dteach i gcathair Chorcaí agus an dara bliain ann i gColáiste Ollscoile Chorcaí ag staidéar ar an nGaeilge faoi Thadhg agus Éamonn Ó Donnchadha [B1] agus Cormac Ó Cuilleanáin [B5] agus ar an mBéarla faoi Dhomhnall Ó Corcora [B5]. I dtús Chogadh 1939-45 cuireadh go dtí teach an oird i dTamhlacht é chun staidéar a dhéanamh ar an bhfealsúnacht agus is ann a oirníodh é i 1944; ag tagairt don bhliain 1939 i dTamhlacht deir Fenning: ‘His lifelong enthusiasm for the Irish language found an early outlet in his editorship of a new student magazine, An Sgiath.’ D’fhill sé ar Chorcaigh i 1946 agus bhain céim sa Léann Ceilteach amach i 1949 agus an tArd-Dioplóma san Oideachas an bhliain dár gcionn. Chaith sé samhradh 1950 ag staidéar ar an mBreatnais in Aberystwyth. Bhí sé ag múineadh Gaeilge agus Gearmáinise i gColáiste na nDoiminiceach sa Droichead Nua ó 1950 go 1974 agus bhí ina ardmháistir 1965-68, post nár oir dá nádúr, dar le Fenning.

I 1974 ba é féin a roghnaigh gur go dtí an Pheirs (an Iaráin) a rachadh sé ag obair. Bhí sé ina shagart cúnta in Tehran agus chuidíodh in obair rúnaíochta an ardeaspaig, go háirithe sa chomhfhreagras Fraincise. D’fhoghlaim sé Parsi agus bhí an tsléibhteoireacht mar chaitheamh aimsire aige. ‘From 1977 he also took care of the Catholic community at Ishfahan. When revolution broke out, he was bitterly disappointed at being expelled and quite fearless in badgering the officials who were telling him to go. His passport was stamped: “to leave Iran before 23rd August 1980”.’ Chaith sé an chuid a bhí fágtha dá shaol san Iúr, Co. an Dúin. Cuid dá dhualgais ansiúd ba ea taighde a dhéanamh ar mhairtírigh na hÉireann don choimisiún staire a bunaíodh i mBaile Átha Cliath. Bhí baint aige freisin leis an obair éacúiméineach san Iúr, é ina rúnaí ó 1985 i leith ag an ngrúpa éacúiméineach de shagairt agus de mhinistrí i ndeisceart an Dúin.

Is é Nuafhilí (1942-1952), 1956, in eagar ag Séamas Ó Céileachair, an t-aon duanaire a bhfuil dánta leis ann agus ní léir gur cnuasaíodh a dhánta. Dhealródh gur bheag a chum sé i ndiaidh na luathchaogaidí. Mise an Bheatha, 1956, smaointe ar bheatha Chríost, a chéad leabhar. D’fhoilsigh F.Á.S Colún Eibhir: saol agus saothar Naomh Tomás Acúin, 1963; dúirt sé leis an nGlaisneach gur thug sé togha na haire nach ar iontaoibh an Bhéarla a bheadh sé agus é á scríobh agus gur léigh sé go leitheadach sa Fhraincis, san Iodáilis agus sa Ghearmáinis. Chuir sé Leabhar Irimiá ar fáil i 1975 agus sin é an t-aistriúchán atá in An Bíobla Naofa, 1981 (‘An tAthair Aibhistín Valkenburg a sholáthraigh Irimia i gcomhairle leis an Ath. Wilfrid Ó hUrdail O.P.’, a deir an fear eagair Pádraig Ó Fiannachta). Is i bpáirt le Hugh Fenning O.P. a scríobh sé Two Dominican Martyrs of Ireland, 1992. Tá ábhar aige in Newbridge College Annual, An Síol, Comhar, Kildare Archaeological Society Journal, Feasta, The Furrow, An Sagart, Irisleabhar Mhá Nuad .... In Dúchas, 1986 gheofar a aiste ar Phádraigín Haicéad. Le cead Paul Claudel d’aistrigh sé go Gaeilge an dráma L’Annonce faite à Marie. Craoladh ar Radio Éireann é ach níor foilsíodh é. D’éag sé 25 Eanáir 1990.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú