D’aistrigh sé leabhair le Blascaodaigh agus ba é a thug an óráid ag sochraid George Thomson. Tá cuntas air: ag Seán Ó Lúing in Celtic Studies in Europe and other essays, 2000 (‘Tim Enright, scholar and Marxist’); ag Risteárd Ó Glaisne in Anois 26-27 Feabhra 1994 (‘Tadhg Mac Ionnrachtaigh’). I Lios Tuathail, Co. Chiarraí, a rugadh é 7 Eanáir 1926 do Jack Enright agus Elizabeth Sullivan; bhí deirfiúr agus beirt deartháireacha aige. Bhí Jack fostaithe i ngnó síoladóireachta agus soláthair earraí feirmeoireachta sula ndeachaigh sé isteach in Arm na Breataine 1914-18; chuaigh sé isteach sna hÓglaigh ina dhiaidh sin agus bhí ag troid i gCogadh na Saoirse; bhí seisean agus a dheartháir Daniel in aghaidh an tSaorstáit sa Chogadh Cathartha agus cuireadh Daniel chun báis i nDroim Bó, Co. Dhún na nGall, 14 Márta 1923.

Bhí Bryan McMahon mar mhúinteoir ag Tim i Lios Tuathail agus cuireadh meánoideachas air i gColáiste Bhréanainn, Cill Airne. Deirtear gur díbríodh as an gcoláiste é nuair a fuarthas é a bheith ag cur teagasc Shéamuis Uí Chonghaile chun tosaigh i measc na mac léinn. Gach samhradh théadh sé ag obair ar fheirm i bparóiste Bhaile an Fheirtéaraigh. D’éirigh leis scoláireacht go Coláiste na Tríonóide a bhuachan agus deir Ó Glaisne, a bhí cairdiúil leis sa choláiste, gur Gréigis agus Laidin a bhí ar siúl aige agus um an dtaca seo go raibh ‘canúint a dhúiche féin go binn blasta ar a chuid Gaeilge’. Fuair sé post múinteora in Coxwold, Sasana, ach tar éis tamaill ghairid d’aistrigh sé go scoil ghramadaí in Yorkshire Thiar mar a raibh sé ag múineadh Laidine. ‘This school, having merged into the comprehensive system, became the Brooksbank Comprehensive School, Elland. Beginning in 1951 Tim taught Latin to O-level, and presently extended the standard to A-level. When he retired in 1981, the Department of Classics, under the influence of his teaching, was ranked one of the top twelve in England’ (Ó Lúing). I dtus báire bhí sé ina bhall d’eite chlé Pháirtí an Lucht Oibre ach i 1955 chláraigh sé mar bhall den Pháirtí Cumannach agus b’in a chuir tús lena chaidreamh ar George Thomson. Deir Ó Lúing gurb é cuntas Enright ar Thomson in Island Home, the Blasket Heritage, 1988, leabhar deireanach Thomson, an cur síos is fearr air dár scríobhadh. ‘The review of George Thomson’s life and work was clearly a labour of love. In fact it is difficult to consider George and Tim apart from each other, so close did their interests coincide and Tim may be considered as the disciple and successor of his friend.’ Chaitheadh sé laethanta saoire gach bliain i nGaeltacht Chiarraí. Is iad na haistriúcháin a rinne sé: Is truagh ná fanann an óige le Micheál Ó Gaoithín (A pity youth does not last, 1982); Allagar na hInise le Tomás Ó Criomhthain (Island cross-talk, pages from a diary, 1986), Lá dár saol le Seán Ó Criomhthain (A day in our life, 1992). D’éag sé in Ospidéal Ríoga Halifax 7 Nollaig 1993. Bhí sé pósta ar Trudy Coultisch agus bhí mac agus iníon acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú