Bhí an matamaiticeoir seo ar dhuine de na léachtóirí ba thúisce a ceapadh i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe chun a bheith ag teagasc trí mheán na Gaeilge. Tá cuntas air in ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 19 Lúnasa 1960. B’as Cathair na Gaillimhe dó. Ar 30 Iúil 1910 a rugadh é (Martin Joseph Newell); claraíodh an bhreith ar 6 Lúnasa 1910 agus tugtar an dáta sin leis mar dháta breithe. Ba iad a thuismitheoirí Martin Newell, ‘merchant’ i Sráid Lombard, Gaillimh, agus Annie Corr. Cuireadh oideachas air i gColáiste Sheosaimh sa chathair. I 1926 bhain sé amach an chéad áit i gcomórtais scoláireachtaí Chomhairle an Chontae agus na hOllscoile araon. Bhain sé Duais Peel sa chéimseata an bhliain chéanna. Thuill sé scoláireacht taistil lena MSc i 1930. Chaith dhá bhliain i gColáiste Eoin, Cambridge, agus dhá bhliain ag múineadh i gColáiste Mhichíl i Lios Tuathail. Ceapadh é ina léachtóir le matamaitic i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe i gcomharbacht ar Eoghan Mac Cionnaith i 1935. Scríobh sé trí leabhar ar mhatamaitic agus thairg don nGúm iad. ‘The geometry text may have been too unconventional for An Gúm; it was never published. The most noteworthy book was the algebra text, Ailgébar Iolscoile, which appeared in 1947 and was used regularly thereafter by honours classes in UCG. It is an introduction to classical algebra, concisely and elegantly written, containing a wealth of information in a very condensed presentation.’ I gcomhar leis an Ollamh Micheál De Paor scríobh sé Nótaí ar Mhion-Áireamh. Bhí Gaeilge bhreá aige ach d’éirigh sé beagán bodhar. Leigheasadh an bhodhaire nuair a chuaigh sé faoi scian dochtúra. Ceapadh é ina ollamh le matamaitic i 1955. Ceapadh é ina bhall de Bhord Stiúrtha Scoil na Fisice Teoiriciúla (Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath) i 1950. Toghadh é ina uachtarán ar an gColáiste i 1960 i gcomharbacht ar Phádraig de Brún, post a raibh leisce air glacadh leis. Chuaigh sé chun cónaithe sa choláiste lena bhean Nóirín, a n-iníon agus a gceathrar mac (an méid sin thuas ó From Queen’s College to National University…, 1999 in eagar ag Tadhg Foley). Deir Seán Tobin i stair sin an Choláiste: ‘He had beautiful Irish but suffered from increasing deafness; this occasionally caused a great merriment in class when students tried to alert him to some slip in his work on the blackboard. In those days the staff wore black academic gowns, and he had a very ancient one, the tail of which he would seize and use when he could not spot the regular eraser; often in his haste he failed to spot the error and rubbed out the perfectly correct material.’ Ba í an iascaireacht slat an caitheamh aimsire ba rogha leis. Bhí sé ina chomhalta d’Acadamh Ríoga na hÉireann. D’éag sé ar 14 Deireadh Fómhair 1985. Bhí sé pósta ar Nora Winston as Co. Ros Comáin agus bhí cúigear clainne acu. Mac leis is ea an tOllamh Martin L. Newell, ball d’fhoireann peile na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Shinsearach na hÉireann trí bliana as a chéile.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú