Ó SÉ, Páidí (1955–2012)

Bhí Páidí Ó Sé le háireamh ar dhuine de mhórpheileadóirí Chumann Lúthchleas Gael. Ocht n-uaire a thug sé bonn Chraobh Sinsear na hÉireann sa pheil leis as Páirc an Chrócaigh, bhí sé ar fhoirne Chiarraí a bhuaigh Craobh na Mumhan aon uair déag idir 1975 agus 1986 agus nuair a bhí a shaol imeartha istigh, bhain sé cáil amach mar bhainisteoir ar fhoirne a chontae dúchais, na hIarmhí agus Chontae an Chláir.

Baineadh croitheadh as an saol fré chéile nuair a fuair sé bás go tobann ar 15 Nollaig 2012 agus gan é ach seacht mbliana le cois an leathchéid. Dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Liam Ó Néill, gur ar éigin a bhí duine in Éirinn, ní áirím iad siúd arbh shuim leo na cluichí Gaelacha, nach raibh a fhios acu cérbh é Páidí Ó Sé, de bharr a raibh déanta aige don eagraíocht agus don saol i gcoitinne. Ag labhairt ag a shochraid, dúirt an craoltóir, a chara agus a chomharsa bhéal dorais Mícheál Ó Sé, go raibh ceantar Chorca Dhuibhne chomh suaite agus dá mbeadh ‘scamh curtha ar Shliabh an Iolair, nó Ceann Slé féin tite le haill isteach sa bhfarraige.’ Go fiú agus gur thagair an BBC dá bhás ar an gclár BBC Sports Personality of the Year, a craoladh dhá lá tar éis dó dul ar shlí na fírinne.

Ba i Sasana a chas a mháthair, Beatrice Lavin as Baile an Mhóta, Co. Shligigh, agus a athair Tommy Ó Sé, as Ceann Trá, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí, ar a chéile agus ba ansiúd a saolaíodh an bheirt ba shine clainne a bhí orthu, Mícheál agus Tomás. Gortaíodh Tommy i dtimpiste bhóthair agus ina dhiaidh sin d’fhilleadar ar Éirinn agus cheannaigh siopa beag in Ard an Bhóthair, Co. Chiarraí, in 1952. Ar 16 Bealtaine 1955 a saolaíodh an duine clainne ab óige a bhí acu agus deireadh sé féin gur baisteadh Páidí air in ómós do pheileadóir Chiarraí Páidí Sheehy, a bhí ar an bhfoireann a bhuaigh Craobh na hÉireann an bhliain sin.

Fear eile a bhí ar an bhfoireann sin, Mick Murphy, a mhúin Páidí nuair a d’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta Chill Mhic an Domhnaigh agus idir sin agus na cuairteanna a thugadh beirt iar-pheileadóirí eile, Batt Garvey as Ceann Trá agus John Joe Sheehy as Trá Lí, ar an siopa, spreagadh suim an fhir óig i gcluiche na peile. Bhí sé sa mianach freisin, mar ba chol ceathar é le Páidí Tom Long, a bhuaigh boinn Chraobh na hÉireann é féin in 1959 agus 1962 agus bhí a dheartháir Tomás ar an bhfoireann a bhuaigh Craobh na Mionúr in 1963.

Agus a chuid bunscolaíochta curtha isteach aige, thug Páidí aghaidh ar Scoil na mBráithre sa Daingean , ach, agus bliain amháin déanta aige, d’iarr sé ar a thuismitheoirí é a chur chuig Coláiste Bhréanainn i gCill Áirne, mar go raibh cáil na peile ar an scoil sin.

Ansiúd, bhí sé ar fhoirne a bhuaigh Craobh Choláistí na Mumhan faoi dhó. In 1972 d’imir sé i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair, i gcluiche ceannais na hÉireann do na coláistí, ach bhuaigh Coláiste Phádraig, an Cabhán, orthu. Ba i Coláiste Mhichíl i Lios Tuathail a chríochnaigh sé a chuid meánscolaíochta, mar go raibh a dheartháir Mícheál ina chónaí ansiúd ag an am. Roghnaíodh ar fhoireann mionúr Chiarraí é in 1973 agus bhí sé ar an bhfoireann a bhuaigh Craobh faoi 21 na hÉireann an bhliain sin freisin, mar a bhí in 1975.

In earrach na bliana 1974, ainneoin nach raibh scrúdú na hArdteistiméireacha déanta fós aige, thosaigh Páidí ag baint áite amach go rialta ar an bhfoireann shinsear agus ba in aghaidh na Gaillimhe sa tSraith Náisiúnta a d’imir sé an chéad chluiche comórtais. Bhuaigh Ciarraí an tSraith sin amach, ach nuair a tháinig an Chraobh, fuair Corcaigh an lámh in uachtar orthu i gcluiche ceannais na Mumhan.

I mBealtaine na bliana 1975 chuaigh Páidí isteach i gColáiste na nGardaí ar an Teampall Mór i gCo. Thiobraid Árann agus i nDeireadh Fómhair na bliana sin thosaigh sé ar a chuid dualgais i Stáisiún Shráid Liam i gCathair Luimnigh. Faoin am sin bhí an chéad cheann d’ocht mbonn craoibhe de chuid na hÉireann aige, é ar an bhfoireann óg a bhuaigh ar Bhaile Átha Cliath sa chluiche ceannais faoi bhainistíocht Mick O’ Dwyer.

Seacht n-uaire ina dhiaidh sin (1978, 1979, 1980, 1981, 1984, 1985 agus 1986) a bhí sé ar fhoirne Chiarraí a bhuaigh Craobh Shinsear na hÉireann agus ba é a bhí ina chaptaen nuair a rinne siad an gaisce in 1985. Bhuaigh sé boinn Sraithe Náisiúnta i 1974, 1977, 1982 agus 1984 agus roghnaíodh ar fhoireann shárimreoirí na bliana é cúig bliana as a chéile idir 1981 agus 1985.

Ní raibh a shárú ann mar chosantóir, é lúfar, láidir, greamúsach agus léamh thar na beartaibh aige ar an imirt. As na deich gcluiche ceannais inar imir sé, níor cheadaigh sé dá chéilí comhraic ar fad eatarthu ach aon chúilín amháin as an imirt.

In 1979 d’éirigh Páidí as na Gardaí agus fad agus a bhí sé ag fanacht le cead agus le ceadúnas teach ósta a thógáil ar ghiodán talún a bhí ceannaithe aige trasna ón áit ar tógadh é, ghlac sé Tábhairne Kruger i nDún Chaoin ar cíos. Bhí fanacht fada go leor air sular tháinig an ceadúnas agus bhí an bhliain 1985 tagtha faoin am ar osclaíodh Tigh Pháidí Uí Shé in Ard an Bhóthair. An bhliain roimhe phós sé Máire Ní Fhathaigh as Baile an Fheirtéaraigh agus in imeacht ama rugadh triúr clainne dóibh, Neasa, Siún agus Pádraig.

D’éirigh Páidí Ó Sé as an imirt in 1989 agus an bhliain dar gcionn fuair sé blaiseadh de shaol an bhainisteora nuair a bhí sé i gceannas ar Iarthar Chiarraí nuair a bhuaigh siad craobh shinsear an chontae. In 1993 ceapadh é mar bhainisteoir ar fhoireann faoi 21 Chiarraí agus cé gur bhuaigh an Mhí orthu i gCluiche Ceannais na hÉireann, bhuaigh siad an comórtas amach in 1995. Ag deireadh na bliana sin ceapadh é mar bhainisteoir ar fhoireann na sinsear.In 1996 bhuaigh Ciarraí Craobh na Mumhan faoina chúram, ach bhuaigh Maigh Eo orthu i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Bliain ina dhiaidh sin bhuaigh Páidí Craobh na hÉireann mar bhainisteoir den chéad uair, thug a fhoireann an tsraith náisiúnta leo an bhliain sin freisin agus bhuaigh an chraobh arís i gcluiche athimeartha in aghaidh na Gaillimhe i mbliain na mílaoise.

I rith na seacht mbliana a raibh cúram an bhainisteora ar Pháidí, bhuaigh Ciarraí Craobh na Mumhan sé huaire agus thugadar an dá Chraobh Uile Éireann sin leo in 1997 agus 2000, ach tar éis do Chontae na Mí, Ard Mhacha agus Tír Eoghain an bua a fháil orthu i mbabhtaí ceannais agus leathcheannais in 2001, 2002 agus 2003 níor deineadh é a athcheapadh sa phost.

Thug sé aghaidh ar an Iarmhí ansin agus in 2004, faoina chúram, bhuaigh siadsan Craobh Shinsear Laighean den chéad uair riamh. Bliain amháin eile a chaith sé sa phost agus in 2006 ceapadh é mar bhainisteoir ar pheileadóirí an Chláir, an post deireanach a bhí aige mar bhainisteoir idirchontae.

Mar imreoir agus mar bhainisteoir, ba mhinic é páirteach i gcláir spóirt ar stáisiúin raidió agus teilifíse agus bhí gean faoi leith aige ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Chaith sé roinnt blianta i mbun colúin don Sunday Independent freisin.

Lasmuigh de chúrsaí peile, d’oibrigh sé go dícheallach chun an dúiche inar tógadh é a chur chun cinn, go háirithe ó thaobh na turasóireachta. Bhí sé ina stiúrthóir ar Fháilte Éireann agus ina chomhalta de Bhord Iascaigh Mhara. Mheall a chlú agus a cháil taoisigh, lucht spóirt agus fiú réaltaí scannáin go hArd an Bhóthair agus tá ballaí a thábhairne ansiúd breac le grianghraif dá leithéid.

Mártan Ó Ciardha