Bhí sí ar an aisteoir mná ba nótáilte in Éirinn sa 20ú haois. Lá a sochraide labhair Brian Friel cois na huaighe agus dúirt: ‘Siobhán was our pre-eminent Irish star, indeed our only star. For people of my generation, she personified an idea of Ireland.’ Tá cuntas mion ar a saol ag Micheál Ó hAodha in Siobhán: A Memoir of an Actress, 1994 agus gheofar in Who’s Who in the Theatre sonraí na rólanna a bhí aici i ndrámaí agus i scannáin. I bPáirc Naomh Séamus i gceantar na bhFál i mBéal Feirste a rugadh í 24 Bealtaine 1922 (sin í an bhliain atá ag Ó hAodha ach 1923 is gnáthaí i leabhair thagartha). Ba é Eoghan Mac Cionnaith, léachtóir i gColáiste Teicneolaíochta Chathair Bhéal Feirste , a hathair, agus ba í Gretta O’Reilly as Gránard, Co. an Longfoirt, a máthair. Aon deirfiúr amháin a bhí aici, Neansaí. Ba í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh ón uair a fostaíodh Siobhán Ní Mhainín ó Bhaile an Fheirtéaraigh mar bhuime. D’aistrigh siad go Gaillimh i 1928 nuair a ceapadh Eoghan ina léachtóir i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Nuair a bhuaigh Siobhán Ní Mhainín scoláireacht ollscoile fostaíodh cailín ón Spidéal ina háit.

Bhí Siobhán ar scoil ag na Doiminicigh sa Bhóthar Ard ach chaith bliain sa leaba nuair ba bhaol di an eitinn a tholgadh. I 1936 cuireadh go dtí coláiste aíochta Naomh Lughaidh i Muineachán í agus ghnóthaigh sí scoláireacht ollscoile ann. An tOllamh Liam Ó Briain a mhol í do Walter Macken agus deir Ó hAodha gurbh é an chéad ról aici i dTaidhbhearc na Gaillimhe ná mar dhuine d’iníníocha an ardrí i nglóir-réim i dtaobh Naomh Pádraig. Deirtear in Who’s Who in the Theatre gur sa dráma Tons of Money le Evans agus Valentine (aistrithe ag Buadhach Tóibín faoin teideal Dalladh Airgid) a rinne sí a céadligean ar an stáitse proifisiúnta. 1-4 Bealtaine 1941 an dáta (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail). An bhliain chéanna sin bhí ról Lady Macbeth aici i ndráma Shakespeare agus idir sin agus 1944 bhí sí páirteach in The Emperor Jones (Eugene O’Neill; Buadhach Tóibín a d’aistrigh); Shadow of a Gunman (O’Casey; Ó Feinneadha a d’aistrigh faoin teideal Scáil an Óglaigh); Plough and the Stars (O’Casey; Buadhach Tóibín a d’aistrigh faoin teideal An Céachta agus na Réalta); Mary Rose (J.M. Barrie; aistrithe ag Siobhán féin faoin teideal Máire Rós) .... In ainneoin na hoibre sin fuair sí onóracha den chéad scoth sa chéim BA i 1943 agus scoláireacht go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí i gceist aici céim mháistir a dhéanamh sa Fhraincis ach iarradh uirthi dul go dtí Amharclann na Mainistreach chun go gcuirfí triail uirthi; dhealródh go raibh labhartha ag Liam Ó Briain le Earnán de Blaghd fúithi. Tugadh conradh di agus tuarastal £4 sa tseachtain. Is mar sin a insíonn Ó hAodha an scéal ach is é leagan Uí Shiadhail go raibh scoláireachtaí ar fáil d’aisteoirí óga a raibh Gaeilge acu: ‘Ba iad na scoláireachtaí seo a thug Siobhán Nic Cionnaith agus Seán Mac Labhraidh, iaraisteoirí de chuid Thaibhdhearc na Gaillimhe, go hAmharclann na Mainistreach.’ Stiana le Peadar Ó hAnnracháin an chéad dráma a raibh ról aici ann 26-27 Márta 1944, agus an chéad dráma Béarla a raibh sí páirteach ann ná The End House le Joseph Tomelty a thosaigh 21 Lúnasa na bliana céanna. D’éirigh thar cionn leis an gcéad gheamaireacht Ghaeilge sa Mhainistir, Muireann agus an Prionsa le Micheál Ó hAodha (ó 26 Nollaig 1945 go ceann cúig sheachtain, cé nach raibh beartaithe dó ach sé oíche) agus bhí ról Jimín, giolla paipéar de chuid Bhaile Átha Cliath, ag Siobhán. Dúradh in Evening Herald: ‘Siobhán’s Jimín, son of a Moore Street trader, is a fascinating amalgam of Richmal Crompton’s William and a Dublin Dead-End Kid. This is a performance of inexhaustible vitality’ (i gcló ag Ó hAodha). Phós sí an t-aisteoir Denis O’Dea (1903-78) i Meán Fómhair 1946 agus rugadh mac, Donnacha, dóibh 30 Lúnasa 1948. Bhí buime acu ón gCeathrú Rua, Gaeilge a labhraítí sa teach agus cuireadh Donnacha go dtí Scoil Lorcáin. Níorbh fhada riamh ó aigne Shiobhán ceist na teanga; tuairiscíodh in Inniu 14 Samhain 1952 go raibh sí ina buanbhall de Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus go raibh sí le taispeántas ar litríocht na Gaeilge a oscailt i gClub na hÉireann i Londain.

Cheana féin bhí páirt ag Siobhán sa scannán Hungry Hill agus bhí sonrú curtha inti ag an léirmheastóir cáiliúil Clive Barnes i Londain nuair a bhí ról aici in The White Steed le P.V. Carroll. Ba léir ar scannán de chuid Paramount i 1948, Daughter of Darkness, go mbeadh gealladh fúithi mar réalt scannán, dá mba é sin a mian. Bhí sí páirteach i léirithe go leor i Londain timpeall an ama seo agus spéis ag leithéidí Laurence Olivier inti mar aisteoir. Ach ag an bpointe seo bheartaigh sí a haistriúchán San Siobhán (Saint Joan le G.B. Shaw) a stáitsiú sa Taibhdhearc um Nollaig 1950. Tugadh go dtí an Gaiety i mBaile Átha Cliath é oíche an Domhnaigh 14 Eanáir 1951. Scríobh Tomás Ó Floinn tuairisc air in Comhar, Feabhra 1951 (i gcló freisin in Cion Fir ..., 1997): ‘Bhí an Amharclann Gaiety lán ó fhotha go fraigh .... Bhí an pobal Gaeilge tógtha go mór leis an iarracht mhisniúil seo ag lucht na Gaillimhe; bhí siad bródúil as Siobhán Nic Cionnaith a mb’fhiú léi a clú mar aisteoir i mBéarla a chur i leataobh tamall lena thaispeáint don saol ar fad agus do lucht na Gaeilge go speisialta cá raibh rún a croí .... D’éirigh leis an léiriú. D’éirigh leis thar barr.’ Bhí an ról céanna aici sa bhundráma Béarla i mBaile Átha Cliath, i bPáras, i Londain, agus i 1954 bhuaigh sí duais an Evening Standard dá bharr.

Rólanna eile a bhain cáil amach di ba ea Juno in Juno and the Paycock agus Pegeen Mike in The Playboy of the Western World. I 1951 thug na Dublin Players dráma Synge go Féile Dhún Éideann. Bhí sí thar cionn sa ról ach is beag duine a chonaic an léiriú sin. Níor mhar sin don léiriú a rinne Cyril Cusack san Gaiety ag tosú 20 Iúil 1953; ba é an Christy Mahon ab fhearr riamh é féin, b’fhéidir, agus deir Ó hAodha: ‘Cusack’s incomparable gift for underplaying allowed Siobhán, at least for once, “to capsize the stars”.’ I samhradh 1961 bhí sí i ról Pheigín arís i scannán a rinne Brian Desmond Hurst i gCiarraí. Measadh nach raibh sí sách óg don ról um an dtaca seo, ach bhí fáthanna eile ar aon nós nár éirigh go maith leis an bhfiontar. D’fhaigheadh sí tairiscintí sna 1950idí, le linn di a bheith tamall fada sna Stáit Aontaithe, chun a bheith páirteach i scannáin ach riamh níor theastaigh uaithi conradh a shaighneáil le haon cheann de stiúideonna Hollywood. Scannáin a raibh ról aici iontu sna 1960idí is ea King of Kings (1961), Of Human Bondage (1964) agus Doctor Zhivago (1965).

Ó 1970 ar aghaidh thaitin a seó aonair Here are Ladies leis an bpobal in Éirinn, i Meiriceá, i gCeanada agus san Astráil. Pointe ard i gcúrsaí amharclainne sna 1970idí ba ea 75ú bliain na Mainistreach nuair a ghlac sí ról Juno arís i ndráma Uí Chathasaigh. Ba í an chomaoin deireanach a chuir sí ar an Mainistir an léiriú de Cúirt an Mheán-Oíche a stiúraigh sí i nDeireadh Fómhair 1984. Ach ní raibh deireadh fós lena caithréim: ar 5 Nollaig 1985 i nGaillimh a tharla ‘her last and perhaps her greatest triumph as Mommo in Bailegangaire by her friend Tom Murphy’ (Ó hAodha). Tugadh raidhse onóracha di ó 1966 ar aghaidh: in éineacht le naonúr eile toghadh í ina ball saoil den Mhainistir; i 1970 tugadh ballraíocht saoil di in Irish Actors’ Equity; thug Ollscoil na hÉireann, Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Uladh agus ollscoileanna i Meiriceá dochtúireachtaí di; d’ainmnigh Cearbhall Ó Dálaigh, Uachtarán na hÉireann, í mar bhall de Chomhairle an Stáit i 1975 agus ba í an chéad ealaíontóir í ar tugadh an gradam sin di. Bean chúise ba ea í a thacaigh go tréan leis an nGaeilge, le caomhnú na dtithe Seoirseacha, a bhí in aghaidh an imtheorannaithe agus na cinedheighilte. Ailse scámhóg ba thrúig bháis di 16 Samhain 1986. Cuireadh í i Rathún, Gaillimh.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú