Duine tábhachtach é i stair Chomhaltas Uladh agus bhí sé ina uachtarán ar Oireachtas 1970. Tá eolas ina thaobh le fáil in Seanchas Clainne: Aodh Ó Coirbhin agus a mhuintir, 2003 lena iníon Aedín Ní Choirbhin, i gcuntas le Liam Mac Reachtain in Inniu 10 Deireadh Fómhair 1975 agus i dtuairisc a bháis in Irish News and Belfast Morning News 29 Meán Fómhair 1975. ‘Iar-Uachtarán an Oireachtais a bhí ann ach thar gach rud eile ba doiligh Comhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge a lua gan ainm Aoidh a nascadh leis…. Is beag duine a raibh aon bhaint bheag ar bith aige le cúrsaí na Gaeilge sa Tuaisceart nach raibh aithne aige nó aici ar Aodh Ó Coirbhin a cailleadh cúpla seachtain ó shin’, a deir Mac Reachtain . ‘One of the best-known champions of the Irish-Ireland movement in the North’ an cur síos air in Irish News.

‘Ó Corra’ agus ‘Ó Corrabháin’ ba shloinne dá mhuintir tráth, deir a iníon. Ach duine de na Bráithre Críostaí a thug ‘Ó Coirbhin’ ar Aodh agus é ina bhuachaill scoile. ‘Ó Coirbhín’ atá ag Seán de Bhulbh agus ag Muiris Ó Droighneáin. Níl Corvan ná Corvin ná Ó Coirbhin liostaithe ag MacLysaght, cé go bhfuil Ó Corra aige. Bhaineadh Aodh úsáid as na leaganacha Gaeilge agus Béarla; tá an dá leagan sna fógraí báis san Irish News.

I bparóiste Naomh Pól, Béal Feirste, a rugadh Aodh (Hugh Cristopher) 25 Nollaig 1899. Ball den Chonstáblacht Ríoga a athair Peter agus ba í a mháthair Lúsaí Ní Mhaonaigh ó Dhroim Bearach, Co. an Dúin. I 1906 rinneadh sáirsint den athair. Ba é Aodh an tríú duine de chúigear clann, ceathrar buachaillí agus cailín. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Harding, Béal Feirste, agus is ann a adhnadh a spéis sa Ghaeilge agus sa phoblachtachas. Bhí sé ina bhall de Chraobh Oisín de Chonradh na Gaeilge agus d’imríodh peil agus iomáint leis an gCraobh Rua de Chumann Lúthchleas Gael. Thug scoláireacht é chuig Cloch Cheann Fhaola ar feadh míosa.

D’éirigh leis post státseirbhíse a fháil de thoradh scrúdaithe agus is go dtí oifig Bhord na gCeantar Cúng i mBaile Átha Cliath a seoladh é. Ba ghairid go raibh sé ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh den Chonradh, de na Fianna agus de Club Lorcáin Uí Thuathail de Chumann Lúthchleas Gael. Bhí sé réidh le páirt a ghlacadh in Éirí Amach na Cásca ach nuair a tháinig orduithe cealaithe Eoin Mhic Néill d’imigh sé ar saoire go Béal Feirste. I 1917 aistríodh é go dtí Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i nGaillimh. Bhí sé ina bhall de na hÓglaigh agus bhí rannpháirteach i bhfogha a tugadh faoin oifig sin. Claud Chavasse a bhronn an Fáinne air agus arís bhí baint aige le himeachtaí an Chonartha sa chathair. Buaileadh breoite é agus b’éigean dó leathbhliain a chaitheamh sa leaba ar ais i mBéal Feirste. Bhí beagán d’iarsma an tinnis sin air i rith a shaoil. Fágadh ag obair in oifig na gCoimisinéirí ansiúd é agus ba ghairid go raibh sé gníomhach arís sna hÓglaigh, é ina cheathrúnach ag Briogáid Bhéal Feirste sa deireadh. ‘Ina mháistir ceathrúin ar an 3ú Cathlán Tuaisceartach’ a deir Mac Reachtain. Bhí dhá rang de chuid an Chonartha á stiúradh aige i rith an ama. Bhí sé ar dhuine den bheirt cheannairí sa chathair a dhiúltaigh glacadh leis an gConradh Angla-Éireannach i 1922 (Northern Divisions: the Old IRA and the Belfast Pogroms, 2001 le Jim McDermott). D’fhág sin go raibh sé dealaithe amach óna dheartháir go ceann i bhfad.

Ceann d’iontais a scéil ní hamháin gur éirigh leis a phost státseirbhíse a choimeád ach i dtús 1923 gur éirigh leis sna scrúduithe i gcomhair cigirí cánach. Míniú air sin is ea gur Chaitlicigh formhór na bpóilíní sa chuid sin den chathair agus go raibh comhbhá acu le hathair Aoidh. Ach is go díreach ag an bpointe sin i 1923 a gabhadh é agus a seoladh é go dtí campa géibhinn i Latharna. Toghadh é ina chinnire ar bhuíon De Valera ansiúd. I ndiaidh ceithre mhí aistríodh é go Príosún Dhoire. Chuir sé lena eolas ar an teanga ansiúd de bharr Tóraidheacht na bhFireun ar Lorg ChríostaDhónaill Uí Thuathail a bheith á shíorléamh aige. Cuireadh chun tosaigh é mar iarrthóir de chuid Sinn Féin i mBéal Feirste Thuaidh in olltoghchán 1924 agus, cé gur labhair an Chuntaois Markievicz thar a cheann, ní bhfuair sé ach ceithre faoin gcéad den vóta. Scaoileadh saor é ar 24 Nollaig 1924. Nuair nár cuireadh coir ar bith ina leith bhí sé i dteideal leanúint air sa státseirbhís. Ach ní raibh sé sásta mionn dílseachta a thabhairt. Chuir sé féin agus a chara poblachtach Paddy Thornbury an phairtnéireacht Corvin & Thornbury, comhairleoirí cánach, ar bun. Chaith sé ó Mheitheamh 1925 go hEanáir 1926 ar ais arís i bpríosún Dhoire.

Toghadh é ina rúnaí ar Choiste Ceantair Bhéal Feirste, Conradh na Gaeilge, tar éis do Sheán Mac Maoláin éirí as an gcúram sin. Chaith sé ceithre bliana ina chathaoirleach ar Bhord Chontae Aontroma de Chumann Lúthchleas Gael agus bhí baint aige le ceannach agus forbairt Pháirc Mhic Easmainn, Béal Feirste; chuir sé isteach ar phost ardrúnaí an Chumainn i 1929 ach, cé go bhfuair sé an marc ba airde sa scrúdú scríofa, is do Phádraig Ó Caoimh [B5: 290] a tugadh an post. Bhí sé ina rúnaí ar Chomhaltas Uladh ar feadh cuid mhaith de na 1930idí, é ina uachtarán 1937-41 agus ina chisteoir ar feadh 16 bliain. Rinne sé a dhícheall chun airgead a bhailiú do chleithiúnaithe na bpoblachtach a bhí i ngéibheann ó thuaidh; chuige sin bhí sé ina bhall bunaidh de Chumann na Croise Glaise sna luathfhichidí agus ba é a d’athbheoigh é chun cúnamh a thabhairt i rith 1939-45.

Phós sé Colette Ní Mhaoláin, dalta ina rang Gaeilge, i 1931 agus thóg siad a gceathrar páistí le Gaeilge. Chaitheadh siad saoire an tsamhraidh i nGaoth Dobhair. Toghadh é ina uachtarán ar Oireachtas 1970. D’éag sé ar 25 Meán Fómhair 1975. Bhí cónaí air in Ard Mhic Nasca ó d’éirigh sé as cúrsaí gnó. Tá sé curtha i reilig Bhaile an Mhuilinn. Mac leis Dioraí Aodh Ó Coirbhin a bhí ina rúnaí/sparánaí i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú