Ó DUINNÍN, Eoghan (1913–2003)

Ghlac an fear seo páirt i gCogadh Cathartha na Spáinne i 1938 agus scríobh La Nina Bonita agus An Róisín Dubh: cuimhní cinn ar Chogadh Cathartha na Spáinne, 1986 a d’fhoilsigh An Clóchomhar. Tá cuntas iarbháis in Irish Times 9 Lúnasa 2003 agus gheofar tagairtí dó ag Seán Ó hEidirsceoil, Manus O’Riordan agus Gustav Klaus in Strong Words Brave Deeds: the Poetry, Life and Times of Thomas O’Brien, Volunteer in the Spanish Civil War, 1994 in eagar ag H Gustav Klaus. I mBaile Átha Cliath a rugadh é 13 Meán Fómhair 1913 agus chaith sé a óige ina chónaí ag 2 Sráid Mhic Dhuibh (Cuffe) sa chathair sin; d’aistrigh an teaghlach ar ball go Bóthar Loch nEathach, Tír an Iúir. Garraíodóir ba ea a athair, Patrick Downing; b’as Lios an Phúca, Co. Chiarraí, dó agus bhí spéis aige san iomáint agus sa pheil. Bean fuála agus gúnadóir a mháthair, Teresa Murphy, agus is i gContae Cheatharlach a rugadh í. Bhí an bheirt acu ina mbaill de Chonradh na Gaeilge agus dúil acu sna rincí céilí. Ba é Eoghan an dara duine ba shine de cheathrar, beirt bhuachaillí agus beirt chailíní. Bhí a uncail Greg Murphy san Éirí Amach i 1916. Bhí sé ar scoil ag mná rialta i Sráid Clarendon, ag na Bráithre Críostaí i Sráid Phroinsias, agus i gCeardscoil Sráid Chaoimhín. Chuirtí siar go Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, é tharla aithne ag a mhuintir ar theaghlach i nDroichead na hInse arbh as an áit sin dóibh. Is léir ar a bhfuil scríofa aige sa leabhar thuas go ndeachaigh a mhúinteoir Gaeilge sa cheardscoil, Tadhg Mac Fhirbhisigh , i gcion air. Chuaigh sé le Marxachas go hóg ina shaol tar éis dó leabhair le Lenin, Bukharin agus Séamas Ó Conghaile a léamh agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Pháirtí Chumannaigh (Revolutionary Workers’ Groups) i 1933. Bhí baint aige le ‘Feachtas na Siopaí Bágúin’ nuair a bhí na húinéirí ag iarraidh ceardchumann comhlachta a bhunú, agus gearradh mí príosúnachta air (nó fíneáil £5.10.0) i ngeall ar a bheith i bpicéad taobh amuigh de shiopa díobh 5 Eanáir 1935; níorbh acmhainn d’aon duine de lucht an phicéid an tsuim sin a íoc.

Bhí cáilithe mar leictreoir aige i Sráid Chaoimhín ach bhí poist gann. Le linn dó a bheith gafa le polaitíocht na heite clé d’éirigh sé eolach ar chúrsaí clóscríbhneoireachta agus clódóireachta, rud a chabhródh leis ar feadh a shaoil. I Márta 1938 nuair a bheartaigh sé ar liostáil sa Chathlán Briotánach den Bhriogáid Idirnáisiúnta chun cabhrú le Poblacht na Spáinne in aghaidh Franco is é a dúirt sé lena mhuintir gur ar na ráiseanna in Aintree a bhí a thriall. I ndiaidh Cath an Ebro b’éigean cuid dá chos chlé ón nglúin anuas a theascadh agus d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath um Nollaig 1938. B’éigean dó dul go Londain go luath ina dhiaidh sin chun a thuilleadh ama a chaitheamh in ospidéal. Chaith sé tamall ag obair do chumann cabhrach na Briogáide Idirnáisiúnta sular thosaigh sé ag déanamh rúnaíochta do choláiste comhfhreagrais. B’fhéidir a rá go raibh an chéad phost seasta aige i gcomhairle contae Middlesex. Ar ais i mBaile Átha Cliath dó i 1946 bhí sé ag obair do Tom O’Brien, iarbhall den Bhriogáid Idirnaisiúnta, an fear a bhunaigh an comhlacht foilsitheoireachta O’Brien Press. Ar feadh dosaen bliain bhí leabharlann taistil á reáchtáil aige, leabhair á ligean amach ar cíos aige. Nuair a theip ar an ngnó sin agus ar sheirbhís chlóscríbhneoireachta chuaigh sé go Londain arís agus chaith ceithre bliana ag obair don chomhlacht scannánaíochta United Artists, agus a raibh fágtha dá shaol oibre, anuas go 1978, mar chléireach in British Gas. Bhíodh ailt i gcló in Inniu aige i dtaobh chúrsaí a shaoil. D’fhoilsigh sé leabhrán, Gaeilge i bpáirc na himeartha, abairtí a chabhródh leis an lucht féachana i bPáirc an Chrócaigh. Bhíodh aistí grinn aige in Ireland’s Own. Bhí leabhar scríofa aige i nGaeilge ar shaol Londan le linn an chogaidh ach ní cosúil gur chuir sé chuig aon fhoilsitheoir é. D’éag sé 25 Iúil 2003. Whitethorn, Baile an Loig Íochtarach, An Chrois (nó Móin an Bhealaigh mar a thugtar air sa bhfógra báis), Co. Chill Mhantáin, a sheoladh ag an am. Níor phós sé.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú