ainm.ie focal.ie logainm.ie dúchas.ie gaois.ie scéalta nua/news · FIONTAR
printéir priontáil scáileán ar ais chuig leagan don scáileán printéir leagan furasta le priontáil THOMSON, George Derwent (19031987)

Duine de mhórscoláirí Gréigise a linne ba ea an Sasanach seo a chaith dua ar leith le hobair athbheochan na Gaeilge. Gheofar cuntais air: in Island Home: the Blasket Heritage, 1988, leabhar deireanach Thomson, mar a bhfuil i gcló aiste bheathaisnéise Tim Enright ; in Seoirse Mac Tomáis 1903-1987 (Ceiliúradh an Bhlascaoid 4), 2000 in eagar ag Máire Ní Chéilleachair mar a bhfuil aistí agus cuimhní ag Margaret Alexiou, iníon Thomson, Máire (Llewelyn) Ní Shúilleabháin-Uí Chíobháin, iníon Mhuiris Uí Shúilleabháin , Katherine Thomson, beanchéile Thomson agus daoine eile; in Celtic Studies in Europe and other essays, 2000 le Seán Ó Lúing agus in ‘Seoirse Mac Tomáis—George Derwent Thomson’, mar aon le liosta a shaothair Gaeilge, ag an údar céanna in Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society uimh. 13, 1980; ag Muiris Mac Conghail in The Blaskets: a Kerry Island Library, 1987; in Who’s Who, 1986. Bhí aistí i gcló ag Risteárd Ó Glaisne ina thaobh in Inniu 9 Eanáir-16 Feabhra 1981 agus, sa pháipéar céanna, trí alt le Máirtín Ó Flathartaigh i dtaobh an tamaill a chaith Thomson i nGaillimh, mar a raibh Máirtín ar dhuine dá mhic léinn. Tá léargas ar a shaol freisin ag Seán Ó Lúing sa réamhrá a chuir sé le bailiúchán de scríbhinní gairide Mhic Tomáis, Gach Órlach de mo Chroí: Dréachta, 1988. Tá neart eolais nua ag Muiris Mac Conghail in Aghaidheanna Fidil agus Púicíní: Seoirse Mac Thomáis in Éirinn, 2009.

Ag 2, Allison Grove, Dulwich Common, Dulwich Thiar, Londain, a rugadh é ar 19 Lúnasa 1903. Cuntasóir faoi chairt a athair William Henry. Bhí a mháthair, Minnie Clements, agus a hathair roimpi, arbh Ultach de bhunadh na nOráisteach é, ar son Éire a bheith saor agus is iad sin a d’adhain spéis an bhuachalla óig in Éirinn. Fiú agus é ar scoil i gColáiste Dulwich théadh sé go dtí rang de chuid Chonradh na Gaeilge. Thug scoláireacht go dtí Coláiste an Rí in Cambridge é i 1922 agus roghnaigh sé na clasaicigh mar ábhar léinn. Bhí fonn air tamall a chaitheamh sa Ghaeltacht agus thug sé cuairt ar Robin Flower . An chomhairle a chuir seisean air dul go dtí an Blascaod. Tá cuntas ag Muiris Ó Suilleabháin (Fiche bliain ag fás) agus ag Máire Ní Ghuithín (Bean an Oileáin) ar an gcaoi ar casadh an Sasanach óg orthu a chéad uair san oileán an 23 Lúnasa 1923. Sé sheachtain a chaith sé ann agus ní hé amháin gur chuir sé aithne ar mhuintir an oileáin, Tomás Ó Criomhthain agus Peig Sayers ina measc, ach gur fhoghlaim sé Gaeilge go sármhaith. Ba mhinic ar cuairt ann é ina dhiaidh sin. Is léir ar rud a scríobh sé in The Prehistoric Aegean, 1949 gur chuir na cuairteanna lena eolas ar chúlra Hóiméir. ‘Then I went to Ireland. The conversation of those ragged peasants . . . electrified me. It was as though Homer had come alive. . . . Returning to Homer I read him in a new light. He was a people’s poet—aristocratic, no doubt, but living in an age in which class inequalities had not yet created a cultural cleavage between hut and castle’ (as sliocht atá i gcló ag Mac Conghail). Sa réamhrá le Aeschylus and Athens, 1941 scríobh sé: ‘I must also mention a special debt to my friends, the peasant fishermen of the Blasket islands in West Kerry, who taught me, among other things that could not have been learned from books, what it is like to live in a pre-capitalist society.’

Fuair sé onóracha den chéad ghrád sa tripos clasaiceach agus bhain scoláireacht Craven, rud a chuir ar a chumas bliain 1926 a chaitheamh i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; ann a rinne sé an obair i gcomhair a chéad leabhair, Greek Lyric Metre, 1929 (eagrán nua 1960). Moladh gléine a phróis agus deir Enright: ‘Even Thomson’s style of writing had been influenced by his Blasket experience. He would become a polymath but never a pedant and, however profound the subject matter, would always write with a euphonious lucidity uncommon in learned work. So deep had been the effect of the Island’s oral culture upon him that he would never commit anything to print without first reciting it aloud . . .’. Bhí sé sa Bhlascaod samhradh na bliana sin agus thosaigh ag tathant ar Mhuiris Ó Súilleabháin dul isteach sa Gharda Síochána in ionad dul go Meiriceá. Bhí sé roimh Mhuiris sa stáisiún i mBaile Átha Cliath agus é ar tí liostáil. Bhí sé ina chomhalta dá choláiste in Cambridge 1927-31 ach chaith tamall de 1929 ar ais i mBaile Átha Cliath chun eagrán 1932 de Prometheus Bound Aeschylus a ullmhú. Bhí litir agus aiste aige in The Star an bhliain sin i dtaobh na Gaeilge san ollscolaíocht. Chuir sé ionadh an domhain ar a chomhghleacaithe in Cambridge i 1931 agus ar scoláirí Gréigise nuair a ghlac sé le post léachtóra i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Tá an scéal a chuaigh thart i dtaobh an agallaimh a chuir an bord ceapacháin air ag Mac Conghail. Bhíothas muiníneach gur sagart a cheapfaí nuair is Gréigis a bhí i gceist agus go háirithe nuair a chaithfí Gaeilge an tSasanaigh óig a fhéachaint. ‘Could Mr Thomson give an example of his prowess to lecture in Irish? The candidate stood up and delivered himself of a lecture on Plato in Blasket Irish to the astonishment of the interview board.’ Is é a dúirt sé féin in Gach Órlach de mo Chroí go raibh baint ag Earnán de Blaghd leis an gceapachán agus leis na pleananna a bhí á ndéanamh aige.

Thomson a mhol do Mhuiris Ó Súilleabháin scéal a bheatha a scríobh agus a thug an-chabhair dó lena dhéanamh, go háirithe nuair a bhí sé lonnaithe i nGaillimh, tharla Muiris a bheith ina gharda in Indreabhán i gCois Fharraige. Bhí an lámhscríbhinn rófhada agus Thomson a rinne an eagarthóireacht; tá cuntas air sin aige in Comhar, Samhain 1958 (‘Fiche Bliain ag Fás’). Theastaigh ón nGúm go bhfágfaí rud áirithe ar lár agus tugadh ansin do Phreas an Talbóidigh é. Tá cuntas ag Seán Ó Lúing ar na deacrachtaí a chuir an foilsitheoir sa tslí air agus ar deireadh ba é Thomson a d’íoc an costas. Agus ba iad Thomson agus Moya Llewelyn Davies a scríobh an leagan Béarla, Twenty Years A-Growing, 1933. Is dóigh le Mac Conghail gur fearr d’aistriúchán é ná an t-aistriú a rinne Flower ar An tOileánach. Bhronn Thomson lámhscríbhinn Uí Shúilleabháin ar an Leabharlann Náisiúnta i 1986.

Chuir sé roimhe i nGaillimh téacsleabhair a scríobh agus blas den oideachas ollscoile a roinnt ar mhuintir Chonamara ina dteanga féin. Faoin ainm Seoirse Mac Laghmhainn, leagan Gaeilge de shloinne a mháthar, chuir sé Gaeilge ar ‘trí cómhráidthe d’ár cheap Platón’ in Breith Bháis ar Eagnuidhe, 1929; faoin ainm céanna bhí scéalta ó stair Herodotus faoin teideal ‘An seana-shaol Gréagach’ i gcló aige in An Phoblacht 21 Eanáir go 19 Bealtaine 1928. Mar Sheoirse Mac Tomáis a chuir sé amach: Alcéstis, 1932 le Eurípedés; Prométheus fé Chuibhreach, 1933, le Aeschylus; Tosnú na Feallsúnachta, 1935, ar cuntas ar fhealsúnacht na sean-Ghréige é. Leabhar nach raibh an Gúm sásta a fhoilsiú is ea ‘Tosnú na Sibhialtachta’; níor thaitin leo a raibh ann i dtaobh na héabhlóide. D’aistrigh sé ábhar ón nGréigis a bhí i gcló i bhfad ina dhiaidh sin in Irisleabhar Mhá Nuad agus in Léachtaí Cholm Cille. Maidir leis an aidhm eile níorbh fhéidir í a bhaint amach murarbh fhéidir úsáid a bhaint as na scoileanna náisiúnta mar ionaid ach is cosúil nár thug bainisteoir scoile ar bith i nGaeltacht na Gaillimhe an cead sin dó. Fear roimh a am ba ea Mac Tomáis sa ghné seo den oideachas aosach. Scríobh sé cuntas ar a shaothar ar son na teanga in Yorkshire Celtic Studies, III, 1944 agus déanann Ó Lúing achoimre Gaeilge air in Gach Órlach de mo Chroí. Seo sliocht as: ‘Níor theastaigh ó na húdaráis oideachas a bheith ar an lucht tuaithe. Chuirfeadh sé smaointe ina gceann b’fhéidir. Spreagfadh sé iad chun feabhas a lorg ar a stáid. Chonacthas é sin do na húdaráis i bhfad ní ba léire ná domsa. De réir mar a leathnaigh teagasc na Gaolainne ins na scoileanna, bheartaíodar go hoscailte an treo inar theastaigh uathu athbheochaint na Gaolainne dul. Ní raibh an teanga le húsáid chun cultúr nua-aimsire na hEorpa a thabhairt isteach. Bhí sí le húsáid chun an cultúr sin d’iamh amach.’ Sa leabhar sin freisin, mar aon le litreacha, aistí, a aistriúcháin ar shoinéid Shakespeare, a foilsíodh in The Star, An tÓglach, Humanitas, agus le scéalta nár foilsíodh roimhe sin, gheofar an aiste ‘Oideachas Ollscoile ins an Ghaeltacht’ a bhí i gcló ar dtús in The Star 24 Bealtaine 1930. D’aistrigh sé Odaisé Hóiméir freisin ach cailleadh an lámhscríbhinn; bhí súil ag Ó Lúing go n-aimseofaí i nGaillimh go fóill í. Chuir Seoirse, Osborn Bergin agus Séamus Ó Séaghdha leagan giorraithe de Leabhar na nUrnaithe Comhchoiteann ar fáil i 1938-39 do APCK faoin teideal Leabhar na n-Urnaihi Cóchoitteanna.

Is léir ar an aguisín (‘Taibhdhearc na Gaillimhe: Clár na Léirithe 1928-1970’) a chuir Pádraig Ó Siadhail le Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 gur chuir sé spéis mhór sa drámaíocht le linn dó a bheith i nGaillimh. Sa liosta gheofar na tagairtí seo: 15-18 Nollaig 1931: An Cleamhnas Cliste (Nikolai Gogol / aist: Seoirse Mac Tomáis is Aodh Mac Dhubháin); 17-20 Iúil 1932: Cách (Everyman / aist: Seoirse Mac Tomáis); 29 Samhain 1942: Mo Pheacadh (Seoirse Mac Tomáis).

D’fhág sé Éire i 1934 agus phós Katharine Fraser Stewart an bhliain dár gcionn. I 1935 freisin d’iompaigh sé ina Chumannach agus thug a chéad chuairt ar an Rúis. Chaith sé tamall maith ina bhall d’ardchomhairle Pháirtí Chumannach na Breataine; scríobhadh go minic ar ghnéithe den Marxachas; thugadh sraitheanna léachtaí d’oibrithe monarchan. Aistríodh cuid dá shaothar go 22 teanga. Is iad na leabhair is minice a luaitear: Prometheus Bound, 1932; Oresteia, 1938; Aeschylus and Athens, 1941; Marxism and Poetry, 1946; Studies in Ancient Greek Society, 1949-55; The Greek Language, 1960; A Manual of Modern Greek, 1966; From Marx to Mao Tse-tung, 1971; Capitalism and After, 1973. Foilsíodh i 1977 An Blascaod mar a bhí agus leagan méadaithe i mBéarla, The Blasket that was: the story of a deserted village, 1982. Ceoltóir oilte ba ea a bhean agus tráchtann Enright go sonrach ar an dúil mhór a bhí aige san ealaín sin. Ó 1937 go 1970 bhí sé ina ollamh le Gréigis in Ollscoil Birmingham. Bhronn Ollscoil Thessaloniki dochtúireacht air i 1979.

Ó na 1960idí ar aghaidh bhí caidreamh aige le Pádraig Ó Fiannachta. Sna 1930idí bhí cuid mhaith d’fhaoistiní Naomh Agaistín aistrithe aige ach ní ghlacfadh an Gúm leo; bhí ráite, dhealródh sé, ag cibé léitheoir a bhí ceaptha nár den chríonnacht an saothar a fhoilsiú toisc nár Chaitliceach Mac Tomáis. Tugadh don Fhiannachtach iad. D’aistrigh seisean an dá leabhar deiridh de na deich gcinn agus d’fhoilsigh An Sagart iad faoin teideal Mise Agaistín, 1967; ní ghlacfadh Mac Tomáis le táille. Faoi 1975 bhí Fiche Bliain ag Fás as cló le beagnach 35 bliain agus bhí Mac Tomáis ag iarraidh foilsitheoir a bheadh báúil leis an leabhar a aimsiú. Chaith Ó Fiannachta seachtain in Birmingham ag cabhrú leis an eagarthóireacht agus scríobh dán molta ina dhiaidh sin (i gcló in Donn Bó agus dánta eile, 1977). Bhí Thomson agus a bhean sa láthair nuair a seoladh an t-eagrán nua ag Féile na Scríbhneoirí i Lios Tuathail i 1976. Is le linn na cuairte sin a chuir Proinsias Mac Aonghusa agallamh air agus an Blascaod mar chúlra acu sa scannán. Cuireadh agallamh arís air le haghaidh an scannáin mhóir a rinne Muiris Mac Conghail i dtaobh an Bhlascaoid i 1985, Oileán Eile—Another Island; faoin am sin bhí teipthe go mór ar a ghuth ach is amhlaidh a chuir sin le draíocht a chuid cainte. In ‘Tuarascáil’ (Irish Times 16 Eanáir 1989) mhínigh an tOllamh Gearóid Mac Eoin go raibh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag beartú dochtúireacht oinigh a bhronnadh air i 1979 ach nach bhféadfadh sé an turas a dhéanamh. D’éag sé ar 3 Feabhra 1987 in Ospidéal Ollscoile Birmingham. Bhí beirt iníonacha aige agus bhí bean díobh ina hollamh le Gréigis in Harvard.

© Bunsonraí na mbeathaisnéisí: Cló Iar-Chonnacht (2014) · © An cóiriú leictreonach seo: Fiontar (2014) · Teagmháil: ainm@dcu.ie · facebook · twitter
Foirm aiseolais | Cartlann scéalta nuachta