Seo é an fear a chum ‘An Capaillín Bán’, ceann de na hamhráin a bhí i mbéal an phobail i dtús ré na hathbheochana agus go ceann i bhfad ina dhiaidh sin. I mBéal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 30 Nollaig 1878. Tábhaimeoir agus feirmeoir a athair Seán agus ba í Mairéad Ní Cheallacháin ó Chnocán a’ Bhóna i bparóiste Chill Gharbháin an mháthair. Bhí ceathrar deartháireacha aige agus triúr deirfiúracha. Tar éis bunscolaíochta i mBéal Átha an Ghaorthaidh chuaigh sé chuig an Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh. In 1894 bhuaigh sé bonn óir ar Ghaeilge i gceann de na scrúdaithe stáit. Fuair sé post i gcomhlacht Dowdall & O’Mahony sa chathair sin.

Bhí sé ar dhuine de cheannairí Chonradh na Gaeilge i gCorcaigh ó mhí Feabhra 1895 ar aghaidh. Bhí sé i gceannas buíon foghlaimeoirí (Irisleabhar na Gaedhilge 1 Aibreán 1895), scéal chath Chéim an Fhia á insint aige babhta eile (ibid 1 Deireadh Fómhair 1895), é i láthair ag comhdháil i dTrá Lí thar ceann Chorcaí, é ag tacú leis an gConradh i nGabhgán Barra ag cruinniú san áit sin ar 21 Meitheamh 1896. Foilsíodh óráid a thug sé uaidh mar chuid de chómoradh ’98 i gCorcaigh in Fáinne an Lae 23 Iúil 1898. Ag pointe éigin fuair sé post i Londain. Tá tagairt san iris chéanna 4 Feabhra 1899 do scoraíocht i gCraobh na Fáschoille mar ar cuireadh in aithne ‘Mr George Shorten of Inchigeela, late hon. Sec. to the Cork Co. Committee of the Gaelic League’. Ba ar éigean Londain sroichte aige: ‘The chair was admirably filled by Mr George Shorten and in the mellifluous and idiomatic style peculiar to West Cork and Kerry he delivered an exceedingly able and eloquent speech eulogising the work of the the Gaelic League in London as well as in Ireland and condemning the presumptuous attitude of those witnesses before the Intermediate Commission who, while ignorant of the Irish national language as it is spoken, took on themselves to decry its teaching’.

Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 22 Aibreán 1899 gur aistríodh go Learpholl é. Thuairiscigh an páipéar ar 9 Meán Fómhair 1899 gur toghadh é ina chomhrúnaí ar chraobh an Chonartha ann.

Níorbh fhada ann é nuair a fuair sé litir óna athair i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus scéala báis an Chapaillín Bháin inti. Chuir sé véarsaí abhaile chuig an athair agus thaispeáin seisean iad do Thadhg Ó Scanaill (1870–1939), máistir scoile Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Chuir Tadhg chuig Tadhg Ó Donnchadha iad agus is ar an gcuma sin a foilsíodh ‘An Capaillín Bán’ in An Claidheamh Soluis 25 Samhain 1899. Chaith sé an Nollaig sa bhaile agus dúirt an t-amhrán nua ag cruinniú de Chraobh Bhéal Átha an Ghaorthaidh 27 Nollaig (ibid 13 Eanáir 1900). In The Southern Star 7 Nollaig 1957 scríobh Peadar Ó hAnnracháin: ‘He later published for private circulation his Eachtraí an Chapaillín Bháin. These include (1) the original song in the form of a preface and (2) a ballad of 18 verses descriptive of a most uncommon but successful journey made by that wonderful animal, harnessed to a cart, from Béal Átha an Ghaorthaidh to Maigh Chromtha, without a guide or driver, and of her safe return to the village but on the return journey the cart was laden with five tierces of porter’. Ba é fáth an turais buachaillí aimsire mhuintir Shorten a bheith tinn. Deir Peadar go raibh 103 véarsa sa tsaothar agus tuairimíonn gur chuid díobh a bhuaigh duais Oireachtais do Sheoirse i 1939.

Chaith sé tréimhse i nGlaschú idir Meitheamh 1900 agus Aibreán 1901. Roimh dheireadh na bliana sin bhí sé ar ais i gCorcaigh agus é ina rúnaí ag Craobh Chorcaí. D’aistrigh sé arís go Learpholl agus bhí an píosa seo in An Claidheamh Soluis 18 Eanáir 1902: ‘The Cork branch has just suffered a severe loss in the resignation of its secretary Mr George Shorten. A few months since at the annual election of officers, the office of honorary secretary went a-begging, and after a while Mr Shorten stepped into the breach. A happier chance could not have happened to the branch. A fluent and native speaker of Irish, a man of education, method and business habits, and a gentleman whose courtesy and charm of manner endeared him to all with whom he came in contact....’

Tá an méid seo ag Peadar Ó hAnnracháin in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘Sa Státseirbhís a bhí Seoirse agus chuaigh sé anonn go Sasana, ach lean sé dá ghnó mar Chonraitheoir i ngach áit ina raibh sé’. Agus deir sé in The Southern Star: ‘The impish humour of this account of his father’s horse by a Civil Servant of sound Irish views was much appreciated’. Ceart go leor chuirfeadh na haistrithe sin idir Londain, Learpholl, Glaschú agus Corcaigh post oifigigh custaim agus máil i gceann duine. Ach is dóigh lena mhuintir (Meán Fómhair 1992) gur mar iompórtálaí éanlaithe clóis thar ceann Dowdall & O’Mahony a bhí sé ag obair ar feadh an ama go léir. Phós sé Grace Scott (Ní Chuimín) agus bhí triúr iníonacha acu. Fuair sé bás 29 Samhain 1957 agus tá sé curtha i Reilig Pheadair is Phóil i Learpholl.

Is beag a scríobh sé. Bhí aiste aige faoin ainm cleite ‘Slibire Fir’ in Irisleabhar na Gaedhilge, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1907. Fuair a dheartháir Seán duais an Chliabhraigh i 1900 agus bhí sé ina chomhrúnaí ag Feis Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Bhí post aige i gComhairle Contae Chorcaí agus scríobhadh sé aistí Gaeilge. Bhí sé ar fhoireann peile Chorcaí a bhuaigh Craobh na hÉireann 1911. Phós sé Máire Bríd Nic Chionnaith, deirfiúr an Ollaimh Eoghan Mac Cionnaith agus aintín an aisteora Siobhán Nic Chionnaith. Deartháir eile a luaitear sna hirisí i dtús an chéid is ea Richard. Bhí seisean ag obair i Londain agus bhí ina bhall den Chonradh ann agus bhíodh i bhfeighil ranga. In An Claidheamh Soluis 31 Eanáir 1903 deirtear go raibh ról aige sa dráma Lá na nAmadán ach gur ghairid go bhfágfadh sé Londain mar go raibh post faoin gConradh faighte aige i Loch Garman. Fuair an Risteárd seo bás go hóg. ‘Provision agent retired’ an cur síos a bhí ar a theastas báis.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú