Rugadh tuairim 1897. Múinteoir i Scoil an tSléibhe Riabhaigh, Baile Bhuirne. File de chuid na Dámhscoile é seo freisin. Múinteoir Sheáin Uí Ríordáin: ‘Chomh fada leis na múinteoirí, idir bhráithre is thuataí [sa Mhainistir Thuaidh], is follas go mba mhó scáth Thaidhg Uí Dhuinnín an tSléibhe Riabhaigh ar a aigne ná éifeacht aon duine a bhí anseo aige’ (Seán Ó Coileáin, Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982). Aint dó ba ea máthair Amhlaoibh Uí Loingsigh, scéalaí. D’éag 25 Nollaig 1934.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú