Ó SÉ, Liam (1921–2010)

An dochtúir seo a scríobh Lámhleabhar don lucht leighis, (1978) (an tríú heagrán, 2000) agus Crannóga: an epidemiological approach to the Gaeltacht (2000). Bhí alt ‘The Irish language revival: Achilles heel’ i gcló aige in Éire-Ireland 1965-66 (Iml.1, Uimh.1). Ó 1958 ar aghaidh bhí aistí aige in The Journal of the Irish Medical Association. In Irish Journal of Medical Science, Feb. 1971, Vol. 140 (No. 2), bhí i gcló aige ‘Care of the aged in Denmark and Sweden.’ Tar éis do Chomhairle na hEorpa comhaltacht taistil a bhronnadh air chaith sé mí i mbun taighde ar an ábhar sin sa Danmhairg agus sa tSualainn. D’iarr an American College of Gerontology achoimre air le cur i gcló ina n-iris féin.

Ba é Príomhoifigeach Sláinte Chontae Mhaigh Eo é ó 1967. In 1968 bhí sé ar bhunaitheoirí Acadamh na Lianna, cumann a bhfuil baill ann ón uile bhrainse den lucht leighis. Is leis is túisce a rith sé a leithéid a bhunú. Pádraig Ó Mathúna, poitigéir i gCaiseal, bunaitheoir na féile Dúchas in 1983, a thacaigh leis, san obair théisclimeach go háirithe. Bhí céad ball acu ann faoi 2010. Is chun deis díospóireachta a thabhairt don lucht leighis trí chruinnithe i nGaeilge a eagrú a bunaíodh an tAcadamh. Bhí aidhmeanna eile acu, ina measc, cumas sa Ghaeilge a thabhairt do dhochtúirí Gaeltachta, foclóir téarmaíochta leighis a chur ar fáil, caidreamh a shnaidhmeadh idir dochtúirí Gaeltachta . Ba é Liam a sheol Acta Medica Gadelica (nach maireann), foilseachán an Acadaimh, agus ba é féin an t-eagarthóir.

I mBaile Átha Cliath a rugadh Liam ar 29 Nollaig 1921 agus ba iad a thuismitheoirí William O’Shea, mac feirmeora in iardheisceart an Chláir, agus Anne Marie Kett ó Chill Rois sa cheantar céanna. Dhá chéad acra a bhí ag muintir a mháthar tráth san Fhairche, Co. an Chláir. Ba é Liam an dara mac acu. Bhí cáilithe mar iniúchóir ag William O’Shea ach fuair sé bás den eitinn in aois a 35 bliana dó ar 6 Meán Fómhair 1923 ag 4 Ardán Chonnacht, Ascaill Garville, Ráth Garbh, Baile Átha Cliath. Is ina státseirbhíseach sa Roinn Airgeadais nuabhunaithe a bhí sé ag an am sin. Go gairid i ndiaidh a bháis thug Anne Marie a beirt pháistí léi go Cill Rois. Ba iníon í siúd le Seosamh Ó Ceit (c.1843–1917), siopadóir, tábhairneoir, Fínín agus Parnellíteach, sa bhaile sin, é ina rúnaí áitiúil ann ag Conradh na Talún. Tá an tagairt seo dó ag Peadar Ó hAnnracháin in Fé bhrat an Chonnartha (1944) agus é ag tagairt don bhliain 1903:

Istigh i gCill Rois chonnac ceann breá [lámhscríbhinn, ar laoithe Fiannaíochta is mó a bhí ann] ag Seosamh Ó Ceit, siopadóir ábalta, agus cainteoir blasta Gaeilge. Mheallas uaidh ar iasacht ar feadh sealaid í. Ní fhéadfaí buachtaint ar an scríbhneoireacht.

Mícheál Ó hAnnracháin , Cill Rois, a chóipeáil an lámhscríbhinn sin in 1858. Col ceathrar ba ea an siopadóir sin, a dtugtaí ‘Joe Beag’ air, le Seosamh T. Ó Ceit, scríbhneoir san Fhairche. Bhí Joe Beag pósta le Jane Blood-O’Donnell a bhí síolraithe ón gCoirnéal Thomas Blood (c.1617–1680) a bhfuil cuntas air in DIB.

Go fóill maireann cáil ar athair Joe Beag, Seosamh (‘Joe Críonna’) Ó Ceit (c.1792–1875), mar bhailitheoir lámhscríbhinní. Bhí sé pósta ar neacht le Peadar Ó Conaill, foclóirí, agus bhí Eoghan Ó Comhraí ar scoil ag a athair. Thabharfá leat as litir a scríobh Micheál Ó Súilleabhain, Cill Rois, garmhac le hEoghan Rua Ó Súilleabháin, chuig Seán Ó Dálaigh ar 26 Lúnasa 1844 go gcaitheadh Joe Críonna go fial le scoláirí: ‘I have been speaking to Mr Kett… he has kindly promised me the contents of his collection and also the lone [sic] of what you may select…’ (i gcló in Seán Ó Dálaigh: éigse agus iomarbhá (Ó Drisceoil 2007). Gheofar gearrchuntas ar Joe Críonna agus a chuid lámhscríbhinní ag Eilís Ní Dheá in Clare: history and society (Lynch & Nugent 2008). In Eoghan Ó Comhraí: saol agus saothar (Ó Fiannachta 1995), tá an méid seo ag Ní Dheá (‘Ár n-oidhreacht lámhscríbhinní ó Dhún Átha thiar’):

Fós féin i gCill Chaoi, bhí muintir Cheit i mbun pinn. Colcheathracha ab ea Eoghan Ó Comhraidhe agus Joe Críonna Ó Ceit a bhí ag cur faoi san Fhairrche. Maireann cnuasach filíochta againn ó lámh Joe Chríonna a bhfuil dán le hEoghan Ó Comhraí ina measc, dán a scríobhadh ina lámh féin.

I nóta a 40 deir sí: ‘Thug an Dr. Liam Ó Sé, B.Á.C., tuairisc na lámhscríbhinní seo dom.’

In The Other Clare, 29 (2005) bhí i gcló ag Liam Ó Sé ‘Gunrunning in 1882’. Tugann sé ann cuntas ar lasta gunnaí a seoladh ó Shasana chuig Michael Glynn J.P. in Inis (mac le Glynn a d’inis seo do mháthair an dochtúra i 1929). Chuaigh beirt bhleachtairí in éineacht leis an lasta ó Shasana. Ní raibh puinn eolais ag Glynn faoin lasta seo ach shíl sé nárbh fholáir nó bhí eolas ina thaobh ag Joe Beag Ó Ceit. D’éirigh i ndeireadh báire leis na Fíníní seilbh a ghlacadh ar an lasta. Bhí Joe Beag i gceannas ar Fhíníní Iarthar an Chláir ag an am. Shíl an Dochtuir Ó Sé nárbh fholáir nó bhí éirí amach beartaithe in 1882 ag na Fíníní. Bhí Joe Crionna Ó Ceit (d’eag 1875) i gceannas ar Fhíníní Oirthear an Chláir.

Cuireadh oideachas ar Liam i gColáiste Fhlannáin, Inis, Co. an Chláir, agus b’fhéidir gurbh ann a adhnadh an spéis mhór a bhí aige san iomáint. Le leigheas a chuaigh sé i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus is léir ar a bhfuil in Crannóga nár leis ab fhaillí é aithne a chur ann ar chuid de scoláirí na haimsire sin. Ach b’fhéidir gurb í an chuid is draíochtúla den leabhar úd an cur síos ann ar an tréimhse ghairid a chaith sé ina dhochtúir sóisearach in Ospidéal an Chontae in Inis. Tá sleachta as in Aistí ar an Nua-Ghaeilge in ómós do Bhreandán Ó Buachalla (Doyle & Ní Laoire 2006). Chuir sé aithne ar othair ar chainteoirí dúchais iad as iarthar an Chláir. Rith an dea-smaoineamh leis iad a thabhairt le chéile i gcúinne ar leith de bharda. Bhí seandaoine eile san ospidéal a bhí imithe as taithí na teanga le tamall de bhlianta agus d’éirigh leis iad sin a thabhairt isteach sa chomhluadar sin. ‘Their tongues quickly regained their old fluency, and within a day or so their Irish was on a par with that of the others.’ Leis an iascaireacht agus an fheirmeoireacht a bhain cuid dá gcomhrá ach deir Ó Sé: ‘In fact, for every day of their stay in hospital, from morning to night, their entire preoccupation – not to say delight – was with and in poetry.’ Ba chuimhin leis gur ligeadh isteach mar othar buachaill óg ar chainteoir dúchais Gaeilge é ‘He was to distinguish himself in later life as the editor and proprietor of a paper serving the Irish in Britain.’ Gan aon amhras ba é seo Breandán Mac Lua (1935–2009), eagarthóir The Irish Post. In 1978 d’aistrigh Liam go Baile Átha Cliath mar stiúrthóir um chúram pobail i mBord Sláinte an Oirthir. Ainmníodh é ina chomhalta d'Acadamh Ríoga an Leighis in Éirinn (Dámh na hEipidéimeolaíochta agus na Míochaine Sláinte Poiblí). Níor lig sé a mhaidí le sruth riamh: ba mhinic dréachtaí staire á gcur i láthair aige ag imeachtaí Acadamh Ríoga Leighis na hÉireann agus bhí foclóir leighis á thiomsú aige. Bhí sé ina bhall bunaidh den Choiste Forbartha ag Bord Sláinte an Oirthir (1983), a raibh mar aidhm acu an Ghaeilge a chur chun tosaigh, a mhéid agus ab fhéidir, in obair laethúil an bhoird. Bhí baint ghníomhach aige le teach altranais a chur ar fáil i nGaeltacht Chonamara chun dul i gcúram daoine aosta i measc a muintire féin.

Maidir leis an bhfoclóir leighis Béarla-Gaeilge a bhí sé a thiomsú le fada, d’fhreastail sé uair ar chomhdháil i Lucsamburg faoi mhionteangacha agus ar dhianchúrsa seachtaine a d’eagraigh A. Manuela, príomheagarthóir Technical Publications WHO sa Ghinéiv. Bhí comhfhreagras aige le muintir CIOMS [Council for International Organisations of Medical Sciences atá faoi choimirce WHO agus UNESCO)]. Ba chiallmhaire do Ghaeilgeoirí, dar leis, gan a bheith chomh mór sin faoi thionchar an Bhéarla agus tarraingt ar na foinsí oifigiúla Gaeilge a bhí á bhforbairt ag an am. Sa treo sin ba chúnamh é taighde a dhéanamh ar mhionteangacha agus gan amhras ar mhórtheangacha eile na hEorpa, agus ar na teangacha clasaiceacha féin maidir le téarmaíocht. Bheadh de thoradh ar a leithéid d’fhoclóir go mbeadh againn teimpléad nó eiseamláir chun déileáil le téarmaíocht i gcoitinne.

Gan amhras níor gan stró a chuir sé Crannóga le chéile agus é anonn go maith in aois. Le galar forleatach nó eipidéimeach a samhlaíodh meath na teanga Gaeilge dó. Bhí cúinsí drochshláinte i gceist: éadóchas, náire, creideamh, leithlis, lagmheas, timpeallacht, néaróis… agus chaithfí dul i ngleic leo chun teacht ar leigheas agus chun go mairfeadh an teanga sa Ghaeltacht agus anseo is ansiúd ar fud Éireann. Sea, samhlaíodh dó gurbh othras a bhí ar an nGaeilge mar theanga phobail agus nárbh fholáir teacht mar sin ar chógais chun é a leigheas. Iarracht sa treo sin is ea Crannóga. Ní foláir nó ritheadh an seanfhocal leis – ‘dá mbeadh a fhios againn bheadh leigheas againn.’ Beirt iníonacha agus triúr mac a bhí aige féin agus ag Máire Brown, a bhean chéile a d’éag in 2003. D’éag sé féin ar 26 Meán Fómhair 2010.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair

Ailt

  • Ní Dheá, E. (2008) 'Scríobhaithe lámhscríbhinní Gaeilge i gContae an Chláir 1700-1900' in Lynch, M. & Nugent, P. [eagí] Clare: history and society. Baile Átha Cliath: Geography Publications, 139-55.
  • Ní Dheá, E. (1995) ‘Ár n-oidhreacht lámhscríbhinní ó Dhún Átha Thiar’ in Ó Fiannachta, P. [eag.] Eoghan Ó Comhraí: saol agus saothar. Maigh Nuad: An Sagart.
  • Ó Catháin, B. (2006) ‘Gaeilge Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe agus Gaeilge Chontae an Chláir: roinnt snáithí coiteanna’ in Doyle, A. & Ní Laoire, S. [eag.] Aistí ar an Nua-Ghaeilge in ómós do Bhreandán Ó Buachalla. Baile Átha Cliath: Cois Life, 23-40.