Ba dhuine é de na hollúna a d’fhéach leis an gColáiste Ollscoile, Gaillimh, a ghaelú. Sa Phríomhshráid, Sráid an Mhuilinn, Co. Chorcaí, a rugadh é (‘Owen’) ar 13 Nollaig 1891. Owen McKenna, sáirsint sa Chonstáblacht Ríoga, a athair agus ba í Hannah Mary Kelly ó Dhrom Sceiche, Mala, a mháthair. B’as Muineachán don athair agus d’éirigh sé as an bhfórsa agus ceapadh é ina bhainisteoir i ngnó guail Sutton i gCorcaigh. An gnó sin a thug an chlann go Béal Átha an Ghaorthaidh. Bhí ar a laghad beirt deartháireacha agus triúr deirfiúracha aige.

Bhí sé i Scoil Bhéal Átha an Ghaorthaidh ar feadh seacht mbliana. Chaith sé an tréimhse 1903-09 sa Mhainistir Thuaidh agus ghnóthaigh scoláireacht a thug go Coláiste na hEolaíochta i mBaile Átha Cliath é ar feadh trí bliana. Ghnóthaigh sé duais gach bliain. Fuair sé céim BA sa mhatamaitic agus san fhisic mhatamaiticiúil i 1912 agus MA i 1916 ó Ollscoil na hÉireann, agus B.Sc. (1919) agus M.Sc. (1924) ó Ollscoil Londan. Rinne sé cúrsa faoi Thadhg Ó Donnchadha (Torna) i gCorcaigh le haghaidh teastais Gaeilge. Idir 1912 agus 1920 chaith sé tréimhsí gairide ag múineadh sa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh, i gColáiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí, i gColáiste Sheosaimh i mBéal Átha na Sluaighe, i gColáiste na Toirbhearta i gCorcaigh, agus i gcoláiste in Greenock i nGlaschú. Ó 1920 go 1928 bhí sé ina léachtóir i gColáiste Teicneolaíochta Chathair Bhéal Feirste. Deirtear go bhfaigheadh cuid dá mhic léinn céad faoin gcéad sna scrúduithe. Bhí sé ina léachtóir seachtrach agus ina scrúdaitheoir i gColáiste na Ríona i rith an ama. Ceapadh é ina léachtóir i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe i 1928. Dúirt sé ina iarratas go raibh sé ag gabháil don Ghaeilge ó d’fhág sé Coláiste na hEolaíochta agus nár lig sé bliain thairis gan a théarma a thabhairt sa Ghaeltacht. Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge i nGaillimh agus bhí ina theachta acu ag Ard-Fheis 1931. Ceapadh é ina Ollamh le Matamaitic. Tuairiscíodh in An t-Éireannach 6 Aibreán 1935 go raibh bonn an Ollaimh Mhic Chionnaith le bronnadh ag an gCumann Éigse agus Seanchais i rith Sheachtain na Gaeilge. Bhí dlúthbhaint aige le cumann peile an Choláiste agus bhí sé ina uachtarán air ó 1928 amach (Comórtas Sigerson 1911-1963 le Pádraig Mac Diarmada).

Bhí sé pósta ar Gretta O’Reilly as Gránard, Co. an Longfoirt. Bhí beirt iníonacha acu ar dhuine díobh an t-aisteoir cáiliúil Siobhán Nic Cionnaith (24 Bealtaine 1923-16 Samhain 1986). Bhí cónaí air ag ‘Cúilín’, An Caisleán Nua, ag am a bháis, 29 Eanáir 1967, agus tá sé curtha i Rathún, Co. na Gaillimhe. Deir Micheál Ó hAodha (Siobhán: a memoir of an actress, 1994): ‘...and, as he wished, his coffin was carried to Rahoon on the shoulders of the great Galway footballers of the fifties and sixties, many of whom had known him as one of their greatest supporters in the Sigerson Cup and All-Ireland Championships’. Dúradh in Connacht Tribune 3 Feabhra 1967: ‘ [He] was responsible for the resurgence of Gaelic football throughout Connacht through the success of this club [Cumann Choláiste Ollscoile na Gaillimhe] whose teams and individual members won every honour possible down the years’. Bunaíodh comórtas Chorn Mhic Chionnaith i gcuimhne air. Bhí a dheirfiúr Máire Bríd pósta ar Sheán Shorten, Béal Átha an Ghaorthaidh, a bhí ar fhoireann peile Chorcaí a bhuaigh Craobhchomórtas na hÉireann i 1911 agus ar dheartháir é le Seoirse Shorten. Iníon deirféar le hEoghan is ea an staraí an tSiúr Benvenuta (Dr Margaret MacCurtain).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú