Sa Mhuileann gCearr a rugadh an poblachtach / sóisialach seo 5 Iúil 1919. Ba iad a thuismitheoirí John Mulready, éadaitheoir, agus Catherine McSorley arbh as Co. Thír Eoghain di. Bhí sé ar scoil i gColáiste Mhuire sa Mhuileann gCearr mar a raibh Gearóid Ó Maoilmhichíl mar mhúinteoir aige agus ní foláir nó bhí tionchar éigin aigesean air. I gColáiste Ollscoile na Gaillimhe gabhadh é i 1939 sular chríochnaigh sé a chúrsa léinn. Bhí sé ina ghéibheannach sa Churrach agus bhí ar dhuine díobh sin a dhéanadh freastal ar rang Mháirtín Uí Chadhain. Tá litir a scríobh sé faoi mhodhanna múinte Mháirtín i gcló inDe Ghlaschloich an Oileáin..., 1987 agus go gairid i ndiaidh bhás Mháirtín bhí litir i gcló aige in Scéala Éireann 2 Samhain 1970 agus aiste aige air in Feasta, Deireadh Fómhair 1971. Bhí sé ar dhuine díobh sin a chuaigh isteach sa Churrach mar phoblachtaigh agus a d’fhág é i 1942 agus iad iompaithe um an taca sin ina sóisialaigh freisin. Bhí a dheartháir Dick ann freisin agus bhí Gaeilge phaiteanta aige dá bharr. Bhí a dheirfiúr Máire pósta ar dhuine de na hiarghéibheannaigh, Máirtín Standún.

Phós sé Mary Anne Stapleton ón Inbhear Mór, poblachtach a díbríodh as Londain i 1939, agus bhí beirt mhac acu. Ar feadh i bhfad bhí sé ag saothrú a bheatha mar mhúinteoir páirtaimseartha. I gceardscoil Sráid na Danmhairge, Baile Átha Cliath, a bhí sé ar feadh i bhfad. Níorbh aon chabhair dó ansiúd go raibh sé ina bhall den Pháirtí Cumannach agus nár cheil sé sin ar an saol mór; bhíodh litreacha polaitiúla aige rialta go leor san Irish Times. Níor chabhair dó ach oiread gurbh é a bhunaigh ceardchumann chun cearta a bhaint amach do mhúinteoirí páirtaimseartha. I ndeireadh báire níorbh fhiú dó a raibh d’uaireanta le fáil aige sa cheardscoil sin agus ar feadh píosa bhí sé ag obair i gColáiste Ross, scoil phríobháideach a d’ullmhaíodh daltaí do scrúdú an mháithreánaigh. I ndeireadh báire shocraigh sé féin agus a theaghlach cur fúthu in Birmingham tuairim 1957-58. Bhí ranganna Béarla do pháistí ón Áise á múineadh aige ansiúd. Bhí rang Gaeilge ar siúl aige tamall freisin ach theip air toisc sagairt na háite a bheith ag fógairt baghcait air. Lean sé air sa Pháirtí Cumannach ansiúd ach d’éirigh as i 1968 toisc go ndearna an USSR ionradh ar Phoblacht na Seicslóvaice. Cara leis in Birmingham ba ea George Thomson. D’éag sé 19 Eanáir 1983 agus cuireadh a luaithreach i reilig Ghlas Naíon.

Chraoltaí gearrscéalta Gaeilge dá chuid ar Radio Éireann agus foilsíodh cuid eile díobh in Feasta agus in Comhar. D’fhoilsigh An Clóchomhar a úrscéal Gráiscín, 1982, úrscéal frithchléireach atá suite i gConamara.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú