Ó SIOCHRÚ, Pádraig (1927–2007)

Saighdiúir, údar, craoltóir, aisteoir, iriseoir. I Ráth Maonais, Baile Átha Cliath, a rugadh é ar 20 Eanáir 1927. Bhí sé ar dhuine den chúigear leanaí a rugadh do Mhicheál Ó Siochrú as Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí, agus dá bhean Siobhán Bowen, ar bhanaltra ó Eochaill, Co. Chorcaí, í. Bhí páirt glactha i gCogadh na Saoirse ag Micheál agus ceapadh é ag pointe éigin ina Phríomhchigire ar na scoileanna saothair. Ba mhac é le Pádraig Ó Siochrú, múinteoir scoile i Máistir Gaoithe, fear ar tugadh ‘Príomhoide Gaelach na hÉireann’ air toisc gurbh eisean an chéad mhúinteoir scoile sa tír a raibh scoil lán-Ghaelach ar bun aige (An Claidheamh Soluis 26 Nollaig 1915). Tá an Pádraig sin sa liosta de dhaoine a thug síntiús do Irisleabhar na Gaedhilge in 1882.

Ba í an Ghaeilge príomhtheanga an teaghlaigh agus is i Scoil Cholmcille, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath, a bhí sé ar dtús agus ansin i gColáiste Mhuire, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath. Sa bhunscoil bhí Muiris Ó Catháin ar dhuine dá mhúinteoirí agus sa mheánscoil bhí Tomás Ó Floinn aige. Chuaigh sé isteach sa Choláiste Míleata ar an gCurrach, Co. Chill Dara, in 1945. Tugadh coimisiún dó in 1947 agus cuireadh siar é chuig an Chéad Chath i nGaillimh. Ina dhiaidh sin, bhí sé tamall leis an bhFórsa Cosanta Áitiúil i gContae Mhaigh Eo, tamall i gCampa Fhionnúrach i nDún na nGall agus ansin sa Churrach mar ar thit air rialacha, treoracha agus orduithe an Airm a aistriú go Gaeilge. Sna 1960idí bhí sé mar phríomhoifigeach ceangail ag fórsaí síochána na Náisiún Aontaithe sa Chongó. D’éirigh sé as an Arm in 1965 agus é ina chaptaen faoin am sin.

Ceapadh é ina eagarthóir nuachta in RTÉ in 1966 agus thiteadh air go minic an Nuacht a chur i láthair ar raidió agus ar theilifís. Le linn a thréimhse san eagraíocht sin chuir sé agallamh ar scata daoine aitheanta. Comhghleacaí leis sa seomra nuachta ba ea Liam Mac Con Iomaire agus bhí seo le rá aigesean faoi Phádraig (atá i gcló sa tuairisc bháis in The Irish Times 23 Meitheamh 2007):

Bhíomar beirt inár mbaill de mheitheal oibre ar dheasc na nuachta, nach raibh a sárú le fáil ó thaobh meanman agus comhluadair. Chuir Pádraig Ó Siochrú go mór leis an gcomhluadar sin, lena sháracmhainn grinn agus lena scéilíní spéisiúla agus barrúla faoina shaol san Arm, go háirithe sa Chéad Chath ar an Rinn Mhóir i nGaillimh idir 1948 agus 1958, agus faoi Thaibhdhearc na Gaillimhe, áit a raibh sé ina dhlúthchara ag daoine mar Aodh Mac Dhubháin agus Siobhán Nic Chionnaith.

D’éirigh sé as an bpost in RTÉ in 1986.

Drámaí a d’aistrigh sé agus a léiríodh sa Taibhdhearc is ea An cúpla corr (The odd couple) (Simon 1966), Rossa (McHugh 1948); Is the priest at home? (Tomelty 1954), D don dúnmharú (Dial 'm' for murder) (Knott 1952); Witness for the prosecution (Ná tabhair fianaise bréige) (Christie 1954). Aisteoir cumasach é agus thugtaí faoi deara gurbh é a roghnaítí le haghaidh páirteanna laochra uaisle. Bundrámaí leis is ea An glaodhach deireannach (gan dáta) agus An té atá gan peaca (gan dáta). Tá liosta fada de na drámaí a scríobh sé do pháistí in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de scríbhneoirí Gaeilge (Uí Nia 1998): Fágaim le huacht é (1955); Carraig an aifrinn (1962); Peats Aerach agus an Bás (1964 agus 1971); An baile faoin loch (1988); Sláinte chugat, a Rí (1988); Ceol na sí (1993), An choill draíochta (1994); Liam na Leisce agus teach na gaoithe (1996). Roghnaíodh drámaí dá chuid i mbailiúcháin mar Ceithre dhráma do leanaí (1979) agus 33 drámaí do ghasúir scoile (1989). Scéalta a scríobh sé do pháistí is ea: Prionsa na mbréag (1990); The good soldier Johnny Doyle (1990) (athinsint ar Johnny Doyle le Seán Ó Conaill); agus The greatest rogue in Ireland (1992) (atá bunaithe ar scéal Bhricriú). Scríobh sé scór de dhrámaí raidió do RTÉ. Rinne sé athchóiriú don teilifís ar An giall le Breandán Ó Beacháin agus scríobh an bundráma teilifíse, An fear faire (1968). Foilsíodh ailt leis in Feasta, Inniu, Agus, An tUltach. Ba mhinic duaiseanna Oireachtais buaite aige.

Chuidigh sé le Tomás de Bhaldraithe i gcás na dtéarmaí míleata in English-Irish dictionary (1959). Dhéanadh sé moltóireacht ag féilte drámaíochta, bhí ina léirmheastóir drámaíochta ag Feasta ó 1960 go 1963) agus scríobhadh léirmheasanna in Scéala Éireann. Bhí sé pósta ar Úna Ní Fhaoláin agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu. D’éag sé ar 10 Meitheamh 2007.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair