Ó SÉ, Seán (1939–1995)

Ó 1986 go 1995 bhí an cainteoir dúchais Gaeilge seo ina Leas-phríomhaistritheoir i Rannóg an Aistriúcháin, Tithe an Rialtais. In The Irish Times 11 Nollaig 1995 tugann Seán Ó Lúing léargas dúinn ar an mórmheas a bhí ag a chomhghleacaithe i Rannóg an Aistriúcháin air:

Scéal bróin agus mairgne. Tá tost ar Ghaeilge bhinn Sheáin Uí Shé. Is dian déarach an toisc sin. Níor shíleamar riamh go bhféadfadh Seán Ó Sé éagadh. Eisean a bhí chomh tréan, chomh seasmhach, chomh daingean leis an lánchúlaí ar an bpáirc imeartha. A ghnúis a bhí chomh fáilthí. A chraitheadh teann láimhe a bhronn muintearas. Tá Seán in easnamh orainn. Tá rian goil ar leicne.

Foilsíodh Seán Ó Sé: cuimhní pinn, cuimhní cinn (2010), in eagar ag Liam Prút. Tá cuntais/cuimhní ann ag cúigear dá pháistí, ag deartháireacha agus deirfiúracha leis, agus ag triúr dá chomhghleacaithe (Liam Prút, Ríonach uí Ógáin agus Seán Ó Curraoin). Tá ann chomh maith gearrsceálta, dánta agus aistí le Seán, cuid díobh nár foilsíodh go nuige sin. Is iad a mhic, Breandán agus Tiarnán, a scríobh an réamhrá.

Bhí leagan Nua-Ghaeilge den scéal Meán-Ghaeilge ‘Buile Shuibhne’ i riocht a chríochnaithe aige ag am a bháis. Bhí sliocht de i gcló in Oghma 6 ach d’fhoilsigh Coiscéim an saothar ina iomláine um Nollaig 2010, Buile Shuibhne, é in eagar ag Liam Prút. Bhí lámh freisin ag a dheartháireacha, Tomás agus Séamus, i bhfoilsiú an leabhair a thabhairt chun críche. Is é a bhí ráite ag Seán Ó Lúing faoin saothar i dtuireamh sin 1995: ‘Is mír é den saothar a bhí geallta ag Seán dá maireadh sé, mar bhí dúil domhain sa léann aige mar a léiríonn an leath dosaein léirmheas idir 1986 agus 1990.’

Rugadh é ar 26 Eanáir 1939. Ba é an tríú mac agus an ceathrú duine é sa chlann (beirt chailíní agus cúigear buachaillí) a bhí ag Seán Ó Séaghdha, feirmeoir i nGallaras, Baile na nGall, paróiste Chill Mhaoilchéadair, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí, agus a bhean Máire Ní Uallacháin. Tar éis bunscolaíochta i Leataoibh Mór thug scoláireacht é chuig Coláiste Mhuire, Gaillimh, agus bhí sé ina chaptaen ar an bhfoireann peile ann in 1955. D’fhan spéis mharthanach aige san iomáint freisin agus scríobh alt dar teideal ‘An iománaíocht i gCiarraí – stair nó todhchaí ghlórmhar?’ (i gcló in Seán Ó Sé: cuimhní pinn, cuimhní cinn). Chaith sé cúig bliana (ó 1957 go 1962) ag dul le sagartacht agus is insuime sa chomhthéacs sin go raibh deartháir lena mháthair, Joseph Breandan Houlihan (1911-1975), fear a rugadh i bparóiste Bhaile an Fheirtéaraigh, ina easpag ar dheoise Eldoret, an Chéinia, ó 1954 go 1970. Sa leabhar cuimhneacháin tugann Greg Harkin cuntas ar thréimhse Sheáin i gColáiste na Naomh Uile, Baile Átha Cliath agus é tugtha faoi deara go háirithe aige an dúil a bhí ag Seán sa léann clasaiceach.

Nuair ba léir dó nárbh í an tsagartacht a bhí i ndán dó, d’fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, mar a raibh Gaeilge agus stair mar phríomhábhair aige gur ghnóthaigh céim mháistir. Chaith sé tamall ag múineadh i gCeardscoil Dhún Laoghaire sular ghnóthaigh sé post i Rannóg an Aistriúcháin, Dáil Éireann, agus ó 1986 go 1995 ba é an Leas-phríomhaistritheoir é. Ba mhór an dúil a bhí sa léann clasaiceach aige agus sa Fhraincis agus sa Ghearmáinis. Bhí tamall caite aige sa Bhruiséil mar aistritheoir ó 1971 go 1972. In 1969 phós sé Beatrice Nic Conmara agus bhí seachtar leanaí acu agus cónaí orthu i Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath. B’fhéidir gurbh iad dualgais a phoist agus an cúram clainne a chuir srian lena chuid scríbhneoireachta, chomh maith gan amhras lena bhás anabaí agus gan ach 56 bliain d’aois aige.

In Iris seandálaíochta is staire Chiarraí, Uimh. 3, 1970 bhí i gcló aige ‘Pádraig Feiritéar (1856-1924): a shaol agus a shaothar.’ Is é an cuntas is iomláine é dar scríobhadh ar an tírghráthóir sin. Bhí an gearrscéal ‘An t-aistriú’ i gcló aige in An tUltach, Eanáir 1969. Foilsíodh i móreagrán ficsin Comhar 1995 an gearrscéal ‘Bulaí’ a raibh an chéad duais gnóite aige ag féile ‘Tiobraid Árann ag Labhairt’ (1993). Bhí leathdhosaen léirmheasanna aige ar chuid de leabhair thábhachtacha na linne sin in Comhar idir 1986 agus 1990. In Seán Ó Sé: cuimhní pinn, cuimhní cinn foilsíodh ábhar nach raibh i gcló go nuige sin: ‘Sáipéilín Ghallarais,’ ‘Naomhóga sa tseanaimsir: a líon agus a ndéanamh,’ chomh maith le dánta agus gearrscéalta leis.

D’éag sé ar 19 Samhain 1995.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair